Cruinniú faoi ról an Spidéil in ‘Gaillimh 2020’ ar siúl an tseachtain seo

Tá iarrtha ag lucht eagraithe Ghaillimh 2020 ar an bpobal uilig a bheith i láthair ag an gcruinniú le ról an Spidéil i nGaillimh 202o a chur chun cinn

Cruinniú faoi ról an Spidéil in ‘Gaillimh 2020’ ar siúl an tseachtain seo

Reáchtálfar cruinniú sa Spidéal an tseachtain seo maidir le Gaillimh 2020 leis an tionchar a bheidh ag stádas na cathrach mar ‘Phríomhchathair Chultúir na hEorpa’ ar an mbaile Gaeltachta agus an ceantar máguaird a phlé.

Pléifear freisin ag an gcruinniú na bealaí a ndéanfar forbairt ar chathair agus ar chontae na Gaillimhe mar lárionad cultúir sna blianta amach romhainn agus cén chaoi ar féidir leis an ngnáthbhall den phobal páirt a ghlacadh san ullmhúchán do 2020 agus in imeachtaí na bliana sin.

“Ó ainmníodh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 an samhradh seo caite, bhíomar gnóthach ag leagan na bunsraithe do Ghaillimh 2020. Bhí an pobal ag croílár thairiscint na Gaillimhe agus táimidne tiomanta leanúint de chaidreamh láidir a chothú le pobail áitiúla ar fud na Gaillimhe,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.

Beidh an cruinniú á reáchtáil sa Chrúiscín Lán ar an Spidéal Déardaoin ag 7 a chlog tráthnóna. Tá iarrtha ag lucht eagraithe Ghaillimh 2020 ar an bpobal uilig a bheith i láthair ag an gcruinniú le ról an Spidéil i nGaillimh 2020 a chur chun cinn.

Reáchtáladh sraith cruinnithe timpeall an chontae i gcaitheamh na bliana seo caite agus iarratas Ghaillimh 2020 á chur le chéile. Lorgaíodh tuairimí mhuintir na tuaithe agus mhuintir na mbailte beaga i nGaillimh mar chuid den scéim ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ a cuireadh ar bun le heolas ar an bhfeachtas ar son stádas a bhaint amach a scaipeadh ar fud an chontae.

Tá Údarás na Gaeltachta agus Gaillimh le Gaeilge “ag obair as lámha a chéile” le Gaillimh 2020 leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcaitheamh na bliana 2020.

Bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar chroí-chuid den iarratas buacach a chuir Gaillimh 2020 faoi bhráid na moltóirí agus bhí ‘Teanga’ ar cheann de na trí mhórthéama san iarratas, chomh maith le ‘Tírdhreach’ agus ‘Diaspóra’.

Táthar ag súil gur i gcathair na Gaillimhe a reáchtálfar Oireachtas na Samhna 2020 mar chuid den bhliain speisialta. Gheall lucht an Oireachtais do Ghaillimh 2020 go reáchtálfaí an fhéile i gCathair na dTreabh dá mbeadh rath ar iarratas an ghrúpa go mbeadh Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

Fág freagra ar 'Cruinniú faoi ról an Spidéil in ‘Gaillimh 2020’ ar siúl an tseachtain seo'