Cuimhní cinn ar thús ré Muhammad Ali

Cé go raibh cosc ar thobac, páipéir nuachta, gruaig fhada agus thar rud ar bith gléasanna raidió nuair a bhí ár gcolúnaí ina dhalta i gColáiste Iarfhlatha fuair sé féin agus a chomhscoláirí 6 lasc den bhata an duine agus crochadh an raidió chun siúil agus iad ag éisteacht le ceann de chéad throideanna Muhammad Ali

Muhammad Ali i 1972. INPHO/Allsport
Muhammad Ali i 1972. INPHO/Allsport

Taca an ama chéanna a thosaigh mise ar mo chuid meánscolaíochta agus a chuir Muhammad Ali tús leis an aistear a d’fhág go raibh sé ar an dornálaí ba chruthanta a chuir cos i mbróg riamh.

Bhí na céimeanna ba thúisce ar a thuras féin tógtha ag Cassius Clay, mar a bhí an uair úd air, ag tarraingt ar dheireadh na bliana 1960.  Faoin am ar thug mise aghaidh ar an scoil chónaithe i dTuaim Dhá Ghualann i bhFómhar na bliana 1962 bhí 15 troid as a chéile buaite aige i Miami, i Nua-Eabhrac agus ina bhaile dúchais, Louisville Kentucky.

Ní mórán anois a bhfuil cuimhne acu ar an dream ar bhuaigh sé orthu sna babhtaí sin – Tunney Hunsaker, Donnie Fleeman, Alex Miteff agus Alejandro Lavorante ón Airgintín, cuir i gcás agus an Gearmánach Willi Besmanoff.

Go fiú nuair a bhuaigh sé ar Archie Moore, (a bhí mar thraenálaí aige roimhe sin), níorbh é an oiread sin suntais a tugadh dó. Go dtí an lá atá inniu ann is é Moore an té ab fhaide a raibh an choróin trom-mheáchain éadrom ina sheilbh, ach fiú agus é ina neart níor dhornálaí trom-mheáchain a bhí ann agus nuair a bhuaigh Clay air i Samhain na bliana 1962 bhí Moore 46 bliain d’aois.

Ba bheag de ghean an phobail a bhí ar Clay na blianta tosaigh sin dá shaol dornálaíochta. Bhí sé gáifeach, gaisciúil agus é de shíoraí ag maíomh as féin agus as chomh slachtmhar agus a bhí sé.

Níorbh í sin an cineál cainte ba ghnách le dornálaithe a dhéanamh agus  is beag a chreid muide i gColáiste Iarfhlatha Naofa i dTuaim go dtiocfadh an lá nuair a bheadh sé ar an lúthchleasaí ba mhó ar domhan a mbeadh gean agus aithne air – fiú nuair a d’éirigh sé dá thóin sa 4ú babhta gur bhuaigh sé ar Henry Cooper i Londain i Meitheamh 1963.

Mar ab amhlaidh i scoileanna cónaithe go leor ag an am, bhí an liosta ábhar a raibh cosc orthu i gColáiste Iarfhlatha chomh fada leo siúd a bhíonn crochta sa lá atá inniu ann sna háiteanna a dtosaíonn na scuainí ag ionaid sheiceála na n-aerfort. Ní baileach gurbh ionann iad áfach. Tobac, páipéir nuachta, gruaig fhada agus thar rud ar bith gléasanna raidió a bhí ar liosta na scoile.

Tá bealach timpeall ar chuile rud ar ndóigh. Ní raibh sé deacair na toitíní a chur i bhfolach, cé nach mba sna hárais ba shláintiúla sa teach a chaití iad;  thugtaí cead fáis don fholt nó go dtagadh an t-ordú é a lomadh – an uair sin féin d’fhéadfá moill a chur ar chúrsaí trí achainí a dhéanamh nach raibh a luach agat. Ach ba scéala eile an raidió.

Ar an gcéad dul síos ní raibh raidió trasraitheora an lae inniu ach tar éis a theacht ar an saol agus bhíodar costasach. Sa mullach ar sin bhíodar mór, liopasta – ar cóimhéid le builín aráin. Agus, an rud ba mheasa ar fad ní raibh na méaróga beaga dubha atá sáite i gcluasa chuile dhuine sa lá atá inniu le fáil an uair sin ach an oiread.

B’fhéidir go raibh ‘Transistor 1964’ beagán níos lú ná an Pye nó an Bush a bhí ar an tseilf sa mbaile ag an am, ach ba ar an gcuma chéanna  a d’oibríodh siad. Cas an cnaipe agus d’imigh an fhuaim tríd an aer feadh an tseomra.

Chuaigh sé tríd an tsíleáil síos freisin, mar a fuair muide amach i gColáiste Iarfhlatha i bhFeabhra na bliana sin nuair a bhain Cassius Clay craobhacha trom-mheáchain an domhain de Sonny Liston. Ag 2am agus muid ag éisteacht leis an troid ar raidió, a bhí tugtha isteach i ngan fhios  ag mac léinn as tuaisceart Chonamara, chuala muid coiscéimeanna Dhéan an Smachta lasmuigh de dhoras an tsuanleasa – ar an urlár fúinn a bhí a sheomra siúd.

Cé nach raibh an gléas múchta uilig aige, d’éirigh leis an úinéir an fhuaim a ísliú ar an raidió faoin bpluid sular osclaíodh an doras ceart go leor, ach níorbh leor sin le muid a thógáil as gábh, faraor.

“Tá a fhios agam go bhfuil raidió i gceann de na seomraí seo,” a deir an Déan. “Más sa gceann seo é, cé aige atá sé?” 

Ní bhfuair sé de fhreagra ach srannadh bréige.

Bhí sé idir dhá chomhairle go mb’fhéidir gurbh iad an dream béaldorais a bhí ciontach agus é ag iompú ar a sháil nuair a tháinig ‘crrraaaaaaack’ mór callánach as an treo ina raibh leaba mo chara. Bhí an cat ligthe as an mála. Fuair muid 6 lasc den bhata an duine agus an rud ba mheasa ar fad crochadh an raidió chun siúil agus gan toradh na troda ar eolas againn.

Ba ina dhiaidh sin a d’athraigh Ali a ainm, agus  bhí an chonspóid faoina dhiúltú dul san arm le theacht freisin, mar a bhí an t-athrú ó bhonn a tháinig ar an saol fré chéile faoina chumas agus faoina cháilíocht.

Ach ar an 25 Feabhra 1964  shéan ‘crrraaaaaaack’ an raidió cuntas ar cheann de mhórócáidí na dornálaíochta ar sheisear leads óga i dTuaim Dhá Ghualann.

Fág freagra ar 'Cuimhní cinn ar thús ré Muhammad Ali'