Creimeadh á thuar do ‘stádas’ an Bhéarla san AE i ndiaidh Brexit

Ní thiocfaidh athrú ar stádas oifigiúil an Bhéarla san Aontas Eorpach toisc a stádas in Éirinn agus i Málta ach beidh deireadh lena ‘fhorlámhas’ in institiúidí an Aontais, dar leis an saineolaí ar chúrsaí teanga san AE, Pádraig Ó Laighin

brexit

Tiocfaidh deireadh le “forlámhas an Bhéarla” san Aontas Eorpach mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe an tAontas a fhágáil, dar le saineolaí ar chúrsaí teanga san Aontas.

Dúirt an Dochtúir Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar cheist na dteangacha san AE agus duine a throid ar son stádas na Gaeilge san Aontas, le Tuairisc.ie gur dócha nach dtiocfaidh aon athrú ar stádas an Bhéarla san Aontas Eorpach toisc go bhfuil stádas oifigiúil aige in Éirinn agus i Málta. Dúirt Ó Laighin gurb ionann agus cinnte go “laghdófar tionchar an Bhéarla de réir a chéile” i ndiaidh don Bhreatain imeacht as an Aontas.

“Beifear in ann é a choinneáil mar theanga oifigiúil agus beidh an seasamh oifigiúil céanna aige agus atá ag na teangacha oifigiúla eile ach is cinnte go dtiocfaidh deireadh le forlámhas an Bhéarla san Aontas. Ba í an Fhraincis teanga oibre Choimisiún na hEorpa sular tháinig an Ríocht Aontaithe isteach i 1973 agus is dóigh liom go bhfillfidh siad ar an teanga sin de réir a chéile.

“Tá an Béarla ann mar theanga dhroichid faoi láthair, go háirithe ag tíortha an oirthir agus is dóigh go mbeidh sé ina theanga dhroichid ag na hateangairí agus na haistritheoirí, ach ní chloisfear chomh minic céanna é amach anseo,” a dúirt Ó Laighin.

Dúirt sé freisin go mbeidh “impleachtaí fostaíochta” ag Brexit dóibh siúd ar mhaith leo post mar ateangaire nó mar aistritheoir san Aontas Eorpach. Ní call d’ábhair aistritheoirí Gaeilge atá tar éis cur isteach ar na poist a fógraíodh san Aontas Eorpach le deireanas a bheith ag déanamh imní, áfach.

“Méadófar ar líon na bpost nach bhfuil an Béarla ag teastáil ó dhuine le cur isteach orthu. Faoi láthair, teastaíonn an Béarla agus an dá theanga eile uait le bheith i d’aistritheoir, ach tiocfaidh deireadh leis sin.

“Ní dóigh liom go gcaillfidh duine ar bith a phost ach laghdófar ar líon na mBéarlóirí a bheidh ag obair do na hinstitiúidí éagsúla de réir a chéile. Tá an-chuid daoine i gComhairle na hEorpa ar Sasanaigh iad agus tá an Béarla in uachtar i measc lucht riaracháin ach is cinnte go n-athróidh sé sin,” a dúirt Ó Laighin.

Dúirt sé gur mheas sé go mbeadh “drogall” ar rialtas na hÉireann fáil réidh leis an mBéarla mar theanga oifigiúil de chuid na tíre seo ach gur beag an tionchar atá ag Rialtas na tíre seo san Aontas fad is a bhaineann sé le hiompar teanga a athrú.

Rinneadh teanga oifigiúil den Bhéarla nuair a tháinig An Ríocht Aontaithe isteach i gComhpháirtíocht Eacnamaíochta na hEorpa os cionn 40 bliain ó shin. De réir taighde a rinne Eurostat sa bhliain 2013, déanann 94% de dhaltaí meánscoile an Aontais Eorpaigh staidéar ar an mBéarla mar theanga iasachta – i bhfad Éireann níos mó ná aon teanga eile (an Fhraincis 23%, an Ghearmáinis 21% agus an Spáinnis 18%). Fuarthas amach sa taighde céanna gur i mBéarla a scríobhtar suas le 80% de na cáipéisí inmheánacha san Aontas Eorpach.