Cúig rud a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe na deireadh seachtaine seo

Fir óga Chill Chainnigh ag teacht chun tosaigh, forbairt iontach á déanamh i bPort Láirge, fadhbanna ag peileadóirí na Gaillimhe agus ceachtanna eile ón deireadh seachtaine

John Power and Kevin Kelly 25/8/2012
Bhí imreoirí óga Chill Chainnigh, ar nós John Power (ar chlé) agus Kevin Kelly (ar dheis), chun tosaigh sa chluiche sraithe i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Imreoirí óga Chill Chainnigh ag teacht chun cinn ag an am ceart

Nuair a bhuaigh Cill Chainnigh, gan ach leath na foirne a bhuaigh Craobh na hÉireann an fómhar seo caite, ar Chorcaigh i mBabhta 1, bhreathnaigh sé go raibh ionadaithe faighte láithreach ag Cody do JJ Delaney, Brian Hogan agus a leithéidí. Tar éis dóibh na trí chluiche ó shin a chailleadh, is léir nach bhfuil sé chomh héasca sin áiteanna na laochra sin a líonadh agus go bhfuil laigí ag Cill Chainnigh ar nós gach duine eile.

go raibh a n-áit sa chluiche dícháilithe an seachtain seo chugainn deimhnithe roimh an gcluiche i gcoinne an Chláir inné, tháinig imreoirí óga Chill Chainnigh chun tosaigh arís i bPáirc Uí Nualláin.  Thug Jonjo Farrell agus Mark Kelly taispeántais mhaithe uathu ach ba é Kevin Kelly is mó a sheas amach, é ag aimsiú 1-9 ar an lá.

Agus imreoirí Bhaile hÉil agus roinnt fir eile a bhí gortaithe le teacht ar ais don chluiche fíorthábhachtach an Domhnach seo chugainn, ba thráthúil mar a thaispeáin Kelly agus a chomhghleacaithe an mianach atá iontu.

Kevin Walsh 25/1/2015
Dealraíonn sé gur ag dul i méid atá fadhbanna Kevin Walsh ó sheachtain go seachtain. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Céard atá á rá ag Kevin Walsh lena chuid imreoirí ag leath am?

Bhí na Gaillimhigh sé phointe chun cinn ag an mbriseadh i gcoinne an Dúin, cúig phointe chun cinn in aghaidh an Chabháin agus bhí bearna de sé phointe acu arís in aghaidh Laoise. Faoin am gur chríochnaigh na chluichí sin ar fad, bhí an farasbarr caite uathu sa dara leath.

Nuair a tharla sé i gcoinne an Dúin, bhí daoine sásta sochar an amhrais a thabhairt do Ghaillimh ach, agus é tarlaithe faoi thrí, tá ceisteanna á gcur faoi himreoirí agus faoi Walsh é féin. Níor scóráil na Gaillimhigh ar chor ar bith sa dara leath i gcoinne Laoise, ‘éacht’ dhochreidte d’fhoireann a bhí ag imirt sa bhaile, is cuma cén sórt gaoithe a bhí ann.

Bhreathnaigh sé go raibh Gaillimh ar an mbóthar chuig Roinn 1 ag tús na sraithe agus an chéad dá chluiche buaite acu ach anois tá géarghá le pointí a fháil ó na chluichí i gcoinne Ros Comáin agus Cill Dara má siad ag iarraidh ísliú céime a sheachaint.

Jason Forde and Noel McGrath celebrate 22/3/2015
Noel McGrath agus Jason Forde ag ceiliúradh lena chéile tar éis a mbua i gcoinne Corcaigh. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tiobraid Árainn rogha na coitiantiachta don Chraobh Iomána

Dar ndóigh, ní thugtar amach Corn Mhic Cárthaigh ag an am seo den bhliain ach tá taispeántais Thiobraid Árann le cúpla seachtain anuas tar éis dul I bhfeidhm go mór orthu siúd atá ag cuimhneamh cheana ar bhfeachtas atá amach romhainn.

gur chaill siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath i mBabhta 1, tá teacht aniar déanta ó shin acu agus ceithre chluiche eile buaite acu, bua d’aon phointe amháin i gcoinne Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite san áireamh. Bhí foireann Thiobraid Árann 12 phointe chun deiridh sa chluiche sin ach d’aimsigh siad 2-9 sa 17 nóiméad deireanach, i gcomparáid leis an dá chúilín a fuair Corcaigh.

