Cúig cheacht ó chluiche ceannais na hÉireann…

Féachann Tuairisc.ie siar ar chuid de na scéalta móra ó lá mór na hiománaíochta i bPáirc an Chrócaigh inné

Cúig cheacht ó chluiche ceannais na hÉireann…

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tacaíocht do na réalta

Seans go raibh an bheirt iománaithe is sciliúla sa tír ag imirt i bPáirc an Chrócaigh inné ach ní hé an oiread sin tionchair a bhí ag Joe Canning ná ag Austin Gleeson, ach go háirithe, ar an imirt. Le bheith féaráilte d’fhear na Gaillimhe, d’aimsigh sé naoi bpointe, dhá cheann ón imirt san áireamh. Ní raibh locht ar bith ag na pocanna saora aige, rud nach bhféadfaí rá faoi Pauric Mahony. Ach seachas an dá phointe sin a fuair Canning ón imirt sa chéad cheathrú uaire, ní fhacthas san imirt an oiread sin é.

Tionchar níos lú fós a bhí ag Austin Gleeson. Chuir sé dhá iarracht ar fóraoil in am cúitimh, ceann ó phoc sleasa agus ceann eile ó phoc saor a thriail sé é a sheoladh isteach i dtreo na cearnóige. Léiriú ab ea an dá iarracht amú sin ar an drochlá  a bhí aige.

Ar an drochuair do Gleeson, ní raibh a chomhghleacaithe leath chomh maith agus a bhí fir na Gaillimhe a bhain de cuid den bhrú a bhíonn ar Canning i gcónaí. Bhí an chabhair sin a fuair Canning cinniúnach i gcaitheamh na craoibhe i ndáiríre, cabhair ná raibh aige i gcónaí blianta eile. Fiú nuair nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa, bhí daoine eile ann chun an beart a dhéanamh.

Cúilín gleoite ó Joe Canning. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tionchar na n-ionadaithe cinniúnach do Gaillimh

Faoin am go raibh 30 nóiméad imeartha, bhí seachtar tar éis cúilíní a aimsiú do Gaillimh. Ba é Jonathan Glynn an t-aon fhear i measc na dtosaithe agus na n-imreoirí lár páirce nár aimsigh scór le linn na tréimhse sin.

Níorbh iad na fir a thosaigh an cluiche amháin ba chúis leis an mbua, áfach. Bhí baint mhór ag na hionadaithe leis an scéal chomh maith agus ba léiriú maith ar mheon diongbháilte na Gaillimhe uile an obair mhór a rinne Niall Burke agus Jason Flynn nuair a tháinig siad isteach.

Tar éis dó drochthaispeántas a thabhairt uaidh i gcluiche ceannais Laighean, fágadh amach Jason Flynn do chluiche leathcheannais na hÉireann. Ba é Niall Burke a tháinig isteach ina áit ach bhí drochlá aige siúd agus chaill sé a áit ar an bhfoireann don chluiche ceannais.

Ní raibh strainc ar bith orthu beirt áfach, bhí díocas na beirte soiléir a luaithe agus a tháinig siad isteach inné. D’aimsigh siad dhá phointe an duine nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá, agus d’éirigh leo cúpla poc saor a bhuachan freisin. Rinne siad a gcion agus b’fhéidir nach ag ceiliúradh a bheadh muintir na Gaillimhe inniu dá n-uireasa.

Iomaíocht slua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Cruinneas ag teastáil chun an cosantóir le cois a bhualadh

Is í an chúis is mó le cosantóir le cois a imirt ná chun deiseanna ar chúil a stopadh agus is cinnte gur éirigh le Port Láirge agus Tadhg de Búrca é sin a dhéanamh inné. Bhí de Búrca ar dhuine den bheagán imreoirí ó Phort Láirge a bhí i mbarr a mhaitheasa inné, ach fós d’éirigh le Gaillimh bealach timpeall air a aimsiú.

Níor sheol na Gaillimhigh an liathróid in aon ghaobhar don Bhúrcach ar feadh an chéad deich nóiméad agus iad ag úsáid an spáis ar na cliatháin chun a gcuid scóranna a aimsiú. Ar chúis éigin, níor lean siad orthu leis an bplean sin don chuid eile den chluiche.

Tar éis do Phort Láirge a gcéad chúl a scóráil, thosaigh Gaillimh ag bualadh pasanna móra fada i dtreo an chúil agus arís agus arís eile, bhí de Búrca á scuabadh chun siúil. B’in í an chúis nach raibh Gaillimh níos faide chun cinn ag leath ama. Sa dara leath, nuair a tháinig Niall Burke agus Jason Flynn isteach, d’fhan siad amuigh ar an líne 45m, os comhair de Búrca, chun an liathróid a bhuachan agus bhain Gaillimh an-leas as an gcur chuige sin.

Luadh go minic roimh an gcluiche ceannais nach raibh cúl scóráilte ag na Gaillimhigh óna gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath ag tús an tsamhraidh ach i dtrí chinn de na ceithre chluiche a d’imir siad ó shin, in aghaidh Uíbh Fhailí, Loch Garman agus i gcoinne Phort Láirge inné, bhí siad ag imirt in aghaidh foirne a bhain úsáid as an gcosantóir le cois.

Is beag seans a chruthaigh foireann Mhicheál Donoghue ar chúl in aon cheann de na cluichí sin ach bhí an cumas agus an cruinneas acu chun an dúshlán a shárú. 0-33 a d’aimsigh siad i gcoinne Uíbh Fhailí, 0-29 a fuair siad in aghaidh Loch Garman agus 0-26 a fuair siad inné. Is cuma faoi easpa cúl, nuair is féidir le foireann an oiread sin cúilíní aimsiú.

Jack Canning. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Canning eile ar an mbealach

Níl an Ghaillimh ag brath chomh mór céanna ar Joe Canning le cúpla bliain anuas agus seans go mbeidh Canning eile chucu gan mhoill chun níos mó cúnaimh fós a thabhairt do Joe.

Bhuaigh foireann mhionúir na Gaillimhe Craobh na hÉireann inné chomh maith agus ba é Jack Canning, nia Joe, laoch na foirne. Cé gur ghéill siad cúl agus gan ach ocht soicind imeartha, rinne Gaillimh teacht aniar chun craobh na mionúr a bhuachan don 11ú huair. Bhí an dá chúl a d’aimsigh Canning sa dara leath cinniúnach.

Ach oiread lena uncail, tá a lán nirt agus scile ag Canning óg agus gach seans go bhfeicfear é i ngeansaí na sinsear sula fada. D’aimsigh sé 1-3 sa chluiche ceathrú ceannais, 1-4 sa chluiche leathcheannais agus 2-2 inné. Dála Joe, feileann na laethanta móra dó.

Fág freagra ar 'Cúig cheacht ó chluiche ceannais na hÉireann…'

  • Con

    Iomanai gaifeach spiagai e Gleeson biodh go bhfuil se scilliuil fairis sin. Deanaim amach go bhfuil se istigh ina cheann aige go gcaitheann se iontas a dheanamh nuair is tabhachtai an rud stuama fiuntach a dheanamh go minic. Sea ta se og agus lig do baois na hoige a chur de agus deanfaidh se iontais gan cuimhneamh air fein na ar na tacoiri.