Crann á chur i gcuimhne Casement ar an gCeathrú Rua inniu

Ba sa bhliain 1913 a thug Mac Easmainn cuairt ar Chonamara agus ar chuid de scoileanna an cheantair, Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ina measc

Crann á chur i gcuimhne Casement ar an gCeathrú Rua inniu

Cuirfear crann in onóir Roger Casement ar an gCeathrú Rua ag a 1p.m. inniu, cothrom an lae ar cuireadh chun báis é.

Is iad Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta atá ag eagrú an chomóradh seo ar an saothar a rinne Ruairí Mac Easmainn ar son na hÉireann agus an cúnamh a thug sé do ghasúir scoile ar an gCeathrú Rua.

Ba sa bhliain 1913 a thug Mac Easmainn cuairt ar Chonamara agus ar chuid de scoileanna an cheantair, Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ina measc.

Scríobh sé cuntais ina dhiaidh sin ar an mbochtaineacht a chonaic sé i gConamara agus dúirt sé go raibh an cás chomh dona le rud ar bith dá bhfaca sé sa gCongó ná i measc na nIndiach Putumayo le bruacha na hAmasóine. Chuir sé ciste airgid ar bun le lón a chur ar fáil chuile lá do dhaltaí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua.

Ar na dreamanna a chuir airgead sa gciste bhí comhlacht Cadbury—lucht déanta na seacláide.

Ba iad Patrick agus Jane Tubridy an dá mhúinteoir a bhí sa scoil ag an am —sin-seantuismitheoirí Ryan Tubridy, an craoltóir le RTE.

Scríobh Jane Tubridy chuig Mac Easmainn ag glacadh buíochais leis faoina chúnamh: “No one but an eyewitness can fully realise the depth of their poverty. It is touching in the extreme to see them coming in, many of them half-naked, to partake of the daily meal.”

Is í Mairéad Mhic Dhonncha, atá ina Príomhoide ar Scoil Mhic Dara na Ceathrún Rua anois, a chuirfidh crann fuinseoige san áit a raibh an bhunscoil nuair a tháinig Ruairí Mac Easmainn an bealach i 1913. Ar an suíomh sin atá Áras Uí Chadhain.

Bhí baint ag Ruairí Mac Easmainn le hÁrainn freisin agus le Liam agus  Tomás Ó Flaithearta go háirithe.

Thug sé cuairt ar Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce agus bhronn sé leabhair ar Thomás Ó Flaithearta a bhí ina dhalta sa scoil ag an am.

Deir lucht eagraithe ócáid an lae inniu go bhfuil fáilte roimh chuile dhuine ag cur an chrainn chuimhneacháin ar an gCeathrú Rua.

Fág freagra ar 'Crann á chur i gcuimhne Casement ar an gCeathrú Rua inniu'