Craobh na hEorpa 2016: An bhfuil aon seans go mbeimid ann?

Cé gurb údar díomá an comscór ag foireann Martin O’Neill leis an Albain an deireadh seachtaine seo caite, níl siad as an áireamh fós ach ní bheidh sé éasca acu

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill, i rith an chluiche ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill, i rith an chluiche ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá mothú láidir ann gur chaill Éire a ndeis chun cáiliú do Chraobh na hEorpa 2016 leis an gcomhscór in aghaidh na hAlban an deireadh seachtaine seo caite, ach níl an catha caillte ar fad fós.

Beidh 20 foireann páirteach sa chomórtas sa Fhrainc an samhradh seo chugainn agus mar sin, tá níos mó áiteanna ar fáil ná a bhí aon uair roimhe seo. Beidh na foirne a chríochnós sa chéad dá háit cáilithe díreach isteach i gcomórtas na bliana seo chugainn ach don fhoireann a chríochnós sa tríú háit, beidh deis eile acu sna babhtaí cáilithe.

An tábla mar atá anois
An tábla mar atá anois.

Agus ceithre chluiche fágtha, tá Éire sa cheathrú háit sa tábla, dhá phointe taobh thiar d’Albain. Fiú chríochnaíonn na hÉireannaigh cothrom ar phointí leo, is ag foireann Gordon Strachan a bheidh an buntáiste toisc gur éirigh leis na hAlbanaigh muid a bhualadh i mí na Samhna seo caite.

Imreoidh an dá fhoireann na foirne céanna sna babhtaí deireanacha, an tSeoirsia, Giobráltar, an Pholainn agus an Ghearmáin. Is buntáiste de shaghas é do Martin O’Neill go bhfuil an dá chluiche is éasca, in aghaidh Giobráltar agus an tSeoirsia aige ar dtús. Má éironn leo sé phointe leo a thabhairt leo sa dá chluiche sin tabharfaidh sé instealladh muiníne do na hÉireannaigh agus iad ag tabhairt agahaidh ar fhoirne na Gearmáine agus na Polainne.

D’fhéadfadh roinnt rudaí tarlú fós idir seo agus deireadh chúrsa. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid den na féidearthachtaí.

1. Na torthaí céanna a bhí ann cheana

Ar dtús, féachfaimid ar bhféadearthacht is simplí, go mbeidh na torthaí céanna idir na foirne is a bhí cheana. Ar an gcéad fhéachaint, ní drochrud a bheadh anseo d’Éirinn. Níor chaill siad in aghaidh aon cheann de na foirne atá fós le n-imirt acu. Bhuadar in aghaidh na Seoirseach agus Giobráltar agus comhscór a bhí acu leis an bPolainn agus an Ghearmáin. Dá mbeadh na torthaí céanna arís ann, bheadh ocht bpointe breise acu agus chríochnóidís le 17 bpointe san iomlán.

Faraor, ní bheadh a ndóthain déanta acu sa chás sin. Fuair Albain seacht bpointe sa cheithre chluiche sin agus na torthaí ceannann céanna acu, ach amháin gur chaill siad in aghaidh na Gearmáine. Mar sin, chríochnódh ár gcomharsana sa tríú háit fós le 18 bpointe, ceann amháin níos mó mar a bheadh ag Éirinn.

An tábla dá mbeadh na torthaí céanna ann arís
An tábla dá mbeadh na torthaí céanna ann arís.

2. An toradh is fearr

Mar a dúirt, níor chaill na hÉireannaigh in aghaidh ceachtar de na foirne atá fós le n-imirt acu. Dá mbeadh siad in ann na torthaí céanna a bhaint amach, bheadh muid ag súil go gclisfeadh ar Albain sna cluichí eile atá acu.

Seans gurb iad na cluichí in aghaidh na Seoirsia a bheidh cinniúnach. Má theipeann ar na hAlbanaigh an tSeoirsia a bhualadh agus má chaileann siad in aghaidh na Gearmáine, mar a bheifí ag súil leis, is ag Éire a bheadh an buntáiste sa ghrúpa.

Go hidéalach, bheadh dhá bhua agus comhscór ag na hÉireannaigh i ndiaidh na hcluichí in aghaidh Giobráltar, an tSeoirsia agus na Gearmáine. Dá n-éireodh leo an méid sin a dhéanamh, agus dá gcaillfeadh Albain in aghaidh na Gearmáine agus an Pholainn, chomh maith le pointí a ligean le sruth in aghaidh na Seoirsia, bheadh áit ag Éire sna cluichí cáilithe fiú roimh an mbabhta deireanach acu sa Pholainn.

An tábla leis an toradh is fearr do na hÉireannaigh
An tábla leis an toradh is fearr do na hÉireannaigh.

3. An Toradh is Measa

Go bunúsach, mura n-éiríonn leis na hÉireannaigh bua sa mbaile a fháil in aghaidh na Seoirsia ar an 7 Meán Fómhair, is ar éigean go mbeidh siad san iomaíocht níos mó. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar Ghiobráltar ach má chaitheann siad pointí uathu in aghaidh na Seoirseach, bheadh siad ag brath ar ghaisce mór, bua amháin agus comhscór ar a laghad, a dhéanamh in aghaidh na Gearmáine agus na Polainne.

Fiú mbuafadh Éire an dá chluiche sin, bheadh a ndóthain déanta ag na hAlbanaigh chun cáiliú mbeadh siad in ann dhá phointe a ghnóthú dá chluiche baile atá acu in aghaidh na Gearmáine agus na Polainne. Bheadh na hAlbanaigh níos fearr as fós sa chás sin mar gach seans go mbeadh an Pholainn cáilithe cáilithe cheana sa chéad áit sa nó dara háit faoin am sin.

An toradh is tubaistí dúinne
An toradh is tubaistí dúinne, gan ach cluiche amháin buaite againn as cheithre chinn.

Fág freagra ar 'Craobh na hEorpa 2016: An bhfuil aon seans go mbeimid ann?'