Cúigear a bheidh ag iarraidh dul i gcion ar Joe Schmidt inniu

Beidh Éire ag dul chun páirce in aghaidh na hAlban inniu agus roinnt imreoirí ag iarraidh cás a dhéanamh gur chóir dóibh a bheith ar an bpainéal de 31 imreoir a chaithfidh Schmidt a roghnú i gcomhar Chorn an Domhain

Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Beidh Éire ag dul chun páirce in aghaidh na hAlban inniu agus roinnt imreoirí ag iarraidh cás a dhéanamh gur chóir do Joe Schmidt iad a roghnú ag tús na míosa seo chugainn do phainéal Chorn an Domhain. Tá iomaíocht ghéar ann sa champa faoi láthair agus seo cuid de na fir a bheidh ag súil leis an deis atá á fáil inniu acu dul i bhfeidhm ar Schmidt.

Jack Conan

Jack Conan: Pictúr: INPHO/Billy Stickland
Jack Conan: Pictúr: INPHO/Billy Stickland

Tá Jack Conan ag tosú a chéad chluiche i ngeansaí na hÉireann inniu. Bhain gortú corróige do Tommy O’Donnell ag deireadh an chluiche i gcoinne na Breataine Bige agus, toisc go bhfuil an Muimhneach anois as an áireamh do Chorn an Domhain, tá seans ag Conan dul i bhfeidhm ar a bhainisteoir.

Is mar uimhir a hocht go hiondúil a imríonn fear Chúige Laighean ach de bharr gur le Seán O’Brien an geansaí sin ar fhoireann na hÉireann faoi láthair, beidh Conan ag imirt mar chúltosaí cliatháin i gcoinne na hAlban. Faoi láthair, is iad Jordi Murphy agus Chris Henry is mó a bheadh ar intinn ach d’fhéadfadh Conan an scéal sin a athrú.

Ian Madigan

Ian Madigan. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Ian Madigan. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

I rith Chomórtas na Sé Náisiún, bhí an chuma air go raibh Madigan i bhfad chun cinn ar an Ultach Paddy Jackson in intinn Schmidt. Is isteach ón mbinse a tháinig fear Chúige Laighean den chuid is mó ach ar a laghad bhí ag fáil na deise sin, rud nach féidir rá faoi Jackson.

Ó shin amach, áfach, is é Jackson atá imithe i bhfeabhas, go háirithe lena thaispeántas do Chúige Uladh. Tá de bhuntáiste ag Madigan go bhfuil sé in ann imirt i gcúpla ionad eile ar an bpáirc ach de bharr an tsárthaispeántais a thug Jackson uaidh d’Éirinn an deireadh seachtaine seo caite, tá brú ar Madigan anois a mhianach a léiriú.

Simon Zebo

Simon Zebo. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Simon Zebo. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is léir nach bhfuil a lán muiníne ag bainisteoir na hÉireann as cliathánaí na Mumhan ach toisc an cumas nádúrtha atá ann, tá deacair Zebo a fhágáil ar lár. Is mar lánchúlaí a bheidh Zebo ag imirt in aghaidh na hAlban agus tá ríthábhachtach go mbainfidh sé leas as a dheis agus cuid mhaith imreoirí ag feitheamh taobh thiar de.

Is cinnte gur sna cúlaithe atá an iomaíocht is géire d’áit ar an bpainéal le haghaidh Chorn an Domhain. Tá deichniúr – Bowe, Earls, Fitzgerald, Gilroy, Jones, McFadden, Trimble, Zebo agus an bheirt Kearney – ar fad san iomaíocht do chúig nó áit.

Nathan White

Nathan White. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Nathan White. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dealraíonn sé go bhfuil deis ag Denis Buckley ar áit ar an bpainéal imithe agus é ag imirt le Connachta sa Fhrainc aréir ach tabharfar a dheis do fhrapa Connachtach eile san Aviva inniu. Ainmníodh Nathan White ar an mbinse don chluiche i gcoinne na hAlban ach is cinnte go bhfeicfimid i ngeansaí na hÉireann den chéad uair am éigin inniu é.

Beidh Mike Ross mar chéad rogha na hÉireann do Chorn an Domhain. Tá gach cluiche tosaithe aige faoi cheannas Schmidt, ach toisc go bhfuil Marty Moore fós ag teacht chuige féin i ndiaidh dó dul faoi scian, is deis é seo do White a mhianacha a thaispeáint.

Gordon D’Arcy

Gordon D'Arcy. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Gordon D’Arcy. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is aisteach go gcaithfeadh fear a d’imir d’Éire 81 uair a chumas a chruthú ach sin é an dúshlán atá roimh Gordon D’Arcy an deireadh seachtaine seo. Tá fear Loch Garman 35 anois agus mar a chonaic muid i rith an earraigh, níl Schmidt chun imreoir a phiocadh díreach mar gheall ar na gaiscí atá déanta aige roimhe seo.

Is ceann de na cosantóirí is fearr sa bhfoireann fós é D’Arcy ach seans go bhfuil amhras ar Schmidt an mbeidh sé in ann ag sceideal crua Chorn an Domhain agus na cluichí ag teacht go tiubh te tapa. Dealraíonn sé gurb iad Jared Payne agus Robbie Henshaw rogha Schmidt do lár na páirce ach dá mbeifeá ag iarraidh bua a chinntiú agus tú chun cinn i gcluiche, ní fhéadfá taithí D’Arcy a bhualadh.

Fág freagra ar 'Cúigear a bheidh ag iarraidh dul i gcion ar Joe Schmidt inniu'