‘Cothaíonn ceiliúradh ceisteanna’ agus cíoradh go maith iad ar 7 Lá

Clár beo, speisialta, uair an chloig ar fhad a bhí againn aréir ó 7 Lá agus 20 bliain de TG4 á scagadh

‘Cothaíonn ceiliúradh ceisteanna’ agus cíoradh go maith iad ar 7 Lá

Bím ag píobaireacht liom go minic faoi theirce na nuachta agus cúrsaí reatha ar TG4. ’Sé sin go bhfuilimid i dtaobh le leathuair an chloig nuachta i rith na seachtaine, nóimintí fánacha ag an deireadh seachtaine mar aon le clár leathuair an chloig eile, 7 Lá.

Níl de locht air ach a laghad agus léirigh clár 7 Lá Dé Máirt cad is féidir leis an stáisiún a dhéanamh nuair a luíonn siad amach orthu féin sa réimse seo.

Clár beo, speisialta, uair an chloig ar fhad a bhí againn ina raibh agallamh réamhthaifeadta leis an Uachtarán, agallamh beo leis an Ard-Stiúrthóir nua, Alan Esslemont, pacáiste faoi stair (nó réamhstair) an stáisiúin agus dhá phainéal bhríomhara. É sin ar fad agus lucht féachana bailithe isteach (an léirmheastóir cúthail, beagfhoclach seo ina measc).

Cúis iontais dom nach raibh a thuilleadh búis faoin gclár agus fágadh in áit na leathphingine é ó thaobh na poiblíochta de i gcomparáid leis an gcuid eile den cheiliúradh.

Bhaineas sásamh as an bpacáiste snasta, cuimsitheach a bhí curtha i dtoll a chéile ag Ailbhe Ó Monacháin, maoithneachas agus ardú meanman araon ag baint leis.

“Cothaíonn ceiliúradh ceisteanna,” arsa Ó Monacháin ag deireadh a thuairisce, segue deas uamach isteach sa phlé féin.

Bhí cur síos deisbhéalach ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh ar an suaitheadh a bhain le bunú an stáisiúin agus an cúlra polaitíochta a bhí ann. Labhair Ciarán Ó Feinneadha, duine den bhuíon a bhí ar thosach cadhnaíochta sa bhfeachtas teilifíse, go paiseanta faoin éagóir teanga a bhí ar bun roimh theacht TnaG agus faoin méid a baineadh amach. Páidí Ó Lionáird, gan amhras, a bhí sa chathaoir, agus gan aon chuma air go raibh sé béiteálta tar éis a chuid saothair an oíche roimhe ag TG4XX Beo.

Is mithid a mheabhrú don ghlúin óg gur gaisce faoi leith é go bhfuil stáisiún Gaeilge againn in aon chor, is cuma cécna tuairimí atá againn faoina shuáilcí agus duáilcí. Luaigh Ciarán an focal ‘éacht’ cúpla babhta agus dúirt Íte Ní Chionnaith, a bhí ar phainéal eile ina dhiaidh sin, gur ‘míorúilt’ a bhí in TG4. B’fhíor dóibh.

Bhain agallamh an Uachtaráin gáire as an lucht féachana nuair a chaith sé cúpla slais chaolchúiseach leo siúd a cháin TnaG agus a bhaist Michael ‘De Lorean’ Higgins air féin. Bhí taibhse na teanga dúisithe aige agus níor thaitin sé leo, ach thaitin an chuid áirithe sin den allagar leis an Uachtarán féin, a dúirt sé.

Ina dhiaidh sin bhí painéal a dhein plé ar dhúshláin an stáisiúin agus an bóthar atá roimis. Taobh le hÍte Ní Chionnaith, bhí Éamaonn Mac Niallais agus Niamh Ní Bhaoill.

Pléadh cruachás na gcomhlachtaí teilifíse, ó thuaidh agus ó dheas, dúshlán na n-ardán féachana difriúil mar aon leis an soláthar do dhaoine óga.

Mar bhuille scoir bhí agallamh leis an Ard-Stiúrthóir nua Alan Esslemont a labhair go heolasach faoi na dúshlán atá roimhe, plé a mhair tamall tar éis mhúchadh na gceamaraí.

Thagair sé don tábhacht freastal ar an ‘croíphobal’ atá ag an stáisiún, iad siúd a labhraíonn Gaeilge go laethúil mar aon leis an tábhacht go mbeadh an stáisiún mar ‘doras’ chuig an nGaeilge do phobal uile na tíre.

Seo í an chloch is mó ba cheart a bheith ar a phaidrín. Cothromaíocht a bhaint amach sa sceideal don dá phobal sin ar shlí inmharthana ó thaobh an airgeadais, agus ar shlí a mheallann lucht féachana agus a thugann a ceart don Ghaeilge agus do mheon an chraoltóra seirbhíse poiblí.

Arís eile adaíodh an tine faoi cheist na Gaeilge ar an stáisiún, easpa saibhris/cruinnis, an líon Béarla a bhíonn le cloisteáil srl. Dar liom go bhfuil an plé seo ag pointe cinniúnach anois agus slí amháin nó slí eile socrófar cén stádas a bheidh ag an nGaeilge sna blianta beaga atá romhainn amach.

Ina dhiaidh sin ní bheidh aon dul siar.

Tá súil agam nach tine ar loch atá adaithe.

Fág freagra ar '‘Cothaíonn ceiliúradh ceisteanna’ agus cíoradh go maith iad ar 7 Lá'

  • Gabriel Rosenstock

    Clár bríomhar a bhí ann. Ardaíodh ceist na bhfotheideal. Ag cur le litearthacht an Bhéarla a bhíonn fotheidil Bhéarla. Cá bhfuil na fotheidil Ghaeilge ar scannáin ón iasacht, cuir i gcás, cleas a chuirfeadh go mór le litearthacht sa Ghaeilge.

  • Eoin Ó Brolacháin

    Bhí an clár sin go hiontach ar fad. Is breá liom Seacht Lá. Díospóireacht mhaith faoin todhchaí