Cuireadh chun cainte tugtha ag seacht n-eagraíocht Ghaeilge do The Flying Enterprise

Tá ráiteas curtha amach ag seacht n-eagraíocht Ghaeilge i gCorcaigh ag tabhairt “cuireadh fial” do lucht The Flying Enterpise teacht go hIonad Ghael-Taca chun cás Uí Bhruic agus ceist na Gaeilge a phlé

Cuireadh chun cainte tugtha ag seacht n-eagraíocht Ghaeilge do The Flying Enterprise

Tá cuireadh tugtha ag scata eagraíochtaí Gaeilge i gCorcaigh do lucht bainistíochta an bheáir agus bhialann The Flying Enterprise teacht go dtí oifig Gael-Taca chun ceist na Gaeilge san ionad oibre a phlé.

D’fhoilsigh Gael-Taca ráiteas ar na meáin shóisialta tráthnóna ina ndeirtear gur “masla mór” é polasaí teanga The Flying Enterpise a chuireann cosc ar oibrithe Gaeilge a labhairt agus iad ar dualgas.

Tháinig sé chun solais ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite go ndúradh le hiaroibrí beáir sa Flying Enterprise, Cormac Ó Bruic, nach raibh cead aige Gaeilge a labhairt agus é ag obair ann. D’éirigh Ó Bruic as a phost sa bheár de bharr na heachtra agus bhí a chás go mór i mbéal an phobail an tseachtain seo caite.

Deirtear sa ráiteas atá sínithe ag seacht n-eagraíocht teanga go raibh cainteoirí Gaeilge chathair Chorcaí  “báúil” leis an The Flying Enterprise le blianta, agus gur “ghoill sé go mór” ar phobal na Gaeilge go mbeadh a leithéid de pholasaí teanga i bhfeidhm ann.

“Is masla mór é seo; ní hamháin d’fhostaithe agus do chustaiméirí le Gaeilge, ach don phobal Gaelach i gcoitinne agus na mílte duine atá ábalta Gaeilge a labhairt in Éirinn agus thar lear,” a deirtear sa ráiteas.

Deir na heagraíochtaí teanga gur baol don Ghaeilge ar fud na tíre a leithéid de pholasaí a bheith i bhfeidhm in The Flying Enterprise mar go bhféadfaí an cosc céanna a chur ar úsáid na Gaeilge i “mbeagnach gach bialann, óstán, oifig, monarcha agus ceardlann ar fud na hÉireann”.

Maítear sa ráiteas nach mbeadh tábhacht ar bith le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hÉireann agus na hEorpa dá gcuirfí polasaithe mar sin i bhfeidhm.

Tá an ráiteas a eisíodh inniu sínithe ag Gael-Taca féin, ag Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in OÉ Corcaigh, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Dáil na Mumhan, Misneach agus ReRá.

Deir na heagraíochtaí sin ina ráiteas go mbíonn siad ag obair “go dian chun go mbeadh an Ghaeilge le clos agus le feiscint taobh amuigh de thimpeallacht na scoile” i gCorcaigh agus go dtugann an polasaí teanga atá ag The Flying Enterprise “teachtaireacht uafásach d’aos óg na linne seo”.

I litir a sheol úinéir The Flying Enterprise, Finbarr O’Shea go dtí Cormac Ó Bruic ar an 11 Lúnasa, cuireadh in iúl don oibrí beáir go raibh a P45 á fháil aige toisc nár fhill sé ar an obair nuair a d’éirigh idir é féin agus a bhainisteoir faoi cheist labhartha na Gaeilge.

Dúradh gur tugadh rabhadh d’Ó Bruic ar an 5 Lúnasa gur ‘English-speaking business’ a bhí sa teach tábhairne agus nár cheadmhach dó Gaeilge a labhairt. Nuair a cuireadh in iúl don fhear óg Gaeltachta nach mbeadh cead aige feasta Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas, dhiúltaigh sé tús a chur lena sheal oibre laistiar den bheár agus d’fhág sé an láthair oibre.

Ní raibh fáil ar Finbarr O’Shea nuair a chuir Tuairisc.ie glaoch ar an mbeár inniu.

Fág freagra ar 'Cuireadh chun cainte tugtha ag seacht n-eagraíocht Ghaeilge do The Flying Enterprise'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá seasann Fáilte Ireland agus earnáil na turasóireachta ar an cheist seo?

    Nach iadsan na dreamanna nach dtabharann aitheantas ar bith don Ghaeilg ná don Ghaeltacht agus iad ag déanamh poiblíocht ar thír na hÉireann thar lear agus ar fud na tíre?

  • Deasun ÓSeanáin

    7 n-eagraíocht Gaeilge i gCorcaigh!
    Nach mbeadh sé níos fearr eagraíocht laidir Gaeilge amháin a chur ar bun ansin chun an teanga a chur chun cinn mar seo-

    Brú a chur ar-
    An( Cork) Examiner leathanach Gaeilge a fhoilsiú sa tseachtain.
    An Ard Oifig an Phoist, Corcaigh seirbhis as Gaeilge a chur leFáil etc etc.