Costas ard ar chath cúirte Fhóram Chonamara faoi chlár forbartha

Theip le déanaí  ar dhúshlán dlí eagraíocht phobail as Conamara maidir le cinneadh gur aon eagraíocht amháin a bheadh freagrach as an gClár SICAP do chontae na Gaillimhe

Costas ard ar chath cúirte Fhóram Chonamara faoi chlár forbartha

D’fhéadfadh costas dlí de bhreis agus €200,000 a bheith ag baint leis an gcath cúirte a bhaineann le clár tacaíochta sóisialta agus pobail do cheantar Chonamara nuair a chuirtear an dá thaobh sa chás sa gcomhaireamh.  Tá an eagraíocht phobail, Fóram Chonamara, atá lonnaithe i Leitir Fraic, agus Comhairle Chontae na Gaillimhe in adharca a chéile le bliain go leith faoi riaradh na scéime SICAP (An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail) sa taobh ó thuaidh de Chonamara. 

Shocraigh an Ard-Chúirt le gairid go raibh a ngnóthaí déanta go dleathach ag an gComhairle Contae agus theip ar chás na heagraíochta, Fóram Chonamara. 

Níltear cinnte fós, áfach, an é seo a dheireadh nó an dtabharfaidh Fóram Chonamara iarraidh eile faoi dhúshlán na Comhairle a thabhairt agus a dhul i muinín achomhairc.

Níor socraíodh é seo ar bhealach amháin ná ar bhealach eile nuair a tháinig Bord Stiúrtha na heagraíochta, Fóram Chonamara, le chéile i Leitir Fraic san oíche Dé hAoine.  Dúradh i ndiaidh an chruinnithe go bhfaighfí tuilleadh comhairle ó dhlíodóirí na heagraíochta sula ndéanfaí cinneadh críochnaitheach.   Cinneadh tromchúiseach atá roimh na stiúrthóirí, ar gníomhaithe pobail, ionadaithe as áisíneachtaí Stáit agus comhairleoirí contae iad.  Má ghlacann an bord stiúrtha le cinneadh na hArd-Chúirte, sin é a dheireadh acu. 

Beidh mórsheisear á ligean chun bealaigh as a gcuid postanna i gConamara i mí Dheireadh Fómhair agus beidh go leor den bhonnchloch a cuireadh faoi obair Fhóram Chonamara gafa i léig. Má shocraíonn na stiúrthóirí dul ag plé le hachomharc, áfach, beidh tuilleadh costas dlí i  gceist. Ní fios ach an oiread cén áit a dtitfidh an t-ualach costas ag an deireadh.

Mhínigh lucht Fhóram Chonamara ó thús go raibh cúrsaí láidre prionsabal i gceist sa gcás seo ó thaobh fhorbairt na tuaithe.  Bhí siadsan ag riaradh cláir a bhí ar aon dul, a bheag nó a mhór, le SICAP ar feadh cúig bliana déag go dtí 2014.  Sa gcuid sin de Chonamara atá taobh amuigh den Ghaeltacht, ba mhó a bhíodar ag gníomhú ach bhí cúraimí orthu freisin in Iorras Aithneach agus i nDúiche Sheoigheach.  Cúnamh do dhaoine a  bhí faoi mhíbhuntáiste a bhí i gceist, sin agus spreagadh a thabhairt d’iarrachtaí le postanna, caitheamh aimsire agus cúnamh sóisialta a thabhairt do dhaoine eile.   Bhí an-mheas ar a gcuid oibre.

Ansin, i dtréimhse an Rialtais a toghadh in 2011 tháinig treoracha ón Roinn Comhshaoil gurbh fhearr go mbeadh eagraíocht amháin i chuile chontae ag dul don obair seo.  Bhí Fóram Chonamara, atá ag plé le hobair fhorbartha pobail i gConamara le blianta fada, ina aghaidh sin.  Dúradar go rabhthas ag bogadh an chórais amach ón bpobal áitiúil agus gur laige a bheadh sé dá réir sin.  Bhíodar den tuairim go mbeadh an iomarca smachta ag an gComhairle Contae ar an gclár nua, SICAP, dá rachfaí i muinín an chórais láraithe.

D’eagraigh fochoiste Chúrsaí Pobail agus Forbairt Áitiúil na Comhairle Contae comórtas le grúpa a roghnú a thabharfadh an tseirbhís do Chontae na Gaillimhe uilig.  Chuir Fóram Chonamara iarratas isteach ar an gcomórtas ach ba iad Comhlacht Forbartha Tuaithe na Gaillimhe, a bhfuil a gcuid oifigí i mBaile Átha an Rí, taobh thoir de Ghaillimh, a fuair é. 

Bheadh an comhlacht sin ag láimhsiú an chláir i gConamara agus taobh thoir de Ghaillimh freisin.  Ina dhiaidh sin, chuaigh Fóram Chonamara i muinín an dlí ar an gcúis, a dúradar, go raibh an próiseas roghnúcháin don chlár SICAP lochtach agus nár cheart glacadh leis.  Sheas an Chomhairle Contae an fód agus d’éirigh léi sa chúirt.

Is ar chrann Fhóram Chonamara a thiteann an dualgas is troime anois.

Mar thoradh ar an obair fhadálach cúirte tá an eagraíocht idir dhá cheann na meá – táthar ag leanacht ar aghaidh leis an obair ach ní féidir leo tabhairt faoi aon bheart fadtéarmach. Tá an t-airgead an-teoranta agus níl a fhios acu an mbeidh siad ann nó as go gairid.  Ar an taobh eile den scéal, níl aon chinnteacht ag Comhlacht Forbartha Tuaithe na Gaillimhe faoina bhfuil i ndán dóibh féin.  Ní chuidíonn an éiginnteacht leis an réiteach don chlár SICAP sa gcontae in aon cheantar.

Idir an dá linn, beidh costas ag baint leis an gcath seo, sna cúirteanna agus ar bhealaí eile freisin. 

Fág freagra ar 'Costas ard ar chath cúirte Fhóram Chonamara faoi chlár forbartha'