Cruinnithe Gaeltachta beartaithe ag cathaoirleach an Choiste nua Oireachtais don Ghaeilge

Catherine Connolly ag iarraidh cruinnithe de chuid an choiste nua a reáchtáil taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus sa Ghaeltacht “chomh minic agus is féidir”

Catherine Connolly, Nemahspleách
Catherine Connolly, Nemahspleách

Tá sé i gceist ag an Teachta Dála Catherine Connolly (NS), a cheapfar ina cathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais nua a dhíreoidh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta tráthnóna, cruinnithe de chuid an choiste a eagrú i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt an Teachta Connolly le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist aici an oiread cruinnithe agus is féidir a reáchtáil taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus í ag díriú ar na ceantair Ghaeltachta. Dúirt sí freisin gur mhaith léi cruinnithe a reáchtáil i mbailte agus cathracha eile a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu – a cathair dhúchais féin, Gaillimh, ina measc.

Ar na tosaíochtaí atá aici mar chathaoirleach ar an gcoiste nua, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Bille na dTeangacha Oifigiúla.

“Beidh mé ag déanamh monatóireachta ar an Straitéis 20 Bliain agus ar a cur i bhfeidhm agus beidh mé ag coinneáil súil ghéar orthu siúd atá freagrach as. Beidh mé ag breathnú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar an mbille nua a bhfuil muid ag fanacht air le tamall. Níl mé chomh heolach sin go fóill ar an mbille ach beidh cruinnithe againn le saineolaithe reachtaíochta agus teanga faoi,” a dúirt sí.

I measc na gceisteanna eile a bheidh Connolly ag díriú orthu beidh ceist na bhfostaithe le Gaeilge sa státseirbhís agus an rochtain atá ag an bpobal ar sheirbhísí Gaeilge ón stát.

Dúirt sí gurb iad na rudaí is mó atá ag teastáil ón nGaeilge agus ón nGaeltacht ag leibhéal an Oireachtais ná acmhainní agus reachtaíocht agus go ndéanfaidh sí a ndícheall na rudaí sin a chinntiú.

“Déanfaidh mé cinnte de go mbeidh an coiste seo ar an leibhéal céanna leis na coistí eile atá i dTithe an Oireachtais agus go mbeidh an stádas céanna aige. Níor cheart go dtarlódh sé ach tá an baol ann go ndéanfaí neamhaird air go ró-éasca. Caithfear é sin a sheachaint.

“Ní coiste é seo a mbeidh cruinniú nó dhó aige in aghaidh na bliana, ní hin an cineál cathaoirligh a bheidh ionamsa. Beidh cruinnithe rialta againn, in áiteanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath chomh minic agus is féidir linn,” a dúirt sí.

Dúirt an cathaoirleach nua go bhfuil sí “ag tnúth leis an ról ag leibhéal amháin ach ar leibhéal eile imníoch faoi” ach go bhfuil sé tábhachtach an tairbhe is mó agus is féidir a bhaint as an gcoiste.

“Tá sé tábhachtach eiseamláir a thabhairt do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu gur féidir í a fhoghlaim agus í a úsáid, go háirithe i dTithe an Oireachtais féin. Ó thosaigh mé anseo, tá na maoir an-sásta Gaeilge a labhairt liom, tá siad cúthail agus teastaíonn cúnamh ó chuid acu ach tá spéis acu ann.

“Nuair a chloiseann tú an Ghaeilge ag an leibhéal sin, spreagann sé thú, ach ag an leibhéal oifigiúil tá go leor oibre le déanamh ionas go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil go minic i dTithe an Oireachtais,” a dúirt sí.