Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2017…

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg – atá ag plé leis na cluichí Gaelacha, an dornálaíocht agus an sacar – arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2017

Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2017…

Peileadóir Chiarraí, Jason Foley. INPHO/Ryan Byrne

Jason Foley

Thapaigh Brian Ó Beaglaoich, lánchúlaí ar fhoireann bhuacach mhionúir Chiarraí in 2014, an deis a tugadh dó leis na sinsir anuraidh agus gach seans go bhfeicfidh muid an lánchúlaí ó fhoireann mionúr 2015 ag fáil an deis chéanna i mbliana. Anuas ar an mbonn Uile-Éireann a bhuaigh sé in 2015, bhí Jason Foley mar ionadaí ar an bhfoireann mionúr a bhuaigh an chraobh an bhliain roimhe sin agus bhí sé ina lánchúlaí ar fhoireann sóisear Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2016.

Lúthchleasaí den scoth é Foley, agus craobhacha Uile-Éireann buaite aige sa chliathrásaíocht ach bhí sé ar mhórphainéal Chiarraí anuraidh agus an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí le hÉamonn Mac Muiris tabhairt air fanacht leis an bpeil amháin. Le Foley, d’fhéadfadh go bhfuil lánchúlaí aimsithe sa deireadh ag Ciarraí arb é an t-ionad sin an t-ionad is ansa leis ar an bpáirc. Agus Marc Ó Sé éirithe as an imirt agus cinneadh fós le déanamh ag Aidan O’Mahony, gach seans go bhfeicfear Foley, agus leithéidí Gavin White ó Chrócaigh Chill Airne i measc na gcúlaithe ag Ciarraí sa bhliain nua.

Imreoir na Gaillimhe, Brian Molloy. INPHO/Donall Farmer

Brian Molloy

Tá clú bainte amach ag Molloy agus é ag imirt d’fhoirne faoi aois na Gaillimhe le roinnt blianta anuas ach beidh sé ag súil gur le linn 2017 a éireoidh leis áit bhuan a fháil leis na sinsir. Ní raibh an tosach ach 15 bliain d’aois nuair a thosaigh sé ag imirt d’fhoireann mionúr an chontae agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a shroich cluiche ceannais na hÉireann in 2016.

D’imir Molloy roinnt cluichí sraithe do na sinsir in 2015 ach níl mórán deiseanna faighte aige ó Mhícheál Donoghue. Bheifeá ag súil, go háirithe i ndiaidh na dtaispeántas a thug sé uaidh i gCraobh Faoi 21 na hÉireann in 2016, go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin sula i bhfad. Tá áit bainte amach cheana féin ag Conor Whelan, comhghleacaí Molloy ar na foirne faoi aois sin, agus b’fhéidir nach mbeidh Cillín a Díomá/Liatroim i bhfad ina dhiaidh.

An dornálaí, Christina Desmond (ar dheis). INPHO/Morgan Treacy

Christina Desmond

Bheadh sé deacair ag dornálaí Chill na Martra na gaiscí a rinne sí in 2016 a shárú in 2017, ach is fiú súil a choinneáil uirthi agus Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo mar sprioc aici.

Ba í 2016 an chéad bhliain a bhí ag Desmond mar chuid den scuad ardfheidhmíochta agus ba léir go ndearna an traenáil maitheas di. Bhuaigh Desmond bonn cré-umha ag Craobh na nOllscoileanna sa Tuirc i mí Dheireadh Fómhair. Ag Craobh na hEorpa an mhí dár gcionn, thug sí léi bonn cré-umha nuair a chaill sí sa bhabhta leathcheannais i ndiaidh cinneadh conspóideach. Ba í Desmond an tríú ban-dornálaí as Éirinn a bhuaigh bonn ag Craobh na hEorpa, gaisce a rinne Katie Taylor agus Clare Grace roimpi.

Fear Chuala, Con O’Callaghan. INPHO/Tommy Dickson

Con O’Callaghan

Bhí O’Callaghan i mbéal an phobail le déanaí i ndiaidh a chuid gaiscí le Cuala i gCraobh Iomána na gClubanna i gcúige Laighean. Bhí sé ina bhall de scuad peile Bhaile Átha Cliath a thug leo Craobh na hÉireann in 2016, ach chaill an fear óg amach ar phíosa maith de chraobh an chontae lena chlub agus ba é cluiche ceannais an chontae an chéad chluiche a thosaigh sé. Tá scrios á dhéanamh aige ar fhoirne ó shin.

Scóráil sé 4-32 i gcúig chluiche i gCraobh Peile Mionúr na hÉireann in 2014 agus bheartaigh sé dul le foireann Jim Gavin in áit na n-iománaithe anuraidh. I bhfianaise na dtaispeántas atá tugtha aige leis an gcamán in 2016, seans go mbeidh brú ar Gavin níos mó deiseanna a thabhairt dó lena choinneáil ag imirt leis an liathróid mhór.

Zachary Elbouzedi (ar chlé). INPHO/Kostadin Andonov

Zachary Elbouzedi

I measc na n-imreoirí óga sacair ón tír seo, seans gurb é Elbouzedi is mó a bhfuil clú bainte amach aige agus é ag imirt faoi aois. Is ar an gcliathán a imríonn fear Bhaile Átha Cliath, nó taobh thiar den phríomhthosach, agus ní haon iontas go ndéantar comparáid idir é féin agus Wes Hoolahan.

Ba é a sheas amach ar fhoireann na hÉireann ag Craobh Faoi 17 na hEorpa in 2015 agus tá na príomhbhuanna ag Elbouzedi a bhíonn ag teastáil ó imreoir dá leithéid: luas agus cruinneas i mbun pasála. Tá sé ag dul i bhfeabhas chomh maith ó thaobh na scórála de.

Is le West Brom atá sé ag imirt faoi láthair agus cé nach bhfuil sé de nós ag Tony Pulis imreoirí óga a roghnú, beidh muintir na hÉireann ag súil go dtabharfaidh cumas Elbouzedi ar a bhainisteoir a intinn a athrú.

Fág freagra ar 'Cúigear óg arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2017…'