Cuireadh do Gregory Campbell freastal ar an Gasyard Féile i ndiaidh ‘caint mhaslach’

Ag scríobh dó ar a leathanach Facebook, thug Campbell ‘Gasyard Failure’ ar an bhféile agus rinne sé cur síos magúil ar chlár na féile

Cuireadh do Gregory Campbell freastal ar an Gasyard Féile i ndiaidh ‘caint mhaslach’

Tá cuireadh tugtha do Gregory Campbell, freastal ar an Gasyard Féile i nDoire i ndiaidh don MLA ón DUP a bheith ag magadh faoi chlár agus faoi theideal na féile pobail. Mhaígh Campbell ar na meáin shóisialta gur “teip” a bhí san fhéile ar thug sé an ‘Gasyard Failure’ uirthi.

Ní hí seo an chéad uair do Campbell a bheith i mbun scigmhagaidh faoi fhocail Ghaeilge.  Bhí conspóid mhór ann nuair a rinne sé scigaithris ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’ i gComhthionól Stormont in 2014. “Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireachta i Stormont.

Bíonn an Gaslight Féile ar siúl gach bliain ar Thaobh an Bhogaigh agus Tobair an Fhíoruisce sa chathair, agus bíonn imeachtaí sóisialta, cultúrtha, polaitíochta, ceoil agus drámaíochta ann.

Ag scríobh dó ar a leathanach Facebook, thug Campbell ‘Gasyard Failure’ ar an bhféile agus rinne magadh faoin taispeántas de ghrianghraif de Martin McGuinness, nach maireann, a bheidh mar chuid de chlár na bliana seo. Thagair sé go magúil chomh maith d’imeacht polaitíochta ag a mbeidh an polaiteoir George Galloway ag labhairt.

“The Gasyard failure should be a real bundle of laughs this year. First Marty’s photos (don’t know if there will be the obligatory warning at start in case those of a nervous disposition are viewing) then the serial election loser George (the cat) Galloway. Roll up, roll up get your tickets please!” a scríobh sé.

Is iad muintir McGuinness atá ag cur an taispeántas grianghraf i láthair, pictiúir a léireoidh saol an fhir a bhí ina cheannaire ar an IRA agus ina LeasChéad-Aire ar Thuaisceart Éireann ina dhiaidh sin.

Dúirt lucht eagraithe na Féile go raibh “díomá” orthu faoi chur chuige Campbell agus go raibh an méid a dúirt sé “mí-aibí”.

“Agus é ina Aire Cultúir thacaigh Gregory go mór linn agus, déanta na fírinne, bhí sé ar dhuine de na haoichainteoirí a bhí againn san am a chuaigh thart. Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh Gregory breith ar a chiall maidir leis an meon Caitliceach, Protastúnach, Poblachtach, Aontachtach.

“Dá bhféadfadh Gregory breathnú ar shaol Martin agus foghlaim uaidh, is oscailte agus is tuisceanaí i bhfad an duine a bheadh ann,” a dúirt Linda McKinney agus í ag tabhairt “cuireadh oscailte” don bpolaiteoir aontachtach freastal ar an bhféile.

Dúirt Raymond McCartney, ionadaí Shinn Féin i bhFeabhal, atá in aice le toghcheantar Campbell, go raibh an méid a bhí le rá ag Campbell faoin bhféile “amaideach, maslach agus dímheasúil”.

“Faraor, ní hé seo an chéad uair ar mhaslaigh Gregory Campbell pobal na Gaeilge le caint mhaslach, fhrithGhaelach. Tá íoróin ag baint lena chaint shotalach, aineolach óir tá imeacht ag an bhféile ina mbeidh Linda Ervine ag caint faoin gcaidreamh atá ag an nGaeilge leis an bpobal Protastúnach, Aontachtach agus Dílseach,” a dúirt sé.

Tá freagra tugtha ag Campbell ar lucht a cháinte ar a leathanach Facebook ó shin:

CASE RESTS M’LORD,” a scríobh sé.

Fág freagra ar 'Cuireadh do Gregory Campbell freastal ar an Gasyard Féile i ndiaidh ‘caint mhaslach’'