Cúig chomhlacht roghnaithe le mórscannáin Ghaeilge a fhorbairt do TG4

Tá €25,000 á chur ar fáil ag TG4, le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireanna agus an BAI, do gach ceann de na cúig thogra le forbairt a dhéanamh orthu sula roghnófar péire den chúig cinn le léiriú ina n-iomlán

Cúig chomhlacht roghnaithe le mórscannáin Ghaeilge a fhorbairt do TG4

Tá cúig chomhlacht léiriúcháin dulta tríd chuig an gcéad chéim eile den scéim ‘Cine4’ a d’fhógair TG4 níos luaithe i mbliana. Tá maoiniú faighte ag Fíbín Media, Macalla, Danú Media, Wildfire agus Abú Media le fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt.

Tá €25,000 á chur ar fáil ag TG4, le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann agus an BAI, do gach ceann de na cúig thogra le forbairt a dhéanamh orthu sula roghnófar péire acu le léiriú ina n-iomlán.

Taispeánfar na scannáin a léireofar faoin scéim nua i bpictiúrlanna agus ag féilte scannán na hÉireann sula gcraolfar ar TG4 iad. Tá an scéim á reachtáil i mbliana ar bhonn trialach, ach is í an sprioc an scéim a chur ar bun ar bhonn bliantúil amach anseo, rud a d’fhágfadh go léireofaí dhá fhadscannán Gaeilge sa bhliain ar feadh na gceithre bliana atá amach romhainn.

Cuirfear buiséad suas le €1.2 milliún ar fáil do na scannáin a léireofar faoin scéim.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag súil na cúig thogra atá roghnaithe anois a bheith forbartha faoi mhí na Samhna agus gur thart ar an tráth sin a roghnófar an péire atá le léiriú ina n-iomlán.

Tá na scríbhneoirí scripte Dathaí Keane, Diarmuid de Faoite, Antoine Ó Flatharta agus daoine eile nach iad luaite leis na tograí atá roghnaithe.

Chuir 21 comhlacht 30 iarratas isteach ar an scéim agus roghnaíodh ‘Finky’ le Abú Media, ‘Saoi’ le Danú Media, ‘Finscéal’ le Fíbín Media, ‘Arracht’ le Macalla, agus ‘Sail Óg Sarah’ le Wildfire films.

Fógraíodh ar maidin go bhfuil an dara babhta den scéim anois oscailte, mar gheall ar an méid comhlachtaí a chuir isteach ar an gcéad bhabhta, agus go nglacfar le hiarratais ar an mbabhta sin go dtí Dé hAoine an 6 Deireadh Fómhair.

Ghabh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont buíochas le gach comhlacht a chuir isteach ar an scéim agus dúirt go gcreideann sé go gcruthóidh an scéim nua deiseanna idirnáisiúnta do scannánóirí na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cúig chomhlacht roghnaithe le mórscannáin Ghaeilge a fhorbairt do TG4'