Cúige Chonnacht sa tóir ar mhórlaochra nua agus tús á chur leis an Pro 12

Bíonn deacrachtaí i gcónaí roimh churaidh aon chomórtais agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar an ngradam, ach is mó i bhfad an dúshlán roimh Chúige Chonnacht

Cúige Chonnacht sa tóir ar mhórlaochra nua agus tús á chur leis an Pro 12

Pat Lam agus a chuid imreoirí. INPHO/James Crombie

Lá órga i nDún Éideann i mí na Bealtaine seo caite d’éirigh le Cúige Chonnacht, faoi stiúir Phat Lam, greim a fháil ar chorn an Pro 12 den chéad uair riamh. Anois tar éis scíth trí mhí beidh siad ar a míle dícheall é a choinneáil thiar ar an mBóthar Beag.

Ní bheidh fáil ar thoradh iarrachtaí Chonnacht ná ar thorthaí aon chúige eile go deimhin, go dtí mí na Bealtaine seo chugainn, nuair a bheas craobhchluiche Pro 12 an tséasúir seo á imirt i Staid Aviva in Áth Cliath. Idir sin agus seo beidh ar fhir an iarthair dhá bhabhta is fiche den chomórtas ceithre náisiún seo a imirt.

Is cinnte go mbíonn deacrachtaí i gcónaí roimh churaidh aon chomórtais agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar an ngradam, ach is mó i bhfad an dúshlán nuair a bhíonn foirne gann ar na mórlaochra a thacaigh leo leis an gcomórtas a bhuachan.

Sin díreach an dúshlán ollmhór atá roimh Phat Lam agus gan fáil aige ar naonúr a d’fhág foireann an chúige ag deireadh an tséasúir seo caite. Ina measc siúd, tá leithéidí Robbie Henshaw, Rodney Ah You, AJ MacGinty agus neart imreoirí eile ach is cinnte gurb é cailliúint an imreora dara líne, Aly Muldowney, atá anois ag imirt le Grenoble na Fraince, an buille is mó do sheans na gConnachtach.

Ach sin mar atá cúrsaí agus Cúige Chonnacht ag dul chun páirce i gcoinne Ghlaschú, curaidh an chomórtais in 2014/15, foireann a bhfuair Connachta an ceann is fearr orthu nuair a d’imir siad iad sa gcluiche cáilithe do chraobh-chluiche an tséasúir seo caite. Tá an t-ádh ar Chúige Chonnacht go bhfuil buntáiste an bhaile acu arís an Satharn seo.

An Satharn seo freisin a bheas na Muimhnigh ag imirt a gcéad chluiche i bPro12 na bliana seo. Ochtar imreoirí a d’fhág na Muimhnigh ag deireadh an tséasúir seo caite, díreach roimh theacht Rassue Erasmus mar stiúrthóir rugbaí ar an gcúige. Ní dóigh gur cluiche as baile i mBabhta 1 i gcoinne Scarlets na Breataine Bige an tús a bhí ón mbainisteoir nua agus é ag iarraidh a lorg a leagan ar chúige a lig síos lucht a leanta le cúpla séasúr anuas.

Ach sula n-imrítear an dá chluiche sin, beidh Cúige Laighean, foireann a chaill trí imreoir déag ag deireadh an tséasúir seo caite, ag tabhairt faoi Treviso na hIodáile san RDS ar an Aoine. Tá Luke Fitzgerald, fear atá gortaithe, Ben Te’o, Ian Madigan, Marty Moore agus Isaac Boss i measc na n-imreoirí nach mbeidh ar fáil do Leo Cullen an séasúr seo. Cé go mbeidh neart dúshlán agus deacrachtaí roimh na Laighnigh i rith an tséasúir seo ní dóigh go mbeidh mórán stró orthu an lámh in uachtar a fháil ar Treviso i mBabhta 1.

Ar an Aoine freisin a bheas na hUltaigh ag cur tús lena dturas Pro 12 i gcluiche i gcoinne na Dragons. Tá an t-ádh ar fhir Bhéal Feirste gur sa mbaile a bheas siad ag imirt a gcéad chluiche, go háirithe agus seachtar imreoirí caillte acu.

Is deacair tuar a dhéanamh maidir le toradh chluichí na deireadh seachtaine seo, gan trácht ar iarracht a dhéanamh toradh dheireadh an chomórtais a thuar, ach is cinnte go mbeidh tús maith sna babhtaí luaithe ríthábhachtach do chuile fhoireann, go háirithe iad siúd a mbeidh buntáiste an bhaile leo. Tá rud amháin cinnte, fiú ag an staid seo agus gan cluiche amháin féin imeartha fós, ní bheidh an chraobh ag dul go dtí an Iodáil ag deireadh an chomórtais Pro 12 seo! 

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht sa tóir ar mhórlaochra nua agus tús á chur leis an Pro 12'