Bhí crith talún beag ann moch maidin inniu i nGaeltacht Thír Chonaill. Tharla an crith talún i bhFánaid i bhfíorthuaisceart an chontae ag thart ar 5.45 ar maidin.
Níor gortaíodh duine ar bith san eachtra agus ní mheastar go ndearnadh aon damáiste d’fhoirgnimh ná do struchtúir eile. Dúirt an Irish National Seismic Network gur méid 1.5 ar scála Richter a bhí ag an gcrith talún seo.
Ní hé seo an chéad uair ar tharla crith talún i nDún na nGall, ná in Éirinn, go deimhin, agus deir an Irish National Seismic Network go bhfuil siad níos coitianta ná mar a cheapfá sa tír seo.
Ba é an crith talún ba mhó a bhí i nDún na nGall ná an ceann a bhí 2.2 ar an Scála Richter a tharla i gCluain Maine in Inis Eoghain i 1994.
Tá ceann de na sé stáisiún taifeadta creathanna talún atá in Éirinn lonnaithe in Inis Eoghain.
Breandán Delap
‘Small eartquake in Chile – not many killed’ Claud Cockburn
Seosamh Mac Ionnrachtaigh
scéal maith