Cuireann liosta ‘Beautifully Sweary Scottish Gaelic Insults’ fonn eascainí ar lucht teanga

Tá olc ar chainteoirí Gáidhlig agus iad den tuairim gur masla ar an teanga liosta ‘Gaelic Insults’ a foilsíodh ar Buzzfeed.com

Ceannline

Tá Buzzfeed.com tar éis olc a chur ar chainteoirí Gáidhlig, a léirigh a míshásamh ar na meáin shóisialta faoi alt a foilsíodh inné ar an suíomh faoin teideal ‘18 Beautifully Sweary Scottish Gaelic Insults Everyone Needs In Their Life’.

Ba í an saoririseoir Nina Glencross, atá lonnaithe i nGlaschú, a chuir an liosta 18 eascaine agus mallacht le chéile don suíomh.

Ach tá olc ar chainteoirí Gáidhlig ar Twitter agus ar Facebook agus iad den tuairim nach bhfuil ar an liosta ar Buzzfeed.com ach eascainí Béarla ar cuireadh trí inneall uathoibríoch aistriúcháin ar líne.

Bod ceann

Is éard atá san alt féin ná sraith pictiúr ar a bhfuil an leagan ‘Gáidhlig’ i gceannlitreacha i lár an phictiúir agus an leagan Béarla i mionlitreacha thíos faoi.

I measc na leaganacha atá san alt tá ‘clag deireadh’ (clog deiridh) ar ‘bellend’ an Bhéarla agus ‘chrìochnaich fhaighean’ (faighin chríochnaithe) ar ‘total c*n*’.

Is cosúil go bhfuil cuid de na heascainí agus mallachtaí ceart san alt, leithéidí ‘pòg mo thòin’, ‘cliospairneach’ (bod) agus ‘magairlean’ (magairlí), cé nach eascainí ná mallachtaí i ndáiríre iad.

Criochnaich fhaighean

Tá tráchtanna i mBéarla fágtha ag bun an ailt ar an suíomh, ina measc:

These are word-for-word translations of English idioms with no regard for Gaelic grammar or, you know, what people actually say. BS.”

“Most of these are completely ungrammatical…Gaelic has loads of funny swears, none of which are on here. This is just pish…

“Stop using Gaelic to boost your hits when you can’t even afford it the respect of getting it right.”

Agus:

“This is Google translate nonsense. Stop insulting my language.”

Ba i nGáidhlig agus i mBéarla araon a rinneadh an cáineadh ar Twitter.

Dúirt eagarthóir na hAlban ag Buzzfeed, Hilary Mitchell, le Tuairisc.ie gur “alt éadrom” a bhí ann agus go raibh fáilte roimh smaointe d’ailt eile ón bpobal Gáidhlig.

“’18 Beautifully Sweary Scottish Gaelic Insults Everyone Needs In Their Life’ is a light-hearted post that includes both traditional Gaelic insults alongside direct translations of well known Scottish swear words. We’re always happy to receive pitches from members of the Gàidhlig community who would like to contribute to BuzzFeed,” a dúirt Mitchell.

Fág freagra ar 'Cuireann liosta ‘Beautifully Sweary Scottish Gaelic Insults’ fonn eascainí ar lucht teanga'

  • Fergal Jennings

    Nach iontach ar fad gur ghlac gach éinne masla sna h-aistriúcháin díreacha? Ach an bhfuil difríocht ar bith idir ‘bod cheann’ agus ‘logáil isteach i do phróifíl’?

    Dá mbeadh fonn orm féin cur síos ar dhuine, agus an nath cainte sin ar intinn agam, déarfainn ‘clogad’ nó ‘pleota” ach tá ‘bod cheann’ cloiste agam níos mó ná an t-aon uair amháin. Tá a leithead focal ann sa chaint. Is focal sráide é agus (is trua) é cruthaithe ar aon dul le nathanna cainte oifigiúla. Ní thaithníonn sé liom ach sin an saol atá ag teanga. Faigh thar é! Níl údarás teanga ar domhain a bhíonn sásta le fhoclóir a lucht cainte.

    In áit masla a ghlacadh, ba cheart dúinn breathnú ar ár dteach féin. Tá tionchar ollmhór ag an mBéarla ar an nGaeilge oifigiúla freisin.

  • Fergal Jennings

    brón orm – “oifigiúil”