Craobh Laighean tugtha leo ag buachaillí Choláiste Eoin

Farasbarr ocht bpointe a bhí ag an scoil aitheanta lán-Ghaeilge ar Phobalscoil Mhaighean Rátha i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir A1 Laighean tráthnóna

Craobh Laighean tugtha leo ag buachaillí Choláiste Eoin

Tá Craobh Shóisir A1 Iomána Laighean buaite ag Coláiste Eoin tráthnóna agus an ceann is fearr faighte acu ar Phobalscoil Mhaighean Rátha.

Bua ocht bpointe a bhí ag Coláiste Eoin ar deireadh, 2-14 in aghaidh 1-9, agus taispeántas láidir tugtha uathu acu sa dara leath.

Bhuaigh an iarbhunscoil lán-Ghaeilge Craobh Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus ba iad Pádraig Ó Luinneacháin agus Dara Puirséil a d’aimsigh an chuid is mó de na scóranna dóibh sa chluiche sin. B’amhlaidh an scéal inniu i Mainistir Eimhín i gcluiche ceannais A1 an chúige.

B’fhearr a chuir Maighean Rátha tús leis an gcluiche agus bhí siad dhá phointe chun cinn leath bealaigh tríd an chéad leath, 0-4 in aghaidh 0-2. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bhearna chéanna fós idir na foirne ag leath ama ach bhí an t-ádh le Coláiste Eoin nuair a chuaigh poc saor a thóg Pádraig Ó Luinneacháin i bhfad amach díreach isteach sa chúl.

D’fhág sé sin go raibh scoil Bhaile Átha Cliath pointe amháin chun cinn ag leath ama, 1-4 in aghaidh 0-6.

Má bhí an t-ádh le Coláiste Eoin i gcás an chúil sin bhain siad lántairbhe as. D’éirigh leo cur leis an bhfarasbarr go luath sa dara leath nuair a d’aimsigh siad trí scór as a chéile, rud a d’fhág ceithre phointe idir na foirne.

Rinne buachaillí Laoise teacht aniar de chineál i lár an dara leath, ach d’aimsigh Coláiste Eoin cúig phointe as a chéile, biaiste scórála a d’fhág ocht bpointe chun cinn iad agus gan ach seacht nóiméad fágtha.

Fuair Adam Kirwan cúl do Mhaighean Rátha chun an bhearna a laghdú, ach d’aimsigh Darach Mac Giolla Bhríde cúl do Choláiste Eoin in am cúitimh, cúl a chuir sméar mhullaigh ar a mbua.

Fág freagra ar 'Craobh Laighean tugtha leo ag buachaillí Choláiste Eoin'