Cua, Con agus an Ghaeilge abú! Ach cuimhnigh ar chás Cunningham…

Cua, Con agus an Ghaeilge abú! Ach cuimhnigh ar chás Cunningham… De réir an tseanrá ní bhíonn scamall gan ghealán, ach i gcás Chuala de a mhalairt atá fíor do Ger Cunningham agus a chomhghleacaithe

Cua, Con agus an Ghaeilge abú! Ach cuimhnigh ar chás Cunningham…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An rud is annamh is iontach. Foireann sinsear iomána ó Bhaile Átha Cliath ag fáil an lámh in uachtar ar fhoireann ó Chill Chainnigh. An Domhnach seo a d’imigh tharainn bhí Cuala i bhfad Éireann níos fearr ná Gaeil Uí Lochlainn. 

Anois tá gach seans go mbeidh Cuala ag glacadh páirte i lá mór na gClubanna Sinsear i gceanncheathrú CLG ar Lá Fhéile Pádraig.

Tá a fhios agam go bhfuil Sleacht Néill sa tslí rompu agus gaisce stairiúil déanta acu féin le déanaí, ach bunaithe ar an méid atá feicthe agam de Chuala i mbliana, ceapaim gurb iadsan a bheidh ag déanamh an turais ghairid go dtí staid ársa Pháirc an Chrócaigh i mí an Mhárta.

Cá bhfágann gaiscí Chuala foireann an chontae agus a mbainisteoir Ger Cunningham? Beidh siad d’uireasa naonúir ó Chuala atá ar phainéal an chontae. Is mór an míbhuntáiste é sin agus iad faoi bhrú cheana féin fanacht sa phríomhroinn. Bhí an t-iarimreoir Michael Carton ar an raidió le déanaí agus é ag caitheamh anuas go láidir ar an mbainisteoir. Bhí sé thar a bheith maslach ina chuid cainte faoi chúrsaí i gcampa an chontae agus bhí sé an-dian ar Cunningham. 

Is annamh go leor a dhéanann aon imreoir contae (bíodh sé fós ag imirt nó ná bíodh) diancháineadh ar bhainisteoirí. Ach ní hé Carton an t-aon imreoir amháin a bhfuil a leithéid déanta aige. 

Agus é faoi agallamh i nuachtán náisiúnta rinne Simon Lambert cáineadh ar Cunningham freisin, díreach mar a rinne an cúl báire Alan Nolan nuair a scaoileadh den phainéal é sin.

Nocht Conall Keaney a chuid tuairimí diúltacha ina chuid giolcanna agus bhí cuid mhaith ráflaí timpeall freisin nach raibh Danny Sutcliffe róshásta agus gurbh in an fáth ar fhág sé an painéal.

Domsa, mar iarbhainisteoir, taispeánann sé seo ar fad go raibh an iomad cumhachta ag cuid de na himreoirí sin. Thar aon rud eile, is spórt foirne í an iománaíocht agus tríd is tríd caithfidh na himreoirí glacadh le cinneadh na mbainisteoirí.

Má tá na himreoirí eagraithe i gceart is féidir leo a míshásamh a chur in iúl do bhord an chontae ag deireadh an tséasúir mar ata déanta ag cúpla contae le deich mbliana anuas.

Ó thaobh na n-imreoirí de tuigim go maith an méid a chuireann siad isteach san obair ullmhúcháin agus tuigim nár cheart go mbeadh orthu cur suas le foireann bainistíochta nach bhfuil eagraithe i gceart nó nach bhfuil ag tabhairt cothrom na Féinne do na himreoirí.

Ach is drochtheist ar mhianach imreoirí go rachadh siad chuig na meáin chun gearán a dhéanamh.

I mo thuairimse, is é an fhadhb is mó atá ag iománaithe Átha Cliath ná líon na n-iománaithe den scoth atá ar phainéal peileadóirí an chontae. 

De réir an tseanrá ní bhíonn scamall gan ghealán, ach i gcás Chuala de a mhalairt atá fíor do Ger Cunningham agus a chomhghleacaithe mar go mbeidh ar an bhfoireann idirchontae  ceithre chluiche sraithe a imirt  roimh Lá Fhéile Pádraig. Mar a luaigh mé beidh siad gan naonúr agus formhór díobh sin bheidís ag tosú ar fhoireann an chontae nó gar go maith dó. Mura mbíonn siad ar fáil don fhoireann beidh an-bhrú orthu fanacht i roinn 1A.

Tabharfaidh sé sin ábhar cainte agus gearáin do na saineolaithe, na hiariománaithe atá gonta agus na hiománaithe eile ar an gclaí.

Ach sin díospóireacht do lá níos faide anonn, is dócha. Críochnóimid le scéal eile a léiríonn fírinne an tseanfhocail –an rud is annamh is iontach. Sin scéal laoch chluiche an Domhnaigh seo caite, Con O’Callaghan. Agus a ghradam á bhronnadh ag Micheál Ó Domhnaill air, rinne Con a agallamh i nGaeilge bhreá líofa na hardchathrach. Cuala abú. 

  

Fág freagra ar 'Cua, Con agus an Ghaeilge abú! Ach cuimhnigh ar chás Cunningham…'