Cuardach ar bun d’fhear atá ar iarraidh ar Chnoc Bhréanainn

Tuairiscítear gur as an mBreatain an fear atá ar iarraidh agus go bhfuil an-taithí aige ag siúl ar shléibhte

Cuardach ar bun d’fhear atá ar iarraidh ar Chnoc Bhréanainn

Tá cuardach ar bun faoi láthair d’fhear, atá sna 60idí, atá ar iarraidh ar Chnoc Bhréanainn i nGaeltacht Chiarraí.

Níor tháinig an fear ar ais ag a charr i gCorca Dhuibhne tráthnóna aréir. Tuairiscítear gur as an mBreatain é agus go bhfuil an-taithí aige ag siúil thar shléibhte.

D’úsáid sé a fhón póca ag thart ar a 3 a chlog tráthnóna aréir agus tá an lucht tarrthála ag bunú a gcuardaigh ar an áit as ar tháinig an glaoch sin.

Tá Tarrtháil Sléibhe Chiarraí agus Garda Cósta an Daingin i mbun an chuardaigh ach b’éigean dóibh deireadh a chur leis aréir mar gheall ar an gceo a thit i rith na hoíche.

Tosaíodh an cuardach arís moch maidin inniu agus tá an dá thaobh den sliabh, an taobh thoir agus an taobh thiar, á chuardach acu. Tá an héileacaptar R115, as Aerfort na Sionainne, i mbun cuardaigh timpeall an tsléibhe freisin.

Fág freagra ar 'Cuardach ar bun d’fhear atá ar iarraidh ar Chnoc Bhréanainn'