Cosc iomlán ar athshealbhú tithe molta ag Coiste Dála

Mhol an Coiste um Thithíocht go mbunófaí ‘Gníomhaireacht um Sholáthar Tithíochta’ chun tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta

An Teachta Dála John Curran ag seoladh na tuarascála inniu. Pictiúr: Sam Boal /Rollingnews.ie
An Teachta Dála John Curran ag seoladh na tuarascála inniu. Pictiúr: Sam Boal /Rollingnews.ie

Tá sé molta ag Coiste Dála gur cheart eagraíocht nua stáit a bhunú le cabhrú le húdaráis áitiúla dul i ngleic le fadhb tithíochta na tíre.

Mhol an Coiste um Thithíocht agus Easpa Dídine freisin go gcuirfí cosc iomlán ar athshealbhú tithe go dtí go mbeidh an eagraíocht stáit nua bunaithe.

Mhol an Coiste um Thithíocht go mbunófaí ‘Gníomhaireacht um Sholáthar Tithíochta’ a mbeadh baill foirne ón nGníomhaireacht Tithíochta, NTMA, an Roinn Tithíochta, agus an Roinn Airgeadais ag obair inti.

Tá os cionn 70 moladh ar fad sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste inniu, ina measc ardú ar liúntas cíosa agus méadú 50,000 ar líon na n-aonad tithíochta sóisialta as seo go ceann cúig bliana.

Moltar freisin nach ndúnfaí aon bhrú do dhaoine gan dídean go dtí go mbeadh lóistín eile ar fáil in áiteanna eile.

Dúirt cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dala de chuid Fhianna Fáil John Curran, go gcabhródh moltaí na tuarascála chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.

“Tá torthaí ár gcuid oibre á gcur i láthair sa tuarascáil seo tar éis dúinn éisteacht le go leor finnéithe agus glacadh le hos cionn 80 aighneacht i scríbhinn ón bpobal. Dhírigh an Coiste ar na constaicí, ar fhadhbanna is féidir a réiteach a aithint, chomh maith le gníomhartha ar leith a chaithfear a dhéanamh le dul i ngleic le fadhbanna móra eile,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cosc iomlán ar athshealbhú tithe molta ag Coiste Dála'