Cuimhnímis ar an iascaire ag éisteacht le teicniphopcheol Gearmánach agus é ag gabháilt do ghliomaigh

Planxty, Kila, Imlé, Mos Def agus Nioclás Tóibín. Is mó saghas ceoil a gcuireann an Gael suim ann seachas an diddley-eye...

Cheoil Nos 2015 Picture Conor McCabe Photography
Gradaim Cheoil Nós 2015 Pictiúr:Conor McCabe Photography

Uaireanta, uair fhada fhánach abair, bím in éad le muintir na príomhchathrach. Tagann an saol ana-bhog orthu, ó tá gach aon áis maidir le gnáthshaol an duine, saol cultúrtha agus caithimh aimsire ar lic a’ dorais acu. Ní gá dóibh siúd dul ceithre mhíle ag triall ar bhuidéal bainne. Ní móide go mbíonn orthu deich míle a traibhleáil trí ghleanntaibh is trí mháma ar bhóithre cúnga caola chun teacht ar inneall ATM. Ní gá dóibh ach titim amach as an leaba agus an bóthar a thrasnú chun freastal ar scoth na gceolchoirmeacha agus na n-ócáidí spórt. Nuair a bhuaileann na babhtaí formaid sin mé, bíonn mar shólás agam go bhfuil sé d’onóir agus de phribhléid agam gur rugadh im’ Chiarraíoch mé, agus go bhfuil na bolaí sin ar an gcontae is fearr ar domhan led’ shaol a chaitheamh. B’fhearr liom a bheith beo bocht im’ sclábhaí, ar an mbaile tá láimh léi siúd,  fé mar a dúirt An Spailpín fadó…

Bhuail taom imthnútha dá leithéid mé le déanaí  nuair a bhí gradaim ceoil NÓS ar siúl i gClub an tSiúicre i lár na cathrach. Bhí ard-oíche ar fad ann is cosúil; plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ó réimsí éagsúla ceoil an náisiúin Ghaelaigh agus aitheantas á thabhairt dá saothar ag an scuad Gael sa lucht féachana a bhain súp as an oíche. Oíche go maidin acu, cad é cuileachta, agus frámaí doirse á dtabhairt isteach acu ar fud na cathrach le barr steaigreála agus gúngála ag deireadh na hoíche. Aon áit ina mbíonn scata Gael, bíonn ualach craic ann.

Chaitheamar-ne nach raibh ar ár gcumas a bheith i láthair a bheith sásta le pé blaiseadh den ócáid a bhí ar fáil ar raidió agus ar an idirlíon, agus ba mhaith ann é sin féin. Chraol Rónán Mac Aodha Bhuí clár speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ina raibh scata de na buaiteoirí le cloistint, agus tabhair fé ndeara go raibh ceol iontu; ceol Gaelach, roc, hip-hop, ceol acústaic, ceol tíre agus meascán mearaí de stíleanna difriúla. Agus an méid sin ar fad acu agus iad ag amhránaíocht as Gaelainn. D’ardódh caighdeán agus feabhas an cheoil do chroí.

Ní gach éinne a bhí sásta le clár Rónáin, áfaigh. Cúpla lá in éis an chraolta fuair sé litir lámhscríofa a thug bearradh ceart do. Caithfidh go raibh pus agus púic ar fhear scríofa na litreach, mar fé mar a dúirt Peaidí Maoileoin ní gnáthach le duine dul in iontaoibh an phinn nó na filíochta gan a chúis a bheith aige. B’fhearr le fear na litreach bheith ag ‘éisteacht le hasal ag grágaíl nó le madadh ag bromadh’ ná éisteacht le ceol comhaimseartha na Gaelainne.

Anois, cé gur breá an íomhá í sin – duine suite ar chlaí agus na deora á dhalladh agus tocht ina scornaigh de bharr cheol binn broimní na ngadhar agus góilín glórmhar an asail, ní cás pointe nó trí a dhéanamh ina thaobh. Deirtear sa litir gur ‘ceol Gaelach’ a tugadh ar an gceol a bhí le cloistint ar an gclár, ach níorbh ea, ceol comhaimseartha na Gaeilge a bhíothas á thabhairt air feadh an ama.

Sa ghiota ab áiféisí den litir deirtear gur ceol den mheánaicme nó den ard-aicme ab ea an ceol a bhí ar an gclár. Thuigfeá ón argóint sin gur ceol den ísealaicme nó dos na bochtáin is ea an Ceol Gaelach – ná bíonn ag éisteacht leis ach daoine i seana-bhotháin tí i lár an phortaigh ar an gcósta thiar agus iad ag fanacht le corcán prátaí beiriú agus cráin agus banaí istigh thíos fén mbord acu. Níor cheart don bfhíor-Ghael ach éisteacht le diddley-eye agus a bheith ag imirt bog-ball. Sin agat meon an choilínigh, iarsma de svae cultúrtha na Breataine in Éirinn, meon nach bhfuil baint ná páirt aige leis na Náisiún Gaelach mar atá sé i 2016.

Chuir an litir comhrá a bhí agam le duine de sheanaphortáin an pharóiste seo le déanaí i gcuimhne dhom. An banna ceoil Kila a bhí á phlé againn, agus thug sé le fios go neamhbhalbh go raibh an ghráin shaolta aige ar a gcuid ceoil ‘mar nárbh aon cheol Gaelach traidisiúnta a bhíonn acu agus gur giorra de chantaireacht na Red Indians amhránaíocht Rónáin. Chaitheas gáirí mar bhí an fear céanna ar dhuine den lucht tacaíochta ba láidre a bhí ag leithéidí Planxty agus an Bothy Band nuair a bhí teorainneacha an cheoil traidisiúnta á mbogadh acusan, mothall gruaige síos dtí craic a thóna air, corrán féasóige, péire flares agus rud éigin seachas tobac á dh’ól aige. Rud is ea ceol a bhíonn de shíor ag athrú, fiú an ceol traidisiúnta, agus is ceart scóip a thabhairt dár gceoltóirí bealaí nua ceoil a thaisteal.

