Cuardach Gaeilge ar fáil ar Foclóir.ie agus ‘Draoi Gramadaí’ curtha le Teanglann.ie

Tá uasdátú déanta ag foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a ligeann d’úsáideoirí focail agus frásaí Gaeilge a chuardach ann agus acmhainn nua curtha le Teanglann.ie a chabhróidh le húsáideoirí gramadach na Gaeilge a thuiscint

Cuardach Gaeilge ar fáil ar Foclóir.ie agus ‘Draoi Gramadaí’ curtha le Teanglann.ie

Tá uasdátú déanta ag foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge agus is féidir anois focal nó frása Gaeilge a chuardach san Fhoclóir Béarla-Gaeilge.

Deir lucht an Fhoclóra, áfach, nach bhfuil an cuardach nua Gaeilge seo “chomh hiontaofa ná chomh héifeachtach” leis an gcuardach Béarla san Fhoclóir.

“Ní foclóir Gaeilge-Béarla ach foclóir Béarla-Gaeilge é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, agus ní fhaightear focail Ghaeilge nó bríonna d’fhocail Ghaeilge san Fhoclóir ach nuair a éilíonn ábhar Béarla an fhoclóra iad,” a dúirt urlabhraí de chuid an Fhoclóra.

Is de réir ord aibítre na gceannfhocal Béarla a thugtar na torthaí cuardaigh agus dá bharr sin is minic nach í an bhrí is coitianta sa Ghaeilge a fheictear ar dtús.

Má chuardaítear focal Gaeilge atá ar aon litriú le focal Béarla, ‘teach’ cuir i gcás, aithneoidh an t-inneall cuardaigh go bhféadfadh gur focal Béarla nó Gaeilge atá ann agus tabharfar rogha cuardach Gaeilge nó Béarla a dhéanamh.

Ní hionann an cuardach Gaeilge agus an cuardach Béarla, a aimsíonn gach foirm den fhocal a chuardaítear. Faightear ‘men’ chomh maith má chuardaítear ‘man’ ach ní aimsíonn an cuardach Gaeilge ach an focal a chuirtear isteach sa bhosca cuardaigh. Mar shampla, má chuardaítear ‘fear’ ní fhaightear fir, fhir, bhfear agus araile.

Tá sé i gceist ag foireann an Fhoclóra cuardach den chineál sin a chur ar fáil sa Ghaeilge amach anseo.

Mar aon leis an uasdátú ar focloir.ie, cuireadh acmhainn nua leis an suíomh teanglann.ie ar maidin a chabhróidh leis an úsáideoir ainmfhocail agus aidiachtaí a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na teanga.

‘An Draoi Gramadaí’ atá ar an inneall nua idirghníomhach atá bunaithe ar an mBunachar Gramadaí atá ar fáil ar an suíomh cheana féin. Tá dhá bhosca san inneall ina gcuirtear ainmfhocal agus aidiacht atá le fáil i bhFoclóir Uí Dhónaill agus taispeántar na bealaí cruinne leis an dá fhocal a chur le chéile.

Mar shampla, má chuirtear an t-ainmfhocal ‘fear’ agus an aidiacht ‘mór’ sa dá bhosca, taispeánfar: ‘fear mór/an fear mór’, ‘fir mhóir/an fhir mhóir’, ‘fir mhóra/na fir mhóra’, agus ‘fear mór/na bhfear mór’.

Fág freagra ar 'Cuardach Gaeilge ar fáil ar Foclóir.ie agus ‘Draoi Gramadaí’ curtha le Teanglann.ie'