Cúigear ban as Gaoth Dobhair ar fhoireann na hÉireann i gcluiche ceannais AFL

Beidh na Irish Banshees, foireann peile Astrálaí, i gcluiche ceannais Chorn Idirnáisiúnta an AFL i Melbourne maidin amárach

Cúigear ban as Gaoth Dobhair ar fhoireann na hÉireann i gcluiche ceannais AFL

Foireann na Irish Banshees. Pictiúr: AFL Europe/Facebook

Beidh cúigear ban as Gaoth Dobhair ar fhoireann na hÉireann a imreoidh i gcluiche ceannais Chorn Idirnáisiúnta AFL san Astráil maidin amárach.

Tá na Irish Banshees, foireann peile Astrálaí, ag glacadh páirt sa chomórtas faoi láthair agus áit bainte amach acu sa chluiche ceannais, mar a dtabharfaidh siad aghaidh ar Cheanada. Tá ionadaíocht láidir ag mná na Gaeltachta ar an bhfoireann agus cúigear imreoirí as Gaoth Dobhair roghnaithe – Rachel Nic Aoidh, Fiona Nic Rabhartaigh, Carolann Ní Chasaide, Aisling Nic Giolla Easpaig, Róisín Nic Pháidín.

Ceanada a bhuaigh an comórtas deireanach in 2014 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Éirinn sa chluiche ceannais.

Is ag 4.30i.n. (7.30r.n. in Éirinn) amárach a chuirfear tús leis an gcluiche ceannais atá á imirt i Staid Etihad i Melbourne, staid do bhreis agus 50,000 duine. Déanfar beoshruthú ar an gcluiche ceannais anseo.

Fuair mná na hÉireann an ceann is fearr ar fhoireann na Breataine sa chluiche leathcheannais ag tús na seachtaine seo. Bhí siad 15-9 chun deiridh agus an cheathrú dheireanach ag tosú ach bhí siad ar fheabhas i dtreo dheireadh an chluiche agus thug siad an lá leo, 23-15 ar deireadh.

Tá taispeántais láidre tugtha ag foireann na hÉireann go dtí seo sa chomórtas agus an ceann is fearr faighte acu ar na Stáit Aontaithe, Nua-Ghuine Phapua agus foireann na hEorpa chomh maith leis an mbua ar an mBreatain.

Fág freagra ar 'Cúigear ban as Gaoth Dobhair ar fhoireann na hÉireann i gcluiche ceannais AFL'