Cruinnithe beartaithe ag Arlene Foster le lucht na Gaeilge chun cur lena tuiscint ar cheist na teanga

‘Tá fonn orainn meas a léiriú ar an teanga agus go deimhin tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne mar chuid de,’ a deir ceannaire an DUP

Cruinnithe beartaithe ag Arlene Foster le lucht na Gaeilge chun cur lena tuiscint ar cheist na teanga

Arlene Foster. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá cruinnithe beartaithe ag ceannaire an DUP Arlene Foster le lucht na Gaeilge in iarracht teacht ar “thuiscint níos fearr” ar an teanga agus an “cultúr” a bhaineann léi.

“Tá fonn orainn meas a léiriú ar an teanga agus go deimhin tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne mar chuid de, agus chuige sin, as seo go ceann tamaill bhig, tá fúm a bheith ag plé agus ag éisteacht le daoine a thagann ó chúlra Gaeilge, daoine nach bhfuil lorg pholaitíocht aon pháirtí orthu ach a bhfuil grá dáiríre acu don teanga agus nach n-úsáideann í mar uirlis pholaitiúil chogaíochta,” a dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster.

Dúirt Foster go raibh sí ag “súil go mór” le bheith ag plé le lucht na Gaeilge as seo go ceann tamaill bhig.

Dúirt ceannaire an DUP go n-aithníonn an páirtí gur ann do dhaoine a bhfuil “grá” acu don Ghaeilge, atá ag iarraidh í a labhairt agus a bhfuil tacaíocht uathu leis an méid sin a dhéanamh. Chaithfí, áfach, meas a léiriú chomh maith ar an Ultais agus ar an “bhféiniúlacht Oráiste agus Bhriotanach”.

“Mar sin ní bhaineann an scéal seo le dream amháin nó dream eile, ach le cóimheas a chothú do chách,” a dúirt sí.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart. Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge. “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt ceannaire an DUP an mhí seo caite go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá ceist na teanga lárnach chomh maith faoi láthair sna cainteanna atá ar bun ó thuaidh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.