Cruinniú poiblí faoin bpleanáil teanga i nGaeltacht Mhaigh Eo amárach

Reáchtálfar cruinniú poiblí in Áras Inis Gluaire ar 4 Samhain chun todhchaí na Gaeltachta i Maigh Eo agus Acht na Gaeltachta 2012 phlé

aerial4

Reáchtálfar cruinniú poiblí i nGaeltacht Mhaigh Eo amárach, Dé Céadaoin, chun todhchaí an cheantair mar limistéar oifigiúil Gaeltachta a phlé. Ainmníodh Gaeltacht Mhaigh Eo mar limistéar pleanála teanga níos túisce i mbliana agus tá tús curtha le hobair ullmhúcháin sa réigiún.

Ag a 8 a chlog amárach a reáchtálfaidh an grúpa oibre atá i mbun an ullmhúcháin sin an cruinniú in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo. Pléifear Acht na Gaeltachta 2012 agus an tionchar a bheidh ag an Acht sin ar na teorainneacha Gaeltachta, atá nach mór mar a chéile ó ceapadh an chéad lá riamh iad.

Tá an grúpa oibre ag iarraidh a léiriú go bhfuil iarrachtaí ar siúl i nGaeltacht Mhaigh Eo chun a an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa cheantar.

Tá trí limistéar pleanála teanga i gContae Mhaigh Eo i láthair na huaire: ‘Maigh Eo Thuaidh’, áit a bhfuil Iorras agus Béal Deirg; Maigh Eo Thiar, a chlúdaíonn Acaill; agus Tuar Mhic Éadaigh, ceantar intíre Gaeltachta ar an teorainn le Dúiche Sheoighe i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe.

De réir an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 2011, tá cónaí ar 10,886 duine sna trí cheantar sin, nó 11% den daonra iomlán Gaeltachta. Is i Maigh Eo Thuaidh, a shíneann ón bhFód Dubh sa taobh ó thuaidh go Ceathrú Thaidhg soir go Béal Deirg, agus siar ó dheas go Dumha Thuama, atá 70% de dhaonra Gaeltachta Mhaigh Eo ina gcónaí. Is í an Dr Laoise Ní Dhúda atá ag stiúradh an ghrúpa oibre sa cheantar sin.

“Chun an Ghaeilge a thabhairt slán [sa cheantar], caithfear díriú láithreach ar an staid reatha, iarrachtaí a dhéanamh líofacht sa Ghaeilge a fheabhsú, agus a chinntiú gur féidir an Ghaeilge a úsáid go laethúil i chuile ghné de shaol an phobail,” a dúirt an Dr Ní Dhúda.

Éilítear in Acht na Gaeltachta go n-ullmhóidh ceanneagraíocht amháin sna limistéir pleanála teanga taobh istigh de thréimhse dhá bhliain. Beidh seacht mbliana ag an gceanneagraíocht ina dhiaidh sin chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Tá sé mar aidhm ag Ní Dhúda agus an grúpa oibre tabhairt faoin réamhobair pleanála teanga mar a leagtar síos san Acht agus stádas Gaeltachta Mhaigh Eo Thuaidh a chothú agus a fhorbairt le cúnamh ó mhuintir na háite.

Fág freagra ar 'Cruinniú poiblí faoin bpleanáil teanga i nGaeltacht Mhaigh Eo amárach'