Cothaíonn aicíd na hArdteiste meon na sclábhaíochta i leith an status quo

Foghlaim de ghlanmheabhair seachas spéis, anailís, inmheánú agus tuiscint a chúitítear sa gcóras oideachais agus is í atá á tástáil an tseachtain seo

Cothaíonn aicíd na hArdteiste meon na sclábhaíochta i leith an status quo

LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

An airíonn tú na brúisceanna múisce atá á scairdeadh uathu ag ár ndaoine óga i dtús a saoil mar dhaoine fásta? Seo é an chéad lá de shéasúr urlacain an tsamhraidh, aicíd thógálach a bhuaileann daltaí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta aimsir phátrún Cholmcille chuile bhliain.

Cuireadh i leith Cholmcille féin go mbíodh sé ag séitéireacht agus is dá bharr ab éigean dó teitheadh as Árainn na Naomh agus a aghaidh a thabhairt ina bhád cloiche ar chladaí Chonamara. Is beag an baol gur locht a gheofaí ar a chuid scéiméireachta anois.

Foghlaim de ghlanmheabhair seachas spéis, anailís, inmheánú agus tuiscint a chúitítear sa gcóras oideachais agus is í atá á tástáil an tseachtain seo.

Ní ceadmhach measúnú leanúnach a lua, is cuma a fhiúntas, a fhéaráilteacht ná a fhéidearthachtaí. Ní ceadmhach ach oiread aon mhúisiam a chur ar cheardchumannaithe ná ar na tuismitheoirí sin ar acmhainn dóibh íoc as ranganna breise den fhoghlaim de ghlanmheabhair. Fágann an pulcadh leanúnach atá againn daoine i bpostanna oiliúna nach mbeadh de mheabhair chinn ná de threallús iontu oibriú i gcóras a d’éileodh neamhspleáchas, úrsmaointeoireacht ná fiontraíocht. 

Cúitíonn an córas foilsitheoirí agus údair na bhfreagraí réamhscríofa agus cothaíonn sé meon na sclábhaíochta i leith an status quo. Cothaíonn córas na bunscoile macnas na cruthaitheachta agus pléisiúr na fionnachtana. Ag dhá bhliain déag d’aois, seoltar na plandóga aibí sin isteach i gcóras seanchaite na meánscolaíochta. Is gearr uathu an dúchan agus an clochrú.

Báitear an cíocras foghlama le páipéir shamplacha scrúduithe. Plúchtar suim na ndaltaí a bhfuil éirim de chineál eile acu, a shantaíonn déan agus foghlaim in áit léigh agus foghlaim agus cothaítear sochmaíocht i meon agus i gcorp. Soláthraíonn an córas seargtha seo lucht saothair don stát nach eol dóibh an chaoi le smaoineamh ar bhealach nua neamhspleách agus nach n-aithneodh dúshlán intleachta mura mbeadh marc ag dul leis.

Nach cuma, a deir daoine tuisceanacha liom atá tinn de mo racht cantail. Ní cuma mar seo iad dochtúirí na gcéadta pointe a mbeidh mo bheatha nó mo bhás ina lámha agus gan mo chinniúint le fáil in aon téacsleabhar. 

Seo iad na hiriseoirí nach n-aithneoidh preasráiteas thar an bhfírinne agus nach gcuirfidh an cheist chuí ar an ngleacaí a bheidh os a gcomhair.

Seo iad na pluiméirí a mbeidh faitíos orthu an t-amhrán breá sin atá cumtha acu a chur os comhair an tsaoil mar nach bhfuair siad 500 pointe in Ardmhúisc. 

Seo iad na vótálaithe nach mbacfaidh le vótáil mar nach raibh aon mheas ná aird ar ár stair, ár sochaí ná ár dtodhchaí i gcóras na bpointí. Seo iad na fostóirí lagradharcacha a thabharfas an post d’fhear leathchumasach mar nach gcuirfidh crampaí míostraithe ná múisc thoirchis ar a dhroim é agus nach dteastóidh sé mhí saoire mháithreachais uaidh go deo.

Bíonn faitíos agus doicheall roimh an tsúil eile i gcónaí agus má bhí sé sách maith againne, cén dochar a d’fhéadfadh a bheith ann? An dochar gur caoirigh ár bhformhór, ag caochmhaireachtáil i ndomhan Big Brother, agus gan aithne ná teanntás againn ar George Orwell.

Seamsán síoraí ag lucht an tríú leibhéal an easpa cruthaitheachta agus féinmhuiníne a bhíonn ina gcuid mac léinn agus gur ina spúnóga beaga a shlogann siad a gcuid eolais. Beagnach beirt as gach deichniúr a théann isteach sna coláistí tríú leibhéal, cinneann an chéad bhliain orthu agus i gcuid de na cúrsaí loiceann ochtar as gach deichniúr, go háirithe i gcúrsaí matamaitice.

Meas tú cén t-ábhar is mó ina bhfaigheann scoláirí Ardmhúisce ‘grinds’?

Tá a fhios againn uilig gur córas fealltach fabhtach é córas an urlacain a loiceann ar a lán dár ndaoine óga agus a chothaíonn meon an spleáchais.

Tá dáimh ag cuid againn leis mar go raibh sé sách maith againn féin agus gur éirigh linne é a cheansú.

