‘Crogall an chinn óir’ bronnta ag Foster ar Shinn Féin an babhta seo

Dlíodóir agus polaiteoir a bhfuil go leor taithí aici is ea Arlene Foster. Conas a lig sí di féin a bheith chomh ciotach, tútach?

‘Crogall an chinn óir’ bronnta ag Foster ar Shinn Féin an babhta seo

I bhfianaise an tionchar a bhí ag ‘na crogaill’ ar thoghchán an Tionóil sa Mhárta i mbliana rinneadh talamh slán de go gcinnteodh ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach sciorrfadh aon fhocal uaithi a chuideodh le Sinn Féin sa bhfeachtas do thoghchán Westminster. Ní hamhlaidh atá.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, a deirtear ach féach go bhfuil Sinn Féin ag súil go bhfuil an dara gliomach – nó crogall – bronnta ag ceannaire an DUP orthu. Chothaigh Arlene Foster conspóid nua nuair a rinne sí steiréitíopáil ar bhonn inscne ar Michelle O’Neill in agallamh nuachtáin. Mar a dúirt polaiteoir eile i tvuít, ‘is annamh a ghlacaim le teoiricí comhcheilge, ach an gceapann éinne eile go bhfuil seilbh ag Sinn Féin ar doppelganger Arlene Foster!’

Cibé cúis a bhí leis, ceannaire an DUP a bheith neamhairdeallach nó a drochmheas ar Shinn Féin a bheith chomh daingean sin nach bhféadfadh sí guaim a choinneáil uirthi féin, rinne sí beag is fiú de Michelle O’Neill le bréagmholadh. Níl an drochmheas céanna le tuiscint ón bhfocal fionn is atá ó ‘blonde’ – an cur síos a rinne Foster ar cheannaire Shinn Féin sa tuaisceart. Tar éis comhrá leis an agallóir faoin bhfuath ban a d’fhulaing sí féin ar na meáin shóisialta, dúirt ceannaire an DUP  nár mhaith léi a bheith a bheith gnéasaíoch ach gurbh é an focal a rith léi nuair a smaoinigh í ar O’Neill ná ‘blonde’. Ansin dúirt sí nach bhfeictear O’Neill riamh gan smideadh agus go mbíonn sí slachtmhar dea-ghléasta i gcónaí. Focal ní raibh aici faoina cumas nó a mhalairt mar theachta nó mar aire. I dtaca le ról Uí Néill mar cheannaire, dúirt Foster gur léir gur Gerry Adams atá i gceannas, maíomh atá ag teacht le cartún a d’eisigh an DUP trí mhí ó shin a thaispeáin Michelle O’Neill i bpóca Gerry Adams.

Tháinig an cáineadh ó Shinn Féin ar an agallamh san Sunday Independent go pras. D’éiligh ionadaí go dtarraingeodh Foster siar an ráiteas ‘maslach, gnéasaíoch’. Dúirt Michelle O’Neill go raibh an gnéasaíochas agus an leatrom doghlactha. Dhiúltaigh an DUP leithscéal a ghabháil ag rá nach raibh aon mhasla i gceist agus gur dhána an mhaise é ag Sinn Féin a bheith ag iarraidh leithscéil. Taobh istigh de cheithre uaire fichead bhí an crogall ar ais ar na meáin shóisialta ach bhí folt breá fionn air an t-am seo agus é/í ag diúltú don ghnéasaíochas. Dúirt daoine a ghlaoigh ar chláir raidió go mbeadh crogall an chinn óir gnóthach sa bhfeachtas agus go mbeadh sé taobh amuigh de na stáisiúin vótála ar an 8 Meitheamh.

Dlíodóir agus polaiteoir a bhfuil go leor taithí aici is ea Arlene Foster. Conas a lig sí di féin a bheith chomh ciotach, tútach? Is iomaí rud a d’fhéadfadh sí a rá faoi Michelle O’Neill thairis an méid a dúirt sí. Murar theastaigh uaithi í a mholadh nó a cháineadh, d’fhéadfadh sí a rá nach raibh promhadh déanta uirthi fós mar cheannaire; tá sé sin fíor agus neodrach. An raibh sí dall ar an aisfhreagra a thiocfadh ó Shinn Féin nó an ar lucht leanúna an DUP amháin a bhí sí ag cuimhneamh? Mar is dual dóibh chuir sí féin agus an páirtí cos i dtaca nuair a cáineadh í.

Ba léir gur fheil sé go maith do Shinn Féin nár ghlac Foster ná an DUP leithscéal. Bhain siad brabach as na crogaill cheana agus déanfaidh siad a ndícheall a theacht i dtír ar an tuaiplis seo freisin. Féachfaidh an DUP le húsáid a bhaint as cáineadh Shinn Féin chun aontachtaithe a ghríosú. Is ar scáth a chéile, ag baint leas as fuath dá chéile, a mhaireann Sinn Féin agus an DUP.

Bíodh an iomrascáil idir an DUP agus Sinn Féin mar atá, is bocht an scéal é gur ceist thoghcháin é an gnéasaíochas sa bhliain 2017. Is boichte fós an scéal é gur bean faoi ndear an phraiseach seo, tráth a bhfuil mná i gceannas ar thrí pháirtí abhus – an DUP, Sinn Féin agus Alliance – agus tráth a bhfuil Nicola Sturgeon i gceannas in Albain agus Theresa May ina Príomh-Aire sa Ríocht Aontaithe. An í an teachtaireacht atá le baint as an gconspóid seo nach feabhas ar bith ar pholaitíocht é an t-iolrachas?

Nach truamhéalach an bhail atá orainn.

Fág freagra ar '‘Crogall an chinn óir’ bronnta ag Foster ar Shinn Féin an babhta seo'