Cúig bhua chinniúnacha ar aistear míorúilteach Chúige Chonnacht

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chúige Laighean i gcluiche ceannais an PRO12 an deireadh seachtaine seo, caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na buanna is tábhachtaí a bhí ag Cúige Chonnacht ar a n-aistear dochreidte

Cúige Chonnacht 11-3 Dún Éideann – Sraith na gCeilteach – 6 Meán Fómhair 2003

 

Eric Elwood agus é ag imirt do Chúige Chonnacht. INPHO/Patrick Bolger
Eric Elwood agus é ag imirt do Chúige Chonnacht. INPHO/Patrick Bolger

go raibh an tsraith ar an bhfód le dhá shéasúr roimhe seo, ba é comórtas 2003/04 an chéad uair gur ghlac Cúige Chonnacht páirt ann. Agus Éire ag imirt cluiche idirnáisiúnta an lá céanna, ní raibh ach beagán os cionn 1,000 duine i láthair chun a gcuid tacaíochta a thabhairt don fhoireann baile ar an lá stairiúil seo.

Ba é Eric Elwood, fear a mbeadh ról lárnach aige i ndul chun cinn an chúige, a bhí ag imirt mar leathchúlaí an lá sin agus ba é a d’aimsigh an chéad chúpla scór dóibh.

Chinntigh úd John Fogarty an bua d’fhir an iarthair gan ach cúpla nóiméad fágtha agus bhí tús curtha leis an aistear ar bhóthar fada a raibh mórán cast ann.

Cúige Chonnacht 9-8 Harlequins – Corn Heineken – 20 Eanáir 2012

 

Paul O'Donohoe ag ceiliúradh tar éis do Chúige Chonnacht an ceann is fearr a gháil ar Harlequins. INPHO/Dan Sheridan
Paul O’Donohoe ag ceiliúradh tar éis do Chúige Chonnacht an ceann is fearr a gháil ar Harlequins. INPHO/Dan Sheridan

Ba é feachtas 2011/12 an chéad uair a d’imir Cúige Chonnacht i bpríomhchomórtas rugbaí na hEorpa, Corn Heineken. Cé gur chríochnaigh siad ag bun Ghrúpa 6, léirigh a mbua in aghaidh Harlequins go raibh dul chun cinn suntasach á dhéanamh acu faoi cheannas Eric Elwood.

Bhí na Sasanaigh ar bharr shraith Aviva nuair a thug siad cuairt ar an mBóthar Beag in 2012 agus bua ag teastáil uathu chun críochnú ar bharr Ghrúpa 6. Bhí bua 25-17 acu ar na Connachtaigh sa chéad chluiche den chomórtas ach bheadh sé níos deacra orthu ar lá fliuch, geimhridh i nGaillimh. Bhí an fhoireann baile 9-5 chun cinn ag leath ama a bhuíochas de chiceanna Niall O’Connor agus cé nach raibh ach pointe eatarthu ag druidim ar lán ama, níor chlis ar na Connachtaigh.

Toulouse 14-16 Cúige Chonnacht – Corn Heineken – 9 Nollaig 2013

 

Bhí Pat Lam ina chéad séasúr mar bhainisteoir ar Chúige Chonnacht nuair a d’éirigh leo ceann de na buanna is iontaí i stair Chorn na hEorpa a fháil. Ceithre huaire a bhí an comórtas buaite ag fathaigh an spóirt, Toulouse, níos mó aon fhoireann eile, ach ní dhearna sé sin aon mhaith dóibh agus na Connachtaigh ag buachan orthu, 14-16, sa Stade Ernest Wallon.

Ba é Kieran Marmion laoch na himeartha ar an oíche. D’aimsigh Marmion úd agus ba é an tAlbanach Dan Parks a fuair na pointí eile lena bhróg. Ba é an chéad chluiche a chaill Toulouse sa bhaile sa Chorn Heineken le cúig bliana. Agus leithéidí Marmion, Robbie Henshaw, Matt Healy agus Eoin McKeown roghnaithe ar an bhfoireann ag Lam, ba shoiléir go raibh sé sásta deis a thabhairt dá imreoirí óga agus go raibh muinín aige astu.

Cúige Chonnacht 10-9 Cúige Laighean – PRO12 – 19 Meán Fómhair 2014

 

Fiú agus an ceann is fearr faighte acu ar Toulouse, chríochnaigh Cúige Chonnacht sa deichiú háit sa PRO12 in 2013/14, ach bhí rudaí ag dul i bhfeabhas céim ar chéim. Mar sin féin, bhí 11 chluiche as a chéile caillte acu in aghaidh na gcúigí eile nuair a tháinig Cúige Laighean chomh fada le Gaillimh i mBabhta 3 den PRO 12 in 2014. Níos measa fós, bhí tréimhsí ann sna cluichí sin ar fad go raibh na Connachtaigh in uachtar nó go ndearna siad botúin sna nóiméid dheireanacha.

Agus iad pointe chun cinn ar na Laighnigh an oíche áirithe seo, 10-9, ní hiontas go raibh a gcroí ina mbéal ag lucht tacaíochta Chúige Chonnacht ag druidim i dtreo dheireadh an chluiche ach tháinig siad slán agus diongbháilteacht nach raibh feicthe cheana againn léirithe ag foireann Pat Lam.

Cúige Mumhan 12-18 Cúige Chonnacht – PRO12 – 28 Samhain 2015

 

Agus imreoirí móra ar iarraidh ar fhoirne eile de bharr Chorn Rugbaí an Domhain, bhain na Connachtaigh leas as an mbuntáiste sin le tús den scoth a chur leis an PRO12. Faoi mhí na Samhna, áfach, bhí na himreoirí sin ar ais ag imirt lena gclubanna agus an chuma ar an scéal nach mbeadh an rath céanna ar fhir an iarthair.

Thug siad aghaidh ar Chúige Mumhan i bPáirc Thuamhan ag deireadh na míosa, áit nach raibh bua faighte acu ó 1986. Bhí an lámh in uachtar ag Cúige Chonnacht don chuid is mó den chluiche, fiú nuair a bronnadh cárta buí ar John Muldoon in eachtra inar géilleadh úd pionóis. Ba é úd Bundee Aki gar don deireadh an scór a chinntigh an bua cáiliúil.