Cuireann tú ‘dua’ ort féin leabhar Gaeilge a léamh, is bocht an meon é sin…

Léifidh muid an t-ábhar Béarla faoi chúrsaí Gaeilge níos gaiste ná an t-ábhar Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge, ach b’fheidr go n-athródh cnuasach dátheangach gearrscéalta an meon sin

JoeSteve-6122
Tá Joe Steve Ó Neachtain ar dhuine de na húdair a bhfuil cuid dá shaothar aistrithe sa leabhar Caillte i gConamara

Cúig ghearrscéal ag cúigear fear as Conamara. An bhfuil na huimhreacha chomh simplí leis sin? Cúig scéal i nGaeilge agus aistriúcháin Bhéarla leo. 10 scéal, ar dhóigh, mar sin. Tá, cinnte, cúigear údar ann ach tá meitheal aistritheoirí ag cuidiú leo fosta; tá daoine ag baint feamainne ina gcuideachta cois farraige.

Scéal faoi na scéalta – caithfidh tú an leabhar a thiontú bun os cionn agus droim ar ais leis na scéalta a léamh i gceann amháin de theangacha oifigiúla na hÉireann. Is cuí sin, nach ea? Sin an caidreamh idir scríbhneoireacht na Gaeilge agus an Bhéarla – bun os cionn agus droim ar ais – iomrascáil na dtéacsanna.

Is beag duine le Gaeilge nach n-aithneoidh na húdair: Pádraic Ó Conaire; Máirtín Ó Cadhain; Pádraic Breathnach; Joe Steve Ó Neachtain agus Micheál Ó Conghaile. Is fiú na scéalta a léamh ar bhonn an-simplí amháin; tá litríocht iontu. Corraíonn siad thú; tugann siad ort machnamh a dhéanamh ar chás an duine, ar chás an duine aonair atá caillte i measc an chine dhaonna. Amharc fosta go bhfuil traidisiún beo scéalaíochta ann. Tá beirt de na húdair ar shlí na fírinne ach tá triúr beo leo – 100 bliain de ghearrscéalta le fáil ag cúigear údar. Níl sin ró-olc ag cultúr agus ceantar ar an imeall; cultúr agus ceantar nach mbíonn aird ag na meáin mhóra orthu.

Cad chuige a bhfuil aistriúcháin ann? Tuigeann muid go díreach an chúis leis sin – aird phobal an Bhéarla a mhealladh. Intuigthe go maith. Seans, fiú, gur túisce a léifidh lucht na Gaeilge an t-ábhar i mBéarla ná na buntéacsanna Gaeilge? Agus lucht an Bhéarla féin? Déarfainn go bhfuil go leor anseo atá sainiúil, go leor atá nua, le preab a bhaint astu. Lón stairiúil machnaimh atá le fáil in Ó Conaire agus Ó Cadhain agus aithneoidh léitheoirí an lae inniu na téamaí comhaimseartha atá faoi chaibidil go cumasach ag Breathnach, Ó Neachtain agus Ó Conghaile triúr. (Moltar fosta réamhrá Uí Chonchubhair.)

Creideann Dubravka Ugresic, údar ón iar-Iúgslaiv atá i muinín an aistriúcháin dá saothar, creideann sí: “The platitude about literature knowing no borders isn’t one to be believed. Only literatures written in major languages enjoy passport-free travel.” Seo, mar sin de, an pas do thoirtín beag na litríochta Gaeilge agus beannacht an Bhéarla leis.

Tuilleadh uimhreacha. Cúig scéal agus dhá chomhrá. Cinnte, is míle trua – uimhir eile – nach gcuireann níos mó de lucht na Gaeilge an trioblóid orthu féin Gaeilge a léamh. Trioblóid? Cad é a déarfadh Freud faoi sin? Nach bhfuil mé díreach i ndiaidh mo réamhchlaontaí féin a léiriú? Trioblóid atá ann leabhar Gaeilge a léamh. Cuireann tú dua ort féin leabhar Gaeilge a léamh. Is bocht an meon é sin ar léirmheastóir ach nach é sin go díreach an meon a bhíonn ar lucht na Gaeilge? Léifidh muid an t-ábhar Béarla faoi chúrsaí Gaeilge níos gaiste ná an t-ábhar Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge. Is fearr linn go mór Gaeilge a labhairt ná a léamh agus b’fhéidir go bhfuil a rian sin le sonrú in ainm an leabhair féin – Caillte i gConamara. Caillte?! I do cheantar coimhthíoch féin, i do theanga thubaisteach féin.

B’fhéidir go spreagfadh an leabhar beag seo athrú meoin de chineál éigin? B’fhéidir gur mhó aird a bheadh ag lucht na Gaeilge ar théacsanna Gaeilge ach díol cúpla míle cóip a bheith ar na haistriúcháin Bhéarla? Ag Ugresic an focal scoir: “Every translation is a miracle of communication, a game of Chinese Whispers, where the word at the start of the chain is inseparable from that exiting the mouth of whomever is at the end.”

Fáilte roimh mhíorúilt.

– Caillte i gConamara: scéalta aniar, arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair, Cló Iar-Chonnacht, €12

Fág freagra ar 'Cuireann tú ‘dua’ ort féin leabhar Gaeilge a léamh, is bocht an meon é sin…'

  • Feardorcha

    Bhfuil sé go maith, mar sin? Go maith, an bhfuil sé?