Cosc dlíthiúil ar Aire na Gaeltachta orduithe logainmneacha a dhéanamh

Tá lúb ar lár sa dlí ag cur stop leis an Aire aon orduithe logainmneacha nua a dhéanamh agus caithfear leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga le teacht as an tsáinn

Road Sign

Níl aitheantas oifigiúil tugtha d’oiread agus logainm amháin de chuid na tíre seo ag Aire na Gaeltachta le trí bliana go leith anuas de bharr lúb ar lár dlíthiúil.

Baineann an fhadhb leis an gCoimisiúin Logainmneacha ar tháinig deireadh lena théarma oifige i nDeireadh Fómhair 2012. Bhí sé mar dhualgas ar an gcoimisiún sin comhairle a sholáthar d’Aire na Gaeltachta maidir le logainmneacha oifigiúla a cheadú, a leasú nó a chúlghairm. Chaithfeadh an tAire de réir dlí an chomhairle a chuirfeadh an coimisiún air nó uirthi a bhreithniú sula ndéanfaí aon ordú oifigiúil maidir le logainmneacha.

Chinn an Rialtas in 2012 go dtiocfadh coiste saineolaithe a d’fheidhmeodh ar bhonn deonach in áit an choimisiúin agus go ndéanfaí an obair go príomha ar-líne ar mhaithe le hairgead a shábháil le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Ach níor cuireadh ar ceal riamh na dualgais dhlíthiúla atá fós ar an Aire moltaí ón gCoimisiún Logainmneacha a bhreithniú sula ndéanfaí cinneadh faoi orduithe logainmneacha oifigiúla a cheadú.

In alt 32 d’acht na dTeangacha Oifigiúla deirtear go ndéanfaidh an tAire Gaeltachta orduithe logainmneacha “tar éis dó nó di comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú”.

Ach gan aon choimisiún ann, ciallaíonn sin go bhfuil cosc iomlán ar an Aire aon ordú logainmneacha a dhéanamh ó bhí Deireadh Fómhair 2012 ann; ní bheadh cead ag an gcoiste saineolaithe deonacha a bhunaigh an tAire Gaeltachta in 2012 an obair seo a dhéanamh mura leasófaí an dlí leis an dualgas a bhí ar an gcoimisiún roimhe sin a chur ar an gcoiste deonach anois. 

Rinneadh 14 ordú logainmneacha idir 2003 agus 2012, ina measc cinn a bhain le hainmneacha na gContaetha agus na gCúigí, ainmneacha aonaid riaracháin agus logainmneacha eile i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Chorcaí, Luimnigh, Lú, Mhuineacháin, Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Uíbh Fhailí. Rinneadh dhá ordú logainmneacha maidir leis na ceantair Ghaeltachta freisin.

Ó shin i leith níl aon ordú oifigiúil logainmneacha déanta ag Aire na Gaeltachta agus ní bheidh go dtí go réitítear an tsáinn dhlíthiúil a chuireann ceangal ar an Aire comhairle a fháil ón gcoimisiún logainmneacha.

Idir an dá linn, leanadh ar aghaidh le hobair an Bhrainse Logainmneacha, rannóg de chuid Roinn na Gaeltachta atá freagrach as taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha údarásacha Gaeilge díobh a chur ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí.

D’ullmhaigh an brainse dréachta d’orduithe logainmneacha do Chontae Cheatharlach, Chontae na Gaillimhe, Chontae Liatroma, Chontae an Longfoirt agus Chontae Mhaigh Eo agus d’eagraigh siad tréimhse comhairliúcháin phoiblí ina leith. Ach is mar dhréacht-orduithe a fhanfaidh toradh a gcuid oibre go dtí go ndéanfar leasú ar an reachtaíocht agus go mbeidh údarás dlíthiúil ag an Aire orduithe oifigiúla a dhéanamh astu.