Cuireann breis is 400 duine lámh ina mbás féin gach bliain. An cuma leis an Rialtas?

An amhlaidh go bhfuil an rialtas ag rá nach tosaíocht acu é dul i ngleic le fadhb a fhágann breis agus 400 duine marbh gach bliain?  Agus más amhlaidh, ná habair nár cheart dom fearg a bheith orm faoin méid sin

depression

Aon duine a bhfuil Facebook aige in Éirinn tuigeann sé go bhfuil fadhb againn. Feiceann siad na pictiúir úd de dhaoine, fir óga a bhformhór, ag gáire lena gcairde. Pictiúir atá dorcha ach spleodrach, a glacadh ar oíche amuigh, atá iontu den chuid is mó. Faoi na pictiúir sin bíonn an teachtaireacht chéanna i gcónaí ann. Ar iarraidh. An bhfaca éinne an duine seo? Eolas á lorg ag na gardaí faoin duine seo? Duine atá imithe gan tásc gan tuairisc. Agus gach seans faraor go dtiocfaidh na gardaí ar a chorp in abhainn éigin in aice láimhe luath nó mall.

Fiú mura bhfuil na pictiúir úd feicthe agat tá aithne ag gach aon duine in Éirinn ar dhuine a chuir lámh ina bhás féin, aithne phearsanta nó aithne acu ar chairde nó gaolta an duine sin. Is eipidéim é an féinmharú – fadhb mhór na hÉireann nach ndéantar dóthain cainte faoi. Fadhb í a thugann léi breis agus 400 duine gach bliain. Eipidéim é nach bhfuil an rialtas sásta tabhairt faoi i gceart.

Ní hé seo an chéad uair a raibh fadhb mhór ag muintir na hÉireann a fhágann na céadta marbh. In 2002 fuair 372 duine bás ar na bóithre in Éirinn agus glacadh leis nach raibh sé sin ceart. Idir 2002 agus 2012 caitheadh na billiúin ar bhóithre na hÉireann chun iad a uasgrádú, tugadh isteach dlíthe níos doichte faoi chúrsaí tiomána agus cuireadh feachtas náisiúnta, faoi stiúir daoine ar nós Gay Byrne, ar siúl go dtuigfeadh daoine cé chomh dainséireach agus a bhí na bóithre. D’éirigh go geal leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus tá líon na marbh tite ó 372 in 2012 go 166 in 2015.  

Tá obair na gcapall déanta acu agus d’ólfainn sláinte éinne a raibh baint acu leis an scéal sin dá gcasfaí orm iad.

Nár cheart dom mar sin fearg a bheith orm nuair a fheicim an cur chuige atá ag an stát agus an rialtas maidir le sláinte intinne, cur chuige atá éagsúil ar fad le scéal na mbóithre? Nár cheart fearg a bheith orm gur chuir 478 duine lámh ina mbás féin in 2002 agus gur 459 a bhí ann in 2014? Nár cheart fearg a bheith orm gur bhain an rialtas seo airgead de bhuiséad na seirbhísí sláinte intinne in áit cur leis? Nár cheart fearg a bheith orm nach raibh sé fiú de bhéasa ag formhór ár dTeachtaí Dála freastal ar an díospóireacht a bhí ann faoi chúrsaí meabhairshláinte sa Dáil le déanaí? Nár cheart fearg a bheith orm ag breathnú ar dhíospóireacht Dála faoi fhadhb a mharaíonn breis is 400 duine gach bliain agus formhór na suíochán Dála folamh?

Tuigim go mbíonn Teachtaí Dála gnóthach, go mór mór agus gan aon rialtas ann. Tuigim go bhfuil obair eile le déanamh acu ach más chun leas phobal na hÉireann a toghadh iad ar an gcéad dul síos ní thar mholadh beirte a bhí siad i mbun an chúraim sin an lá eile. Tá teachtaireacht shoiléir á tabhairt acu: gur cuma leo faoin sléacht seo, go bhfuil siad sásta ligean do bhreis agus 400 duine bás a fháil gach bliain, go bhfuil siad sásta go mbeadh ar dhuine fanacht ocht seachtaine chun síceolaí a fheiceáil, fiú agus bagairt féinmharaithe ar an duine sin.

Is cinnte nach suim bheag airgid €12 milliún agus is cinnte go bhfuil áiteanna eile sna seirbhísí sláinte a bhainfeadh tairbhe as €12 milliún. Ach nuair a aistríonn an tAire Sláinte €12 milliún ó bhuiséad na seirbhísí sláinte intinne, is léir go bhfuil tosaíochtaí áirithe aige agus nach bhfuil na seirbhísí sláinte intinne i measc na dtosaíochtaí sin.

Ag deireadh an lae, ba chuma cé mhéad Teachta Dála a d’fhreastail ar an díospóireacht. Ag deireadh an lae, braitheann an scéal seo ar cad iad na tosaíochtaí atá againn. An amhlaidh go bhfuil an rialtas ag rá nach tosaíocht dóibh é dul i ngleic le fadhb a fhágann breis agus 400 duine marbh gach bliain? Agus más amhlaidh, ná habair nár cheart dom fearg a bheith orm faoin méid sin.

Fág freagra ar 'Cuireann breis is 400 duine lámh ina mbás féin gach bliain. An cuma leis an Rialtas?'

  • Seán Ó Floinn

    Ba cheart duit na figiúirí san alt a chur i gcomhthéacs tíortha eile – an ráta ard é 400 in aghaidh na bliana i gcomparáid le tíortha?

    Ní féidir leis an rialtas mórán a dhéanamh – leanfadih daoine orthu ag cur lámh ina mbás féin ar chúiseanna nach féidir le seirbhísí rialtais faic a dhéanamh fúthu.

  • Gregory Garstin

    Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le cuid A