Lena gceart a thabhairt do Rónán Mac Aodha Bhuí agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcoitinne, is beag eagras atá tar éis a oiread céanna a dhéanamh ar mhaithe lenár gceol dúchais ó bunaíodh an stáisiún i 1972. Thugadar ardán do mhuintir na Gaeltachta agus dos na Gaeil i gcoitinne chun a n-ealaíona dúchais a chur os comhair an tsaoil. Bhailigh agus chaomhnaigh clár-reachtairí an raidió mórchuid ceoil agus amhrán i measc an phobail, agus murach iad bheadh cuid mhaith dár n-oidhreacht caillte. Tá an fód á sheasamh acu don cheol Gaelach le ceithre mbliana is daichead, agus fiú sa lá atá inniu ann níl aon chomparáid idir an méid ama a thugann RnaG don cheol úd is a thugann na stáisiúin eile.

An fhadhb is mó atá ag RnaG fé láthair ná gur deacair dóibh a lucht éisteachta ar fad a shásamh. Fiú nuair a bunaíodh an stáisiún ar dtús bhíothas ann a dúirt go raibh an iomarca béime á chur ar phobail na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus daoine eile ag rá go raibh an raidió ró-áitiúil agus róthógtha le ceisteanna paróisteacha na Gaeltachta. Bhí daoine áirithe ag éisteacht leis an raidió chun socruithe sochraide Mhichael Mhary Mhicil Sheáin Pheadair Mhóir Jimí Bhig a fháil, agus daoine eile ag éisteacht leis chun Gaeilgeoirí ag labhairt fén nGaelainn as Gaelainn a chloistint.

Bíonn daoine áirithe d’iarraidh éisteacht le seacht véarsa déag is trí fichead de Chath Chéim an Fhia, agus daoine eile d’iarraidh éisteacht le hamhráin ghaelcheoil tíre le leithéidí John Beag. Is deacair don ngobadán an dá thráigh a fhreastal agus is deacair don raidió freastal ag gach éinne i náisiúin chomh hilchineálach agus chomh héagsúil leis an náisiún Gaelach. Tá éacht oibre á dhéanamh acu agus ceann de na modhanna a úsáideann siad chun freastal ar an bpobal ná cineálacha éagsúla ceoil a chraoladh.

Bunaíodh RnaG mar raidió pobail agus tá a bpobal athraithe go mór ó 1972. Nuair a bunaíodh é bhí formhór na dtithe sa Ghaeltacht gan teilifís agus ní raibh an raidió féin ar fáil ar bhonn náisiúnta. Anois ní hamháin go bhfuil teacht ag Gaeil ina bpócaí ar an raidió ar fud an domhain mhóir, tá teacht air agus suim ag Gaeil i mórán saghasanna ceoil éagsúla. Ar dhuine de lucht m’aitheantais tá fear a bhíonn ag éisteacht le Compay Segundo agus an Buena Vista Social Club nuair a bhíonn sé ag déanamh naomhóg. Tá aithne agam leis ar iascaire a bhíonn ag éisteacht le teicni-phopcheol  Gearmánach agus é ag gabháilt do ghliomaigh, agus ar fhear caorach a bhíonn ag éisteacht le brusc-mhiotal Bullet For my Valentine agus é sa chnoc. Ina dteannta siúd ar fad tá an fear a bhíonn ag éisteacht le Noel Hill & Tony MacMahon agus é á phrapáil féin do chluiche caide.

Tá seans linn go bhfuil ár gceol traidisiúnta chomh beo agus chomh bríomhar fé láthair, agus tá sé ar cheann de na gnéithe is rathúla dár bhféiniúlacht. Nascann sé glúin an lae inniu lenár n-oidhreacht, bíodh sé sin ar bhonn áitiúil nó ar bhonn náisiúnta. Is beag náisiún ar domhan go bhfuil a oiread tóra agus measa ar a gceol dúchais, agus is ceart é a chaomhnú agus a cheiliúradh. Ní hé sin le rá nach bhfuil spás do cheol comhaimseartha inár sochaí.

Pé scéal é ag fear an asail agus an mhadra, táimse chun stad don dtypeáil agus dul ag éisteacht le hImlé. Nó le Mastadon. Nó le Mos Def & Talib Kweli. Nó le Bréag. Nó go deimhin le Nioclás Tóibín. Ní haon drochrud é éisteacht le scata cineálacha ceoil, ach a mhalairt.

Fág freagra ar 'Cuimhnímis ar an iascaire ag éisteacht le teicniphopcheol Gearmánach agus é ag gabháilt do ghliomaigh'

  • Ciara Ní É

    Go díreach é – seo náisiún ilchineálach agus éagsúil agus tá sé sin le feiscint inár gcuid ceoil.

    An-alt go deo!

  • padraig

    Mo cheol thu!….arsa an t-asal. Ach caith uaim in ainm phillini an diabhail an ceol ‘basaithe’ sin a bhionn ag CCE ar lic an tinteain sa teiliifs!
    An t-easnamh is mo ata ar Chorca Dhuibhne le fada riamh na e bheith in uireasa leitheide John Beag O Flaithearta, fear da mhacasamhailt a bhainfeadh macalla as an inneoin arist eile. Ni cuimhin liom mothall TM a bheith sios dti craic a thona riamh!