Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?

Ní fheicfear ‘an tsean-tSiria’ arís go luath, ach tá seans beag go bhfuil geimhreadh an uafáis ag teacht chun deiridh do phobal na tíre ársa sin

Syrian Army

Cúig bliana ó shin, bhí ‘Earrach na nArabach’ faoi lán seoil agus an réigiún ar fad ina chíor thuathail ag agóidí ar son an daonlathais ó Mharocó go hÓman. Ba ar an 15 Márta 2011 a thosaigh na hagóidí sa tSiria agus faoi shamhradh na bliana sin, bhí sé in a chogadh cathartha sa tír sin.

Inniu tá 5 mhilliún teifeach imithe ón tír, an cuid is mó acu sa Tuirc, sa Liobáin agus san Iordáin. Maraíodh idir 250,000 agus 500,000 Siriach eile, ach den chéad uair le blianta tá dóchas ann go bhfuil síocháin i ndán don tSiria sa deireadh.

Ba ar an 17 Nollaig 2010 a chuir Mohamed Bouazizi é féin trí thine mar agóid éadóchasach in aghaidh na drochíde agus an uiríslithe a d’fhulaing sé ó na húdaráis áitiúla agus é ag obair mar dhíoltóir sráide i gcathair bheag i lár na Túinéise. Ba é a bhás ar an 4 Eanáir 2011, an splanc a ghin ‘tEarrach’ mórthimpeall an domhain Arabaigh.

Tá ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria le fada an lá. Tar éis an áir agus na coimhlinte ar fad idir na dreamanna agus na creidimh éagsúla, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh Siria athaontaithe ann. Tá stát de facto bainte amach ag an grúpa ainrialach, Coirdíneach an YPG/J i dtuaisceart na tíre, tá stát uathlathach, ‘Ioslamach’ bunaithe in oirthear na tíre ag lucht ISIS agus tá sé ina chogadh dearg i mbeagnach gach áit eile.

Bhí an lámh in uachtar le déanaí ag arm rialtas Bashar al-Assad toisc an chabhair a fuaireadar ó na Rúisigh ach más fíor ráiteas Vladimir Putin go bhfuil a bhfeachtas ann críochnaithe, is beag seans ag Assad go mbeidh an lá lena rialtas i gcónaí.

Ar an taobh eile, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil ISIS, al-Nusra ná aon dream eile den fhreasúra ag fáil na tacaíochta céanna is a bhí siad. Tá sé ag éirí níos soiléire freisin dóibh siúd lucht atá ag cuidiú leo nach mbeidh an bua ag aon taobh acu.

Tá cogadh cathartha sa tSiria cinnte, ach tá cogaí ‘proxy’ (ionadach) ​ann comh maith. I measc na ngrúpaí agus na dtíortha atá páirteach sna ‘cogaí sin’, tá an Rúis, an Iaráin, an Tuirc, Iosrael, Meiriceá, an Fhrainc, an Bhreatain, An Araib Shádach, Catar, Hezbollah agus an Liobáin.

Má choimeádann an Rúis, mar shampla, a ladar as an scéal agus más féidir stop a chur le hairm agus ógánaigh a bheith á soláthar d’ISIS agus al-Nusra srl, tá seans i gcónaí ann go mairfidh an sos cogaidh a d’fhógair Meiriceá agus an Rúis sa Ghearmáin i mí Feabhra agus go ndéanfar dul chun cinn ag na cainteanna síochána a bhfuil tús á gcur leo san Eilbhéis.

Beidh toradh na gcainteanna sin ag brath ar an bprionsabal go bhfuil an tsíocháin níos luachmhaire do gach páirtí ná slad na gcúig bliana atá caite. Beidh toradh na gcainteanna ag brath chomh maith ar cé atá i láthair. Tá sé deacair a shamhlú go mbeidh ISIS nó al-Nusra ag glacadh páirt iontu ach ní ceart éinne eile a bhrú ar leataobh.

Faraor, ní ceart a bheith ródhóchasach ach an oiread. Tá daoine fós ag troid is ag fáil bháis chuile lá sa tSiria, beag beann ar an sos cogaidh oifigiúil agus d’fhéadfadh casadh eile teacht ar an scéal lá ar bith. Ní fheicfear ‘an tsean-tSiria’ arís go luath, ach tá seans beag go bhfuil geimhreadh an uafáis ag teacht chun deiridh do phobal na tíre ársa seo.