Tá sé thar am bealach measúnaithe a fháil don aonú haois is fiche, tráth a bhfuil giuirléidí cliste inár bpócaí le go leor den seanbhráca spadánta a dhéanamh.

Tugann sin áiméar dúinn díriú ar dhúshláin eile na hinchinne ar bhealach nua. Éirímis as an urlacan agus tugaimis aitheantas d’éirimí éagsúla an duine óig.

Seachnaímis aicíd thógálach an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Cothaíonn aicíd na hArdteiste meon na sclábhaíochta i leith an status quo'

  • Pádraic

    Sách ráite. Is pléisiúr i gcónaí é altanna Mháire Ní Fhinneadha a léamh agus an Ghaeilge álainn shaibhir dea-scríofa a chleachtann sí.

  • Mánus

    An-alt go deo ach faraor níl leigheas ar bith molta. Seachas an “murder machine” a bheith níos measa ná riaimh ceann des na gnéithe is suntasaí ná comh tanaí coillte is atá an cúrsa Ghaeilge Ardleibhéil Ardteiste. Níl dúshlán dá laghad san Ardteist do scoláirí go bhfuil an Ghaeilge acu sa bhaile nó atá ag freastal ar Ghaelcholáiste. 100 leathnach as úrscéil agus dornán dán! Ní mór go leor úrscéalta agus go leor filíocht a léamh chun líofacht agus saibhreas teanga a chothú ionat féin gan trácht ar chumas smaointeoireachta neamhspleáigh a chothú. Maidir leis an Teastas Sóisearach toisc nach mbeidh béalscrúdú ann a thuilleadh beidh na mílte ag triail ar na dianchúrsaí Ghaeilge feasta chun iad fhéin a réiteach don bhéalscrúdú Ardteiste. Toisc cáil an mhúinteora do bheith ag braith go mórmhór ar torthaí na scrúduithe Stáit beidh an Ghaeilge á mhúineadh don Teastas Sóisearach mar theanga scríofa ar nós an Laidin.

  • Eoin Ó Cróinín

    Ní léiríonn an colúnaí mórán den smaointeoireacht chriticiúil í féin: níl sí ach ag déanamh aithrise ar na múrtha colún eile atá á scríobh faoi láthair sna nuachtáin Bhéarla ag cur i leith na hArdteiste go bhfuil sé seanchaite agus as dáta. De réir tástálacha idirnáisiúnta, áfach, tá ag éirí go maith le córas oideachais na tíre: táimid os cionn an mheáin sa mhata agus san eolaíocht agus táimid sa cheathrú háit ar domhan sa léitheoireacht sa tuairisc PISA is déanaí. Ar ndóigh, níl an Ardteist foirfe, ach tugann sé bunús maith do scoláirí chun aghaidh a thabhairt ar an tríú leibhéal: na scoláirí a n-éiríonn go maith leo san Ardteist, de ghnáth éiríonn leo san ollscoil freisin. Is iad na scoláirí nach n-éiríonn go maith leo san Ardteist a éiríonn as an ollscoil sula gcríochnaíonn siad a gcúrsa. In áit an córas ar fad a dhamnú faoi mar a dhéanfadh déagóir sotalach, ba cheart dúinn teacht i gcabhair ar na daltaí nach n-éiríonn go maith leo san Ardteist: de ghnáth is daltaí faoi mhíbhuntáiste iad nach bhfaigheann mórán tacaíochta sa bhaile nó a fhreastalaíonn ar scoileanna mí-éifeachtacha.

  • Séamas Mac Coitir.

    Tá fiúntas agus tairbhe as cuimse ag baint leis an alt atá scríofa go paiteanta ag Máire Ní Fhinneadha. Tá súil agam go dtabharfaidh an Roinn Oideachais, aird ar an gcomhairle atá léirithe go cumasach aici. Feicimid linn.

  • Gabriel Rosenstock

    An bhfuil aon ghné den chóras nach ndéanann sclábhaithe dínn? B’fhiu do dhuine Bob Black a léamh:
    https://en.wikiquote.org/wiki/Bob_Black
    An cuimhin le héinne an tAthair Ivan Illich? Ní ar son na scolaíochta ach ar son na díscolaíochta a bhí sé siúd agus go leor den cheart aige ag an am, dar liom.
    https://www.brainyquote.com/quotes/authors/i/ivan_illich.html

  • J. Delaney

    Tá mise ag dul i ngleic leis an bhfadhb le mo shaol ar fad: fadhb an chóras oideachais in Éirinn, tar éis drochthaithi pearsanta air i laethanta m’óige. Nár dheas é dá mbeadh an tsaoirse intleachtúil sa chóras a speagfadh ár ndaoine óga le tír álainn a chrúthú le nósanna difriúla, agus luachanna difriúla, leis? Mar a luaigh Gabriel thuas ámh, tá an córas oideachais ag frithchaitheamh chóras an tsaoil nua-aimseartha atá againn anois. Má tá muid ag iarraidh an t-oideachas a athrú, caithfidh muid féachaint ar na príomh-luachanna atá againn mar shochaí, mar rialtas, mar chultúr- mar níl sna scoileanna ach frithchaitheamh na sochaí agus a tosaíochtaí. Is léir freisin, go bhfuil lucht tacaíochta an chórais sna tráchtanna seo gafa le hábhair mar ‘cén comh ard is atá Éire i gcomparáid leis na tíortha eile’: an saghas tuairime féin a chruthaíonn an drochstaid ina bhfuil muid.