Craoltóir aitheanta le RnaG ag éirí as tar éis beagnach 37 bliain

Thosaigh Mairéad Nic Seaghain ag obair sa raidió i 1978 agus d'fhógair sí inniu ar a lá breithe go bhfuil sí ag éirí as

Screen Shot 2015-05-21 at 13.56.18

Tá sé fógartha ag an gcraoltóir Mairéad Nic Seaghain go bhfuil sí ag éirí as inniu, a lá breithe, tar éis di beagnach 37 bliain a thabhairt ag plé le cúrsaí reatha le foireann Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall.

Seoladh teachtaireachtaí dea-mhéine ar dalladh go dtí an clár réigiúnach ó thuaidh, Barrscéalta, inniu nuair a fógraíodh an scéala, agus daoine ag guí gach uile bheannacht ar Mhairéad agus a cuid.

Is minic a chuathalas Mairéad i mbun agallaimh ar Adhmhaidin agus Barrscéalta in imeacht na mblianta agus áirítear í mar shaineolaí ar chúrsaí polaitíochta na tíre. Bhíodh súil ghéar aici ar chúrsaí toghchánaíochta an iarthuaiscirt agus ba mhinic í chun cinn ar iriseoirí agus ar mheáin eile maidir le torthaí toghchán, a dúirt an tIar-Fheisire Eorpach, Pat ‘the Cope’ Gallagher inniu agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta

Bhí spéis nach beag aici i dtionscal na hiascaireachta chomh maith agus cé nach raibh faitíos ar bith uirthi ceisteanna crua a chur le linn agallaimh, bhí sí “cothrom i gcónaí” a dúirt Gallagher.

Dúirt an t-abhcóide, Antain Delap, go bhfuil “daonnacht ag baint léi” agus gur léirigh sí “tuigbheáil phearsanta” ina cuid oibre. Dúirt sé gur chaith sí “go cúirtéiseach” le gach duine agus gur “éisteoir maith” a bhí inti. Bhí sí “iontach críochnúil” agus dhéanadh sí a cuid “réamhthaighde” i gcónaí, a dúirt Delap.

“Lá brónach” atá sa lá inniu, a dúirt a comhghleacaí, Séamas Mac Géidigh. “Cailliúint mhór” ar bhonn pearsanta agus ar bhonn oibre araon atá ann, a dúirt sé. “Cara agus comhghleacaí” atá á chailliúint ag an gcriú ó thuaidh, a dúirt sé, a thug “seirbhís iontach ó 1978” ar aghaidh. Rinne sé cur síos ar Mhairéad mar “iriseoir stuama, staidéarach” a raibh “caighdeán millteanach ag roinnt lena cuid oibre”. Bhíodh sí “i gcónaí ullmhaithe” agus “thar a bheith proifisiúnta”. Cailliúint mhór “go pearsanta agus go proifisiúnta” is ea imeacht Mhairéad, a dúirt sé.

Is ag obair i mBanc na hÉireann a bhí Mairéad nuair a chuaigh fostaithe ansin ar stailc i samhradh na bliana 1976. Chuaigh sí abhaile le linn don stailc ar bheith ar siúl. Tharla go raibh clár á dhéanamh ag Feardorcha Ó Colla i Raidió na Gaeltachta ag an am faoi phobal Theilinn, agus d’iarr cara ar Mhairéad “cuideachta a choinneáil” léi an fhaid is a bhí sí ag ullmhú don chlár sa ródaí. Tháinig léiritheoir aníos chuici an fhaid is a bhí sí ina suí “sa choirnéal” sa ródaí agus d’fhiafraigh di an raibh aon Ghaeilge aici. Cuireadh ag léamh píosa ar an aer tamall ina dhiaidh sin í agus lá arna mhárach, bhí sí ag cur daoine faoi agallamh.

B’éigean di filleadh ar an mbanc nuair a tháinig deireadh leis an stailc ach thuig sí féin gur in obair an raidió a bhí a croí agus nuair a fógraíodh post i Raidió na Gaeltachta dhá bhliain níos deireanaí, chuir sí isteach air agus fuair sí é.

Fág freagra ar 'Craoltóir aitheanta le RnaG ag éirí as tar éis beagnach 37 bliain'