‘Cuir ceist i reifreann agus is minic a gheobhaidh tú freagra ar cheist eile’

D’fhoghlaim Matteo Renzi ceacht Dé Domhnaigh seo caite faoi chúrsaí reifrinn. Ní hé an chéad duine é…

‘Cuir ceist i reifreann agus is minic a gheobhaidh tú freagra ar cheist eile’

Matteo Renzi

Spreagann reifrinn spéis an phobail i gcúrsaí polaitíochta. Cuireann reifreann i gcuimhne do gach polaiteoir agus do gach saoránach i dtír dhaonlathach cé atá i gceannas dáiríre. Neartaíonn rogha reifrinn an córas, go háirithe nuair a bhíonn socrú tábhachtach le déanamh.

Sin ráite, tá sé chomh maith againn aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne shuarach, nó cuid mhór di ar a laghad. Seo mar a chítear reifrinn trí shúile mórán polaiteoirí, díreach mar a rinne feidhmeannach i gCoimisiún na hEorpa cur síos air. Bhí an feidhmeannach ag caint leis an scríbhneoir seo cúpla mí sular vótáil muintir na Breataine i bhfabhar Breatimeachta.

“Is leor focal amháin mar chomhairle do cheannaire rialtais atá ag smaoineamh ar reifreann a reáchtáil. Seachain!

“Cuir ceist ar vótóirí i reifreann agus gheobhaidh tú freagra go minic ar cheist eile. Sin, nó freagraí ar lear mór ceisteanna eile nach mian leat a chur faoi bhráid an phobail in aon chor.

“Is é ‘Níl’ an freagra is dóichí a thabharfadh vótóirí i bhformhór na mballstát san AE faoi láthair dá bhfiafródh an rialtas an bhfuil siad i bhfabhar beartas ar bith a mholann an rialtas. Ach ceapann go leor ceannairí nach bhfuil aon dul as acu ach deis a thabhairt don phobal rogha a dhéanamh.

“Ar ndóigh ní thugann polaiteoirí aird ar mo leithéidse, ach cloisim iad ag caint faoi rún ar an gcontúirt go minic. Dá mbeadh a rogha acu, d’aontóidís liom nuair a deirim leo go ndéanfaí a leas féin agus leas a dtíre dá dtabharfadh siad aird ar mo chomhairle.”

D’fhoghlaim Matteo Renzi ceacht Dé Domhnaigh seo caite. Ródhéanach, faraor, a bhí an ceacht céanna nuair a dhiúltaigh 59 faoin gcéad de vótóirí na hIodáile don leasú ar bhunreacht na tíre a mhol a rialtas. An chúis aiféala is mó atá aige anois: gur reáchtáil sé reifreann nach raibh aon iachall air é a reáchtáil ar chor ar bith.

Ní san Iodáil amháin a d’fhoghlaim polaiteoirí ceachtanna dá leithéid. Chuir an reifreann sa Ríocht Aontaithe (ar ‘athruithe’ beaga ar bhallraíocht na tíre san AE) i mbliana deireadh le tréimhse oifige David Cameron, bliain tar éis dó móramh parlaiminte a bhaint amach in olltoghchán. I 1969, d’éirigh Charles de Gaulle as a phost mar uachtarán sa bhFrainc nuair a dhiúltaigh vótóirí do leasú a mhol sé ar an mbunreacht.

I ngach cás thuasluaite, san Iodáil, sa Ríocht Aontaithe agus sa bhFrainc, ní raibh na reifrinn a bhain an bonn de Renzi, Cameron ná De Gaulle riachtanach. Bhí rogha ag an triúr, agus rinneadar an rogha a chuir lámh ina mbás féin mar pholaiteoirí.

Níl polaiteoirí na hÉireann slán ó chathú den tsórt céanna, fiú má fhágtar na reifrinn ar ghinmhilleadh as an áireamh. Roinnt samplaí:

* Dhá reifreann, i 1959 agus i 1968, inar diúltaíodh d’iarracht a rinne Fianna Fáil córas simplí vótála a chur in ionad PR.

* An chéad reifreann ar cholscaradh i 1986, inar vótáil 63 faoin gcéad ina choinne. I 1995, vótáil tromlach beag (50.3 faoin gcéad) ina fhabhar.

* Na reifrinn inar vótáladh in aghaidh agus ansin i bhfabhar Chonradh Nice (in 2001 agus in 2002) agus Chonradh Liospóin (in 2008 agus in 2009).

Ainneoin gach amhrais agus contúirte, ní ceart beag is fiú a dhéanamh de thábhacht reifrinn mar ghléas folláin polaitiúil. Cuimhnigh mar shampla ar an reifreann i 1998 inar thug 94 faoin gcéad tacaíocht do na hathruithe a chuir Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm.

Chuir an vóta ard sin séala ar thús ré nua na síochána abhus, agus ar na forálacha sa Chomhaontú a bhí láidir, buan agus daingean… go dtí gur reáchtáladh an reifreann ar Bhreatimeacht. Faraor, sin scéal eile.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar '‘Cuir ceist i reifreann agus is minic a gheobhaidh tú freagra ar cheist eile’'

  • Mise Áine

    ‘cé atá i gceannas dáiríre’…Sin í an cheist!

    An-alt, mar is iondúil leat, a Chathail.