Cuid de smionagar an Rescue 116 aimsithe i nDún na nGall

Tá an cuardach fós ar bun i nGaeltacht Mhaigh Eo don bheirt bhall de chriú an R116, Mark Ormsby agus Ciarán Smith, atá fós ar iarraidh

Cuid de smionagar an Rescue 116 aimsithe i nDún na nGall

Tá cuid de smionagar an Rescue 116, an héileacaptar tarrthála a thit i bhfarraige amach ó chósta an Fhóid Dhuibh i Maigh Eo, tar éis teacht i dtír chomh fada ó thuaidh leis an bPort Nua i nGaeltacht dheisceart Thír Chonaill.

Thángthas ar smionagar ón héileacaptar sa cheantar Dé Sathairn. Tuairiscíodh ar Nuacht an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur tugadh ar tháinig i dtír chuig stáisiún gardaí na nGleanntach. Duine de mhuintir na háite a tháinig ar an smionagar ar an gcladach gar don Phort Nua.

Tháinig iascairí ar smionagar eile ón héileacaptar agus iad ar an mbealach ar ais chuig na Cealla Beaga i ndeisceart Dhún na nGall. Tá an smionagar uilig a fuarthas i nDún na nGall á iniúchadh ag an Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí.

Tá an cuardach fós ar bun i nGaeltacht Mhaigh Eo don bheirt bhall de chriú an R116 atá fós ar iarraidh. Tógadh an captaen Dara Fitzpatrick as an uisce an lá ar thit an héileacaptar i bhfarraige, coicís ó shin, ach bhásaigh sí go luath ina dhiaidh sin san ospidéal.

Tugadh corp an chaptaein Mark Duffy, as Contae Lú, i dtír inné i ndiaidh do lucht cuardaigh teacht air agus ar chabhail an héileacaptair 200m amach ón Tor Dé Céadaoin. Aimsíodh a bhfuil fágtha den héileacaptar le róbat fothoinn a chuir long de chuid Choimisinéirí Shoilse na hÉireann, an Granuaile, san uisce an tseachtain seo caite.

Tá iarrachtaí á ndéanamh inniu cabhail an aerárthaigh a tharraingt aníos ó ghrinneall na mara. Tá beirt bhall den chriú fós ar iarraidh — Paul Ormsby agus Ciarán Smith. Bhí an héileacaptar ar a bhealach ar ais chuig an bhFód Dubh ar an 13 Márta nuair a d’imigh sé gan tásc ná tuairisc.

Táthar ag súil go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir inniu agus go mbeifear in ann an grinneall faoin héileacaptar agus timpeall uirthi a chuardach. Tá an chabhail 40m faoi uisce gar do Theach Solais an Toir.

Fág freagra ar 'Cuid de smionagar an Rescue 116 aimsithe i nDún na nGall'