LÉIRMHEAS: Cuairt an daill ar Dhánlann Mháirtín Uí Chadhain

Éistear le glór an Chadhnaigh, a deirtear linn. Éistear, cinnte. Géilltear dó. Umhlaítear roimhe. Saortar é.

Máirtín Ó Cadhain

Máirtín Ó Cadhain: rogha scéalta
Louis de Paor a roghnaigh
Cló Iar-Chonnacht, €15.00
ISBN 978-1-78444-104-3

An uair dheireanach a thug mé cuairt ar Iarsmalann Uladh, d’amharc mé ar phictiúir le John Lavery. Tá siad i seomra beag dá gcuid féin agus níl mórán acu ann. Mar sin féin, is deas suaimhneach atá an seomra agus ní fada go dtéann draíocht na bpictiúr i bhfeidhm ort. Ní saineolaí ar chúrsaí ealaíne mé agus déarfainn go bhfuil mé le rangú i measc na sluaite a thugann cuairt ar dhánlanna an domhain le saothar Caravaggio, da Vinci agus daoine eile a fheiceáil agus gan mórán eolais againn orthu. Tuigeann muid, dá aineolaí muid, go bhfuil muid i láthair ealaíne; go bhfuil draíocht ar obair ar na ballaí romhainn.

Dánlann de chineál inteacht eile atá i gceist le cnuasach gearrscéalta ach dánlann mar sin féin. D’fhéadfá an leabhar seo – Máirtín Ó Cadhain: rogha scéalta – a athainmniú mar Mháirtín Ó Cadhain: dánlann gan stró ar bith. In áit pictiúir ar an bhalla, tá portráidí ar an leathanach. Agus, más léitheoir in aois áirithe thú, seans nach mbeidh saothar ort na portráidí a aithint; seans go mbeidh go leor den teanga seo agat leis na focail a dhíchódú agus iomlán an scéil, iomlán an phictiúir, a fheiceáil. Oiread céanna le healaíontóir mór ar bith eile, líonann Ó Cadhain canbhás seo Chonamara le daoine, le portráidí, le radharcanna, le mothúcháin, nach mbeadh as áit ar bhalla dánlainne ar bith ar domhan. Is é ár Lavery é; ár Yeats, ár Keating, ár Picasso é.

Ach a chuid scéalta a léamh. An bhfuil amhras ar dhuine ar bith dá mbeadh An Bóthar go dtí an Ghealchathair nó An Bhliain 1912 nó An Strainséara ar ceant go mbeadh luach na milliún euro orthu ach fráma a bheith thart orthu? Tá mé ag déanamh áibhéile? Seans, seans go bhfuil. Ach, mar sin féin, ina ainneoin sin… nach bhfuil rud inteacht as an ghnáth againn anseo?

Cad é a déarfadh an mhuintir óga fúthu: tá siad eipiciúil, a dhuine. Maireann na carachtair. Is ann dóibh go fóill. Tá siad inár measc. Bíonn mórán carranna le feiceáil ar an bhóthar go dtí an ghealchathair anois; ní bheifeá gan jaunt. Ach aithníonn muid an bochtanas a thugann ort tabhairt faoin turas sa chéad dul síos nó is muid atá bocht go fóill – in ainneoin an Tíogair Cheiltigh. Aithníonn muid an t-ocras mar ní fada uainn an t-ocras céanna. (Amharc ar an airgead mór a bhí le fáil ar thalamh tá tamall gairid ó shin. Fan! Níl ann ach talamh i ndeireadh thiar thall!). Aithníonn muid go bhfuil carachtair Uí Chadhain gan chumhacht nó is gan chumhacht atá muid féin, bíodh is go bhfuil comhairleoirí agus Teachtaí Dála agus vóta agus daonlathas againn. (Amharc go bhfuil siad ar lorg airgid as uisce – uisce! – a ól.) Agus aithníonn muid an fhearg agus an t-éad agus, leoga, an dínit atá iontu. Is fuil dá gcuid fola muid, feoil dá gcuid feola.

Ach a chuid scéalta a léamh. Agus sin an deacracht. Luann Louis de Paor “cruachaint” Uí Chadhain agus, ‘sea, bíonn cruachaint ann. Tá an teanga seo leath againn á meilt agus á meilt le himeacht ama. (Cá mhéad Caighdeán Oifigiúil atá anois againn, gan a bheith ag caint ar chanúintí agus leathchanúintí agus ceathrúchanúintí agus canúintí nach canúintí iad ach Béarla le cúpla focal Gaeilge iontu?)

Ní saineolaí ar chanúint Chonamara mé agus bíonn orm an foclóir a tharraingt anuas den tseilf le míniú níos fearr a fháil ar fhocail agus a gciall. (B’fhéidir go bhfuil gach aon fhocal i nGaeilge ar eolas agatsa. Níl agamsa.) Cad é mar atá Gaeilge Chonamara ag glúin óg Chonamara? An í Gaeilge an tseanathar atá ag Ó Cadhain nó Gaeilge an tsin-seanathar? An bhfuil mórán Conallach óg a chuirfeadh an trioblóid orthu féin saothar seo Chonamara a léamh? (Ba cheart dóibh! Is den Ghaeltacht iad.)  Agus léitheoirí eile nach mbaineann leis an Ghaeltacht? Cad é mar a rachaidh siad i ngleic lena chuid scéalta, muidinne, an ghlúin nua sofaisticiúil, glúin Gucci?

Éistear lena ghlór, a scríobhann de Paor. Éistear, cinnte. Géilltear dó. Umhlaítear roimhe. Saortar é. Tá an dánlann ar oscailt. Tá na portráidí ar na ballaí. Siúil leat go réidh ó phictiúr go pictiúr. Ná bíodh eagla ort roimh an dúch; níl sa dúch ach uiscedhath de chineál eile. Druid do shúile agus feicfidh tú gach rud.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cuairt an daill ar Dhánlann Mháirtín Uí Chadhain'