Cúigear craoltóirí ó Raidió na Life ainmnithe do Ghradaim na Smedias

Tá bainisteoir an stáisiúin “thar a bheith” sásta gur ainmníodh craoltóirí de chuid RnaL do na gradaim agus dúirt gur léiriú iad na hainmniúcháin ar an “an tallann atá le cloisteáil” i measc chraoltóirí deonacha an stáisiúin

Cúigear craoltóirí ó Raidió na Life ainmnithe do Ghradaim na Smedias

Ainmníodh cúigear craoltóirí óga ó stáisiún Raidió na Life, stáisiún Gaeilge i mBaile Átha Cliath, do na gradaim ‘Smedias’ — gradaim chumarsáide na mac léinn tríú leibhéal.

Oisín agus Dónall Ó Catháin a ainmníodh don ghradam ‘Raidió trí Ghaeilge’ dá gclár Craic Uí Chatháin a bhíonn á chraoladh gach Luain idir 18:00-19:00. Is mic léinn de chuid Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath iad beirt.

Sa rannóg chéanna, tá Ailbhe Ní Riain, láithreoir An Meangadh Mór, a bhíonn ar Raidió na Life gach Céadaoin ó 16:30 go dtí 18:00. Tá Ní Riain ag freastal ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

Ainmníodh Aindriú de Paor, freisin, dá chuid oibre ar an gclár An Bricfeasta Blasta. Craoltar an clár maidine idir 8.00 agus 9.00 ar an Luan agus ar an gCéadaoin. Tá de Paor i mbun cúrsa in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara, ach tá sé ag craoladh le Raidió na Life ó bhog sé go Baile Átha Cliath agus é ar thréimhse taithí oibre.

Sa chatagóir ‘Iriseoireacht Trí Gaeilge (Scríofa)’,  ainmníodh Erin Lindsay dá seó Fios Feasa a bhíonn á chraoladh ar an gCéadaoin idir a 20:00-21:00. Rinne Lindsay a cuid taithí oibre le Raidió na Life mar chuid dá cúrsa céime. Fuair Dónal Ó Catháin, a ainmníodh don ghradam ‘Raidió trí Ghaeilge’,  ainmniúchán eile sa rannóg seo leis.

Is craoltóirí deonacha le Raidió na Life iad gach duine a ainmníodh. 

Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, le Tuairisc.ie go bhfuil “líon agus réimse” na ndaoine a thugann faoi obair dheonach ar an stáisiún pobail ar cheann de na rudaí is iontaí faoi Raidió na Life

Dúirt sé gur ó na hoibrithe deonacha seo a thagann “cuid mhór” de bhunsmaointe na gclár a chraoltar ar Raidió na Life.

“Is cineál scáthán ar ilchineálacht an phobail ina iomláine is ea sceideal clár an stáisiúin. Is rud iontach í an chruthaitheacht a bhaineann le nádúr an raidió pobail. Ceann de na rudaí is speisialta faoi Raidió na Life freisin ná an líon mór daoine óga a bhíonn ag craoladh linn, idir mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar na meáin chumarsáide nó ar an nGaeilge nó ábhair eile ar an gcoláiste, agus daoine óga atá ag obair agus mar sin de,” a dúirt Ó Fiannachta.

Dúirt sé freisin go mbíonn “cruthaitheacht” agus “fuinneamh” ag baint leis na daoine óga seo.

Tá bainisteoir Raidió na Life “thar a bheith” sásta gur ainmníodh craoltóirí de chuid an stáisiúin do na gradaim Smedias seo agus dúirt go “léiríonn an líon mór ainmniúchán” atá faighte ag na mic léinn atá ag obair leo “an tallann atá le cloisteáil” i measc a gcraoltóirí deonacha.

Is iad na Smedias gradaim náisiúnta na hÉireann d’iriseoireacht mac léinn.  Tá na gradaim ar oscailt d’iriseoirí, scríbhneoirí, eagarthóirí, dearthóirí suíomh gréasáin,  beochantóirí, cruthaitheoirí raidió, grianghrafadóirí, blagadóirí agus vlagadóirí.  Aitheantas don obair dhian a dhéanann na mic léinn iad na hainmniúcháin. Bíonn craoltóirí agus iriseoirí gairmiúla ina moltóirí ag na gradaim.

Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta i Staid Aviva anocht.

Fág freagra ar 'Cúigear craoltóirí ó Raidió na Life ainmnithe do Ghradaim na Smedias'

  • Proinsias Ó Tuama

    An-alt a Ríobhca.