Críoch fhuilteach An Bronntanas

Ní saothar gan cháim An Bronntanas ach clár cumasach, nuálaíoch atá ann.

An Bronntanas Clár 5-Pól Ó Gríofa

Críoch fhuilteach An Bronntanas is 7 gcúraimí an tsléibhe ar 7Lá

Ní saothar gan cháim An Bronntanas ach clár cumasach, nuálaíoch a bhí ann.

Shroich An Bronntanas (Déardaoin, TG4) ceannscríbe fuilteach, foréigneach aréir: scéal cúlra iomlán Jackub á nochtadh, an Bleachtaire Grenne ina sochapatach críochnaithe agus na deartháireacha Magill ag iarraidh na cosa a thabhairt leo as an sáinn ina bhfuil siad.

Níl aon dabht ná go bhfuil slat tomhais nua againn le táirgí Gaeilge a mheas leis an gclár seo agus leithéidí Na Cloigne agus Corp + Anam (a bheidh chugainn an tseachtain seo chugainn) ar thosach cadhnaíochta.

Go deimhin, ní thugann sé a cheart do na táirgí seo a bheith sáinnithe i bpobal na Gaeilge agus a bheith á meas mar tháirgí Gaeilge amháin.

Tá lucht féachana níos leithne dlite dóibh agus iad breá in ann é a fhéachaint le haon táirge a thagann as ceártaí Béarla na tíre seo.

Ina dhiaidh sin féin, tá súil agam nach bhfágfar an greann in áit na leathphingne, bhí na táirge is duaircí agus cumasaí, Breaking Bad, The Sopranos (cuimhnigh ar Pine Barrens), in ann i gcónaí an greann a shníomh isteach go breá gan barrthuisle a bhaint as téagair na gcarachtar agus na dteachtaireachtaí.

Earcaíodh cliar cumasach agus thug siad taispeántais dá réir, agus moladh faoi leith tuillte ag Dara Devaney, Michelle Beamish, Pól Ó Gríofa agus Owen Mc Donnell.

Bhí caighdéan an léirithe an-ard agus ba bhuaicphointe é an radharc stoirme i gclár 1.

Ní raibh an saothar gan cháim, áfach.

Ar uairibh mheasas go raibh cúrsaí éirithe rómhéaldrámata agus gur sleamhnaíodh i dtreo na ró-aisteoireachta.

Taibhsíodh dom go mb’fhéidir go raibh an tsraith ag iarraidh a bheith ró-uaillmhianach agus rófhorásach agus sa deireadh gur chuir sé thar a fhulaingt.

Aim smaller, hit bigger faoi mar a dúirt léirmheastóir áirithe cúpla bliain siar nuair a bhí sé den tuairim go raibh scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de scannán The Simpsons.

Ach tá seánra nua ar an bhfód anois, an noir Gaeltachta agus is fiú a lua go bhfuil go leor snáithíní fágtha ag foluain in An Bronntanas leis an dara sraith a bhaint as an dtáirge cumasach, nuálaíoch seo.

In ainneoin mo dhíchill, thaitin an An Lár Ar Rugadh Mé (Dé Máirt, TG4) liom. Táim á sheachaint le cúpla seachtain anuas agus dúrt liom féin go gcaithfinn cruachan in aghaidh na hainnise.

Meascán mearaí de Cártaí Poist, Reeling in the Years agus This is Your Life atá anseo. Tá téagar staire ag baint leis ná rabhas ag súil leis. An tseachtain seo, ba é Alan Dukes a bhí ag siúl siar bóithrín na smaointe leis an iriseoir Harry McGee á thionlacan.

Thug sé turas ar an sluachampa géibhinn Sachsenhausen a saoradh an lá a rugadh é agus chuir sé saol An Choirnéil John McGrath ar ár súile dúinn.

Ina theannta sin, tugadh léargas ar Scuabgheall Ospidéil na hÉireann agus an scannal a lean iad. Rud a bhí íorónta óir gurbh é Dukes a bhí mar Aire Airgeadais nuair tháinig an Scuabgheall chun críche i 1986.

Bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar Pháidí Ó Lionáird ar 7Lá (Dé Máirt, TG4) agus é ag ceistiú seisear aíonna difriúla faoi chomóradh 1916, stailc na múinteoirí agus conspóid/círéibeanna na dtáillí uisce.

Tar éis don Aire Stáit Aodhán Ó Ríordáin a sheanmóir a chur de, chuir Éamon Ó Cuív ar ár súile dúinn go raibh seanuncail an Ríordánaigh páirteach in Éirí Amach na Cásca (mar a raibh a sheanathair féin dár ndóigh).

Bhí Aodhán ag caint as stiúideo na Dála, bhí Éamon trasna an bhóthair i stiúideo Shráid Chill Dara, bhí an Dr. Margret McCurtain i stiúideo Dhomhnach Broc agus bhí Cormac Ó Comhraí i stiúideo Bhaile na hAbhann. Leiriú ar na dris chosáin thíreolaíocha atá roimh chláracha a dhéantar a thaifeadadh taobh amuigh den bpríomchathair, agus rud a d’fhág coiscéim bhacaí sa díospóireacht.

Fág freagra ar 'Críoch fhuilteach An Bronntanas'