Crogall i gCluain Eois agus culaith éadaí Ron Burgundy ar an Sunday Game

Bíonn breis ‘intincity’ ag teastáil uaireanta ó anailís RTÉ ar na cluichí Gaelacha

maxresdefault

“Veni, vidi, vici” i gConnachta, crogall i gCluain Eois, culaith éadaí Ron Burgundy, scannáin uafáis Alfred Hitchcock agus Líne Maginot ar pháirc na himeartha.

Lean clibirt agus cabaireachta na caide an deireadh seachtaine seo mar a raibh trí chraobh cúige sa treis (The Sunday Game Live, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh). B’í tuairim na coitiantacha ó thosach na biaiste gurb iad Ciarraí, Baile Átha Cliath, Maigh Eo agus Dún na nGall an fuíoll áir a bheadh ann faoi lár mhí Lúnasa. Chuir Muineachán an lasair sa bharrach ar an Domhnach le bua iontach ar na Connallaigh.

Bhí tuilte báistí ar an Satharn i gCill Airne agus ní raibh an cluiche thar mholadh beirte dá bharr. Taibhsíodh dom gur go leathchroíoch a thug RTÉ faoin anailís. Ní raibh aon radharc ar Brolly ná Spillane agus is iad Dessie Dolan (a raibh culaith bhurgúin air oíche Dhomhnaigh) agus Colm O’Rourke a bhí ag caitheamh tharstu. Leanann seamnóireacht, ráitis sheanchaite agus léargais leamha cúram an anailísí ach ritheann sé liom go minic gurb é Martin Carney an bas ar fad acu. Ba é a bhí mar leathbhádóir ag an tráchtaire Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus mise á rá leat go raibh mo sháith féin de agam faoi dheireadh na himeartha.

Bhí sé deas Michael Lyster a fheiscint ag filleadh le srian a choimeád ar Statler agus Waldorf CLG. Cé go raibh Spillane ann, ní raibh tásc ná tuairisc ar fhear Dhoire. An é go bhfuiltear tar éis cárta dubh neamhoifigiúil a thabhairt dó i ndiaidh an sleais a chaith sé leis an réiteoir tar éis an chluiche comhscóir idir Ciarraí agus Corcaigh?

Bhí ardú meanman ag baint le Cluain Eois a fheiscint faoi iomlán gréine. Ar an drochuair, bhí an cluiche é féin duairc go maith sa chéad leath agus an dá fhoireann i dtaobh le trí phointe tar éis 25 nóimint. Ní haon ionadh go mbíonn dearcadh uasal le híseal ag lucht na gcamán.

Sa tarna leath, áfach, bhí breis ‘intincity’ le brath, faoi mar a deir Pat Spillane. Go deimhin, baineadh an-súp as an seat de Conor McManus ag tabhairt bosóige searbhasaí do Neil McGee i ndiaidh d’fhear Mhuineacháin scór den scoth a aimsiú.

Is é Spillane Taoiseach na dtagairtí teibí agus bhain sé casadh as ráiteas Julius Caesar ina chuid anailíse ar chluiche Mhaigh Eo, mar aon le tagairt dhoiléir do shaothair Alfred Hitchcock. Níorbh fhiú an deich triuf an cluiche céanna agus íde shalach tugtha d’fhir Shligigh.

Go deimhin, bhí “an tAifreann léite agus gach rud déanta” tar éis deich nóimint. Is ar éigean go mbeadh do chupa tae ólta. “There is more life in me than there is, I am afraid, out there on that pitch at the moment,” a dúirt Michael Lyster go seanbhlastúil agus tagairt á dhéanamh aige dá shláinte féin.

Ós ag caint ar thae é, thug radharc amháin ón gclár faisnéise The Gleneagle (RTÉ 1, aréir) éachtaint ar an méid bia a bhíonn á shluaisteáil amach chuig na custaiméirí gach lá.

Sa tsraith sé chlár seo, tabharfar léargas ar conas mar a oibríonn an t-óstán ollmhór seo ina bhfuil an INEC lonnaithe. Aréir, díríodh ar an mbanna ceoil ón nDaingean, Walking on Cars, a raibh ceolchoirm acu san ionad, agus buíon seanfhonndúirí a bhí ar a n-oilithreacht bhliantúil go Cill Airne. (Ní go dtí Oireachtas na Gaeilge).

Tá/beidh an struchtúr céanna leis an tsraith seo is a bhí leis an tsraith a craoladh ar Óstán an Shelbourne anuraidh. N’fheadar an luafar an tOireachtas s’againne ann?

Fág freagra ar 'Crogall i gCluain Eois agus culaith éadaí Ron Burgundy ar an Sunday Game'