Anois, tá fíor nach raibh na deacrachtaí céanna ag Tiobraid Árann maidir le gortuithe agus a bhí ag foirne eile ach beidh Eamonn O’Shea fós iontach sásta leis an méid atá feicthe aige sa tsraith go dtí seo. Cé go bhfuil tamall fada romhainn go gcrochfar Corn Mhic Cárthaigh ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin, meastar gur ag muintir Tiobraid Árann atá an seans is fearr de bharr na ndeacrachtaí atá ag Cill Chainnigh faoi láthair, go háirithe agus iad ag lorg imreoirí nua d’ionaid thábhachtacha ar an bpáirc.

Derek McGrath and Dan Shanahan 19/7/2014
Tá Port Láirge tar éis ardú céime chuig Roinn 1A a fháil faoi chúram an bhainisteora, Derek McGrath (ar chlé), agus a roghnóir Dan Shanahan (ar dheis). Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Atógáil Phort Láirge ag dul ó neart go neart faoi chúram McGrath

Tar éis bliain amháin a chaitheamh i Roinn 1B, fillfidh Port Láirge díreach chuig Roinn 1A. Ní hamháin sin, ach is iad an t-aon foireann iad ón gcéad dá roinn nach bhfuil aon chluiche caillte acu. Rinne siad an gaisce sin, in ainneoin go raibh orthu taisteal chuig Loch Garman, Luimneach agus Uíbh Fhailí.

Ag tús na bliana, ní raibh muintir Phort Láirge ag súil le mórán. Tháinig athrú mór ar phainéal an chontae i rith an gheimhridh. D’éirigh Stephen Molumphy, Shane Walsh agus Seamus Prendergast as an imirt, triúir imreoirí a bhfuil go leor taithí acu, agus fuair an bainisteoir, Derek McGrath, réidh le Liam Lawlor, Jamie Nagle agus Richie Foley chomh maith roimh thús na bliana seo.

McGrath tar éis cuid de na himreoirí a bhí ar fhoireann Phort Láirge a bhuaigh craobh na mionúr i 2013 a thabhairt isteach agus tá ag fáil luach a shaothair faoi láthair. Bhí bua slachtmhar acu i gcoinne Loch Garman agus beidh siad lán de mhuinín nuair a thiocfaidh Gaillimh chuig Port Láirge don chluiche ceathrú ceannais an tseachtain seo chugainn.

John Power reacts to a missed chance 8/3/2015
Is é John Power imreoir eile nár éirigh leis poc éirice a shlánú le déanaí. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé thar am rialacha an phoic éirice a athrú

De réir nós imeachta, bhí na rialacha nua a ceadaíodh an mhí seo caite ag an Comhdháil ceaptha teacht isteach an deireadh seachtaine seo chugainn, ceithre seachtain tar éis an chruinnithe sa Chabhán. Tá fógartha ag CLG anois nach dtiocfaidh na hathruithe sin isteach go dtí an 11 Aibreán, tar éis na gcluichí ceathrú ceannais sa tsraith.

bhronntar poc éirice in aon cheann de na cluichí sin, ba cheart treoir a thabhairt don fhear atá á thógáil í a bhualadh thar an trasnán mar, leis na rialacha atá ann faoi láthair, níl seans go scórálfar é. Chonaic muid arís é an deireadh seachtaine seo sa chluiche i bPáirc Uí Nualláin idir Cill Chainnigh agus an Clár. Níor éirigh le ceachtar de bhuillí John Power ná Tony Kelly sa chluiche sin agus leis an gcaoi a bhfuil faoi láthair, níl aon ‘phionós’ ann d’fhoireann a thugann poc pionóis uathu.

seans ann go ndéanfaidh an riail nua cúrsaí ró-éasca do na tosaithe ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Cúig rud a bhí le foghlaim ó chluichí sraithe na deireadh seachtaine seo'