Cosc curtha ag Foras na Gaeilge ar phriontáil cáipéisí Boird de thoradh sceitheadh eolais ‘tromchúiseach’

De réir polasaí nua a tugadh isteach i ndiaidh sceitheadh eolais beidh cáipéisí boird de chuid an Fhorais ‘criptithe’ agus beidh cosc ar iad ‘a phriontáil, leasú nó roinnt’

Cosc curtha ag Foras na Gaeilge ar phriontáil cáipéisí Boird de thoradh sceitheadh eolais ‘tromchúiseach’

Tá cosc curtha ar chomhaltaí Bhord Fhoras na Gaeilge cáipéisí a bhaineann le gnó an Fhorais a phriontáil i bhfianaise sceitheadh eolais “tromchúiseach” a rinne “dochar” don eagraíocht trasteorann.

Léiríonn miontuairiscí de chuid Bhord an Fhorais gur glacadh le déanaí le Polasaí Theicneolaíocht na Faisnéise don Bhord a chuireann cosc ar chomhaltaí boird cáipéisí a phriontáil.

Deirtear sa pholasaí nua gur le Foras na Gaeilge na cáipéisí Boird agus go mbeidh “socruithe slándála cuí curtha” orthu dá réir.

“Níl cead na cáipéisí seo a scaipeadh ná a nochtadh.
Beidh na cáipéisí seo criptithe agus beidh cosc ar phriontáil, leasú nó roinnt,” a deirtear sa pholasaí.

Tugadh an polasaí isteach i bhfianaise sceitheadh eolais a tharla san eagraíocht teanga anuraidh maidir lena straitéis foclóireachta.

De réir tuairisc faoi straitéis foclóireachta an Fhorais a craoladh ar Nuacht TG4 ag deireadh na bliana seo caite, moladh sa cháipéis sin go lorgófaí €12.6 milliún chun é a chaitheamh ar thionscadal foclóireachta thar thréimhse seacht mbliana.

Nuair a tuairiscíodh go raibh a leithéid de phlean á phlé, scríobh Jake Mac Siacais, stiúrthóir na heagraíochta Forbairt Feirste, litir oscailte chuig Bord an Fhorais ag impí orthu gan dul ar aghaidh leis an tionscadal foclóireachta tráth a raibh laghdú tagtha ar mhaoiniú d’eagraíochtaí pobail.

Spreag an chonspóid sin díospóireacht sna meáin faoi straitéis foclóireachta an Fhorais.

Ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ag deireadh na bliana seo caite, cuireadh in iúl gur phléigh Coiste Iniúchta na heagraíochta an sceitheadh eolais agus chuir an Cathaoirleach ag an am, Liam Ó Maolmhichíl, in iúl go raibh “an-díomá air ina leith”.

Dúirt sé gur plécháipéis a bhí sa straitéis foclóireachta ach go raibh ceangal déanta idir í agus scéim an Fhorais d’eagraíochtaí pobail de thoradh sceitheadh an eolais.

Thug sé le fios go raibh an sceitheadh tar éis “dochar a dhéanamh don eagraíocht agus gur eachtra thromchúiseach a bhí i gceist”. Dúirt an comhalta Boird Marcus Mac Ruairí gur fhág an eachtra “go raibh míléamh déanta ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag an phobal agus gur cheart go mbeadh bealach ann le míniú a thabhairt don phobal maidir leis an dóigh a n-oibríonn buiséad Fhoras na Gaeilge”.

Mhol an Cathaoirleach do bhaill an Bhoird scríobh chuig Phríomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, chun a “dhearbhú nach uathu a tháinig an sceitheadh”.

Mhol baill an Bhoird féin don bhfeidhmeannas go gcuirfí fiosrúchán ar bun maidir leis an eachtra. Chuir an Cathaoirleach agus baill eile den Bhord a bhí i láthair ag an gcruinniú in iúl nárbh iad a sceith an t-eolas leis na meáin.

Chuir iarchomhalta amháin, Áine Ní Chiaráin in iúl “go raibh faitíos uirthi gur síleadh gur í féin, mar iriseoir, a sceith an t-eolas agus gur mhaith léi é a bheith ar an taifead gur ghoill sin go mór uirthi”. I measc na gcomhaltaí eile ag an gcruinniú a dhearbhaigh nach raibh aon bhaint acu le sceitheadh an eolais bhí Marcus Mac Ruairí, Bríd Ní Chonghóile, Colm Cavanagh agus Donncha Ó Laoghaire, atá anois ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin.

Ceapadh Bord nua ar Fhoras na Gaeilge i Nollaig na bliana seo caite agus lean an plé ar aghaidh faoin sceitheadh eolais i measc bhaill an Bhoird nua.

Ag cruinniú Boird ar an 22 Eanáir, dúirt an comhalta Éamonn Ó Gribín, a bhí ar an mBord deireanach ach a raibh tréimhse bliana fós fágtha aige,  nár thug sé faoi deara go raibh dearbhú i scríbhinn le tabhairt aige nach é a sceith an t-eolas. Chuir sé in iúl don Bhord go raibh a fhios aige cé a sceith an t-eolas faoin straitéis foclóireachta leis na meáin agus dúirt sé go roinnfeadh sé an t-eolas sin leis an gCathaoirleach agus leis an bPríomhfheidhmeannach i ndiaidh an chruinnithe.

Ag an gcruinniú céanna, dúirt an comhalta nuacheaptha Seán Ó Coistealbha nach raibh sé sásta polasaí theicneolaíocht na faisnéise a shíniú “nó go mbeadh deis cheart aige an polasaí féin a léamh go cúramach”.

Ag an gcéad chruinniú eile den Bhord, ar an 1 Márta, thug Ó Coistealbha le fios nár aontaigh sé le “cur chuige an pholasaí”.

De réir na miontuairiscí, dúirt sé “gur cheart go mbeadh muinín ag daoine as a chéile”.

Leanfadh sé de bheith ag priontáil cáipéisí Boird amach dó féin, a dúirt Ó Coistealbha. 

Cuireadh in iúl dó “go ndearna Foras na Gaeilge cás gnó maidir le iPad a cheannach do bhaill an Bhoird agus go raibh sábháil airgid i gceist agus dá mbeadh cáipéisí le priontáil agus lena gcur amach sa phost chuig comhaltaí go mbainfí den chás gnó sin…”.

Ghlac an Bord le Polasaí Theicneolaíocht na Faisnéise don Bhord ar an tuiscint go gcuirfí oiliúint ar fáil dóibh maidir le húsáid an iPad.

Ag tagairt dó do mhaíomh Éamonn Uí Ghribín go raibh a fhios aige cén duine ba chúis leis an sceitheadh eolais, dúirt Ó Coistealbha gur cheart pé eolas a bhí aige a phlé leis an mBord ar fad seachas leis an bPríomhfheidhmeannach agus an Cathaoirleach amháin.

Dúirt Seán Ó Coistealbha go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” nach mbeadh “Bord taobh istigh de Bhord ag feidhmiú”.

Ag cruinniú eile den Bhord ar an 15 Aibreán, dúirt Ó Coistealbha gur chóir go mbeadh “plé stuama fíorúil” ann faoin sceitheadh eolais.

Dúirt an Cathaoirleach go raibh “líne le tarraingt” faoin scéal anois agus ceachtanna le “foghlaim uaidh dá réir”.

De réir na miontuairiscí, leag an Cathaoirleach béim arís ar an tábhacht a bhíonn le “rúndacht agus dílseacht” agus daoine ag feidhmiú mar chomhaltaí Boird.