Cúige Laighean ag súil le háit ar bharr an tábla roimh a gcuairt ar Ghaillimh an tseachtain seo chugainn

Agus má éiríonn leis na Muimhnigh agus pointe bónais acu, rachaidh siad chun cinn ar Chúige Uladh

Pre-Season Friendly, Kinsgpan Stadium, Belfast 21/8/2015 Ulster vs Leinster Leinster Head coach Leo Cullen Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Seans maith go mbeidh ar na Connachtaigh a n-áit ‘naofa’ ar bharr tábla an Pro 12 a ghéilleadh anocht. Tá siad dhá phointe chun cinn ar Chúige Laighean faoi láthair ach tá cluiche sa mbreis imeartha acu.

De bharr deacrachtaí aimsire i mí na Nollag seo caite bhí ar fhoireann bainistíochta an chomórtais an cluiche a bhí le himirt i mBabhta 9 idir Glaschú agus Cúige Laighean a chur a athló go dtí an Aoine seo. Tá Glaschú cúig áit agus ceithre phointe dhéag taobh thiar de na Laighnigh faoi láthair agus iad go mór faoi bhrú óna lucht leanta atá in ísle brí de bharr droch-imirt churaidh an chomórtais. Cinnte, is acu atá buntáiste an bhaile.  Níor chaill siad ach cluiche amháin sna sé cinn a d’imir siad sa bPro 12 ach gan fáil acu ar a gcuid imreoirí ón bpainéal idirnáisiúnta, ní bheidh sé éasca acu leanacht leis an gcuriarracht sin.

Is fíor nach mbeidh fáil ach oiread ag na Laighnigh ar go leor imreoirí chéad rogha. Mar sin féin, tá an dara rogha ag déanamh go maith le gairid.  Níor chaill siad cluiche ar bith sa gcomórtas ó dheireadh mhí Eanáir. Ní hamháin sin, beidh Cúige Laighean ag dul siar go Gaillimh le tabhairt faoi Chúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo chugainn.  Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh a bheith ar bharr an tábla faoin am sin. Tá drogall orm breith a thabhairt maidir le toradh an chluiche seo.  Caithfidh an dá thaobh bua a bhaint amach. Ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu ag a dheireadh.

Is ionann an scéal ag na Muimhnigh é ach sa gcás seo is é an cluiche i mBabhta 12 i gcoinne Caerdydd a bheas á imirt an Aoine seo freisin.

Cluiche é seo idir foireann an bhaile, Caerdydd, foireann atá sa naoú háit agus Cúige Mumhan atá sa chúigiú háit ar an tábla. Má éiríonn leis na Muimhnigh agus pointe bónais acu, cuirfidh an chúig phointe sin chun cinn ar Chúige Uladh iad, ach níos tábhachtaí fós beidh siad sa 4ú háit. Anois sin spreagadh iontach dóibh ach is fiú a mheabhrú nár chaill Caerdydd uair amháin sa mbaile ó mhí na Samhna seo caite. Ach an oiread leis an gcluiche a bheas á imirt i nGlaschú, níl aon easpa spreagtha ar an dá fhoireann. Díocas agus spiorad a theastóidh. 

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag súil le háit ar bharr an tábla roimh a gcuairt ar Ghaillimh an tseachtain seo chugainn'