Cuimhní canbhasála: Fianna Fáil? Ní hea, ach chomh gorm leis an bplúirín…

Tá na blianta fada caite ag ár gcolúnaí ar an mbóthar ag canbhasáil, ar a shon féin nó ar son daoine eile…

Toghchán Strap

Photo: RollingNews.ie.
Photo: RollingNews.ie.

Fad ar mo shaol nach bhfuil orm a bheith ag imeacht faoi láthair ó theach go teach sa ngála agus sa mbáisteach ag fiach vótaí.

Tá mé ag tabhairt lámh chúnta don Neamhspleách Catherine Connolly ceart go leor agus tá an-dóchas agam go mbeidh sí ina Teachta Dála tar éis an toghcháin.

Chuaigh sí i bhfoisceacht glaicín beag vótaí de an uair dheiridh.

Sheas mé féin i seacht dtoghchán agus d’éirigh liom i gcúig cinn acu. Bhí cúiseanna speisialta, nach raibh aon neart orthu, leis an dá chaillteanas.

Bhí mé ag canbhasáil i bhfad roimhe sin freisin ar ndóigh. Do Pheadar Mac an Iomaire a d’oibrigh mé i dtosach sa mbliain 1969.

Níor éirigh leis suíochán Dála a fháil ach níor cheart a ligean i ndearmad go bhfuair sé níos mó vótaí ná an té atá ina Uachtarán ar Éirinn inniu.

Tháinig daoine cáiliúla ag cabhrú linn sa bhfeachtas toghchánaíochta sin, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Pheadair O’Donnell, Chaitlín Maude, Alan Titley, srl.

Ní raibh ionam féin ach glas-stócach ag an am. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar mhaidin Domhnaigh amháin a ndeacha mé féin agus Pearsa Cáiliúil as Gluaiseacht na Gaeilge ag canbhasáil i Ros Muc.

Ní raibh aithne ag aon duine ormsa ach bhí aithne ag chuile dhuine ar an bPearsa Cáiliúil.

An chéad teach a ndeacha muid isteach ann chuir bean an tí fáilte agus fiche roimhe.

‘Ólfaidh sibh deoch?’ a dúirt sí.

Ní raibh mise tosaithe ag ól ar chor ar bith ag an am ach níor mhar sin don Phearsa Cáiliúil.

Anonn léi go dtí an drisiúr gur thóg sí amach buidéal poitín agus gur leag sí ar an mbord é os a chomhair.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh an Pearsa Cáiliúil ina chnap codlata agus deireadh le canbhasáil an lae.

Bhí mé ag obair do Joe Sheáinín, Seosamh Ó Tuairisg, i 1973. Ní staonaire a bhí ionam níos faide agus chaitheadh muid seáirsí sa teach tábhairne, Tí Mharcais.

Oíche amháin tháinig muid ar ais chuig an gceanncheathrú agus thosaigh muid ag leagan amach an chórais chanbhasála a bheadh againn lá arna mhárach.

Briotach go maith a bhí muid á dhéanamh.

Bhí deartháir Mháirtín Uí Chadhain, Tom, ann agus braon deas sa gcoiricín aige. Thairg sé a dhul ag canbhasáil suas i mbarr na mbailte.

Bhí teileafóin gann na blianta sin ach bhí ceann sa gceanncheathrú agus mhol muid do Tom glaoch ar fhear áithrid agus a iarraidh air a theacht in éineacht leis ó tharla go raibh carr aige.

Rug Tom go místuama ar an bhfón agus thosaigh sé ag achainí.

Ba léir dúinn gan mórán achair gur achainí gan toradh a bhí ann.

‘Tá mise a cheapadh,’ a deir Tom, ‘gur Fianna Fáil é an bastard seo.’

Ní raibh an fón leathorlach óna bhéal agus é beo beathach.

Bhí mé féin agus Joe Steve Ó Neachtain ag stocaireacht in Árainn lá eile. Chuaigh muid isteach i bpub. Bhí deartháir leis an Aire  Roibeárd Ó Maoildhia ag bord ann agus grúpa Árannach ag ól in éineacht leis.

Bhí deartháir Roibeáird bogtha go maith é féin agus labhair sé go dána aníos linn.

‘Níor facthas istigh anseo an-mhinic cheana sibh,’ a dúirt sé.

‘Ná freagair chor ar bith é,’ a dúirt Joe Steve de chogar liom.

Ach ní fhéadfainn é a ligean tharam.

‘Dá mbeadh héileacaptar againn bheadh muid istigh níos minicí,’ a deirimse. Ar héileacaptar a tháinig Roibeárd Ó Maoildhia go hÁrainn an lá roimhe sin.

‘Throw them out. Throw them out,’ a dúirt an deartháir go bagrach.

D’éirigh béinneach d’Árainneach ón mbord agus tháinig sé inár dtreo.

‘Tá an diabhal déanta anois agat,’ a dúirt Joe go himníoch.

‘Cé as tusa?’ d’fhiafraigh an béinneach díomsa agus é ag breathnú idir an dá shúil orm.

‘As Cill Chiaráin,’ a deirimse, critheaglach go leor.

‘Á, muise,’ a deir sé, ‘go gcuire Dia an t-ádh ort, an bhfuil aithne agat ar an mbádóir Jack Casey i gCill Chiaráin?’

‘Tá go deimhin,’ a deirimse agus an misneach ag teacht ar ais chugam.

‘Nach hiomaí lá a dtug Jack bocht móin go hÁrainn,’ a dúirt an béinneach.

‘Shilfeá,’ a deirimse , ‘go bhfuil an comrádaí atá agaibh ag éirí beagáinín cantalach’.

‘Ná tabhair aird ar bith air,’ a dúirt an béinneach. ‘Tá sé ag ceannacht neart pórtair ar chuma ar bith agus go gcoinní Dia mar sin é.’

Ní mórán duine a bhí gránna ariamh liom ar mo chuairteanna canbhasála. Ní shin le rá go bhfaighfeá vóta ó chuile dhuine a bheadh lách, cineálta leat. Ach ba dheas í an chairdiúlacht agus an ghroíúlacht is cuma cén toradh a bheadh ar an lá.

An t-aon uair ar baineadh an ghaoth go tobann as mo chuid seolta lá a ndeacha mé isteach i dteach i Ros Muc agus beagáinín iomarca fáilte agam romham féin.

‘Cén chaoi a bhfuil sibh?’ arsa mise go suáilceach ar a dhul isteach an doras dhom.

‘Á muise is cuma leat sa diabhal cén chaoi a bhfuil muid,’ arsa bean an tí, ‘murach go bhfuil tú ag cuartú vótaí.’

Shíl mé go mb’fhéidir gur seanPhoblachtach a bhí inti a chuaigh le Fianna Fáil agus gur cantal a bhí uirthi go raibh mé ag cur as dóibh.

Cheistigh mé bean chomharsan léi a raibh stair na muintire ar fad aici.

‘Fianna Fáiligh a bhí iontu sin i gcónaí arb ea?’ d’fhiafraigh mé di.

‘Go deimhin níorbh ea,’ a dúirt sí ‘ach chomh gorm leis an bplúirín go dtí go raibh brabach eicínt le fáil as agus d’athraigh siad ansin.’

Tá a leithéidí siúd ann fós, bhí ariamh agus beidh go brách.

Fág freagra ar 'Cuimhní canbhasála: Fianna Fáil? Ní hea, ach chomh gorm leis an bplúirín…'