Cúige Chonnacht ag filleadh ar an Iodáil ach an t-am ag breith orthu

Níl cúis ar bith nach féidir le fir an iarthair bua le ceithre úd a fháil san Iodáil agus an cluiche in aghaidh Zebre a cuireadh ar ceal an fómhar seo caite á imirt arís

Cúige Chonnacht ag filleadh ar an Iodáil ach an t-am ag breith orthu

Cúige Chonnacht i mbun traenála sa Ghaillimh Dé Céadaoin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

I bhfad siar i mí Mheán Fómhair seo caite, tá mise cinnte go raibh na Connachtaigh sásta gur chuir an réiteoir an cluiche a bhí á imirt acu san Iodáil i gcoinne Zebre ar ceal ag leath ama de bharr fíor-dhrochaimsir. Bhí Zebre 21 – 10 chun cinn ag an am agus an chuma ar an scéal go raibh bua cáiliúil i ndán dóibh. Anois agus scíth ag na foirne eile sa Pro 12 nár éirigh leo na babhtaí ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh nó i gCorn an Dúshláin a bhaint amach, tá Cúige Connacht ag filleadh ar an Iodáil chun an cluiche úd a imirt, óna thús.

Ón lá sin, le linn Babhta 3 den Pro 12 agus ó shin i leith, ní go ró-iontach a d’éirigh le ceachtar den dá fhoireann. Agus Babhta 19 anois linn, tá ceithre chluiche dhéag eile imeartha acu agus tá Zebre fós ar thóir an dara bua, iad sáinnithe ar íochtar an tábla, sé phointe taobh thiar de Treviso, an fhoireann eile ón Iodáil. Is cinnte go mbeidh cuimhne na dea-imeartha a chonaic muid uathu sa gcéad leath sin i mBabhta 3 ina spreagadh iontach acu amárach, ach seans go mbeidh an 13 cluiche a chaill siad ó shin ar a n-intinn acu chomh maith céanna. 

Maidir leis na Connachtaigh, tá siadsan sa seachtú háit. Ar ndóigh is í an séú háit, ar a laghad, an sprioc atá ag chuile fhoireann atá ag iarraidh a bheith ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Ach tá bearna 12 pointe idir Cúige Chonnacht sa seachtú háit agus Glaschú sa séú háit, agus gan ach ceithre bhabhta le n-imirt sa gcomórtas seo. Ciallaíonn sin nach bhfuil aon rogha ag na Connachtaigh ach an cluiche seo a bhuachan le ceithre úd, sin más fúthu seans ar bith a bheith acu imirt i gCorn na gCuradh arís. 

Níl cúis ar bith nach féidir le fir an iarthair é sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht ag filleadh ar an Iodáil ach an t-am ag breith orthu'