Cúig fhoireann eile ar an mbealach chuig Baile Bhuirne do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Imríodh na babhtaí cáilithe i nGaillimh agus i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine agus áit bainte amach ag Maigh Cuilinn, Naomh Conaill agus Ard an Rátha sa chomórtas sinsir. Beidh Rinn Mhaoile agus Na Dúnaibh sa chomórtas sóisir

Foireann buacach Mhaigh Cuilinn
Foireann buacach Mhaigh Cuilinn

Bhain cúig fhoireann áit amach i gComórtas Peile na Gaeltachta 2016 le linn an deireadh seachtaine agus babhtaí cáilithe imeartha i gConamara agus i nDún na nGall.

Ba iad Maigh Cuilinn (Sinsir), Rinn Mhaoile (Sóisir), Naomh Conaill (Sinsir) agus Na Dúnaibh (Sóisir) a bhuaigh na comórtais áitiúla ar an Luan. Beidh foireann shinsir Ard an Rátha ag filleadh ar Bhaile Bhuirne chomh maith in ainneoin dóibh a gcluiche ceannais a chailleadh in aghaidh Naomh Conaill, toisc go raibh áit bainte amach ag fir na nGleannta ag an gcomórtas náisiúnta cheana féin mar gurbh iad Naomh Conaill curaidh na sinsear in 2015.

Bhuaigh Maigh Cuilinn comórtas sinsir na Gaillimhe tar éis dóibh Naomh Anna, Leitir Móir, a shárú sa gcluiche ceannais inné. Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag deireadh an chluiche, 1-14 in aghaidh 2-10 ach bhí an lá le fir an Bhaile Dhóite.

Cúl a fuair Pádraig Ó Loideáin do Mhaigh Cuilinn a chuir tús leis an gcluiche ceannais sinsir, agus, a bhuíochas de chruinneas Pheadair Uí Chuaig as ciceanna saora, bhíodar 1-7 in aghaidh 0-1 chun cinn ar Naomh Anna ag druidim le leath ama.

Ar ais le fir na n-oileán áfach agus bhí an farasbarr laghdaithe go trí phointe acu go luath sa dara leath tar éis do Patrick Mark Ó Fátharta dhá chúl a aimsiú, ceann roimh leath ama agus ceann ó chic éirice go luath i ndiaidh an bhrisidh.

Níor tugadh an seans do Leitir Móir dul chun cinn a dhéanamh sa choimhlint áfach agus d’éirigh le Maigh Cuilinn an bhearna a mhéadú go dtí trí phointe agus an cluiche ag teacht chun deiridh. Rinne cúl báire Mhaigh Cuilinn, Séamus Ó Frighil, go maith chun ‘urchar’ de chuid Choilm Mhic Dhonnchadha a chur thar an trasnán sa nóiméad deireanach, nuair a thabharfadh cúl na foirne ar comhscór. D’aimsigh Naomh Anna pointe eile in am breise chun an farasbarr is lú anois idir na foirne. Ní raibh siad in ann an scór cinniúnach sin a fháil, áfach.

Sa gcluiche ceannais sóisir, scóráil Cathal Ó Néill agus Eoghan Ó Gionnáin cúil ag tús agus ag deireadh an chéad leatha chun Rinn Mhaoile a fhágáil 2-3 in aghaidh 0-5 chun cinn ar an Spidéal ag leath ama.

Chuir an Spidéal an-tús leis an dara leath nuair a chuir Ciarán Breathnach an liathróid san eangach ach chuir siad deis iontach amú nuair a bhuail Dónal Ó Fátharta an cuaille le cic éirice díreach i ndiaidh an chúil sin.

Mhéadaigh Rinn Mhaoile an farasbarr agus fuair siad trí chúilín as a chéile ach nuair a scóráil Cillín Ó hEochaidh cúl don Spidéal, ní raibh ach pointe amháin eatarthu, 2-6 in aghaidh 2-5. Faraor don fhoireann baile, bhí an-lá ag Josh Uí Loideáin ó leis na ciceanna saora agus d’aimsigh seisean ceithre cinn as a chéile, rud a d’fhág go raibh an cluiche buaite ag Rinn Mhaoile fiú sular aimsigh Nollaig Varley an tríú cúl dóibh agus an t-am istigh. 3-11 in aghaidh 2-8 an scór ag deireadh an chluiche.

I nDún na nGall, ba iad na foirne céanna a bhuaigh na comórtais áitiúla in 2015 a rinne an beart arís i mbliana.

Ocht bpointe a bhí mar fharasbarr ag Naomh Conaill ar Ard an Rátha sa chluiche ceannais sinsir a imríodh sna Gleannta inné, 3-14 in aghaidh 3-6, agus ceithre cinn de na cúil ag teacht sa chéad leath.

Is iad Naomh Conaill a d’aimsigh an chéad cheann tar éis naoi nóiméad, Ethan O’Donnell ag cur an fhoireann baile cúig phointe chun cinn ach bhí cúl eile aimsithe ag Ard an Rátha taobh istigh de nóiméad nuair a shlánaigh Tomás Boyle cic éirice.

Agus ceathrú huaire imeartha, fuair Gareth Concarr cúl eile d’Ard an Rátha chun iad a thabhairt ar ais ar comhscór, 1-5 in aghaidh 2-2, ach ba iad Naomh Conaill ba láidre a chríochnaigh an leath sin agus farasbarr ceithre phointe acu, a bhuíochas de chúl Jason Campbell.

Bhí Naomh Conaill i gceannas ar chúrsaí arís sa dara leath, Leon Thompson ag aimsiú an tríú cúl dóibh agus cé gur aimsigh Kenneth Doherty ceann eile d’Ard an Rátha déanach sa lá, bhí an choimhlint thart faoin am sin.

Is beag nár éirigh le foireann sóisir Naomh Conaill ina gcluiche ceannais chomh maith ach d’aimsigh Na Dúnaibh dhá chúl agus an t-am beagnach caite chun an lá a thabhairt leo. Bhí Naomh Conaill dhá phointe chun cinn, 2-6 in aghaidh 0-10, agus gan ach dhá nóiméad fágtha nuair a d’aimsigh Na Dúnaibh a gcéad chúl.

Bhuail cic 45m Ghary McClafferty in aghaidh an trasnáin agus chríochnaigh sé san eangach tar éis dó droim an chúl báire, Tony Byrne a bhualadh. Nóiméad ina dhiaidh sin, bhí cúl eile aimsithe acu nuair a scóráil Lorcan Connor chun an bua a chinntiú.

Bhí an méid sin dian ar Naomh Conaill a bhí i gceannas do chuid mhaith den chluiche. Bhí siad cúig phointe chun cinn ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-3. Johnny McLoone a d’aimsigh an cúl dóibh, ach ba ag Na Dúnaibh a bhí buille maraithe na muice.

Fág freagra ar 'Cúig fhoireann eile ar an mbealach chuig Baile Bhuirne do Chomórtas Peile na Gaeltachta'