Cosc arís ar ghrúpa aerach i bParáid South Boston – an Méara ag seachaint na hócáide mar agóid

‘Ní bheidh mise ann, más mar sin é,’ a deir Méara na Cathrach, Marty Walsh, arbh imircigh as Conamara a athair agus a mháthair

Cosc arís ar ghrúpa aerach i bParáid South Boston – an Méara ag seachaint na hócáide mar agóid

Tá sé ina raic arís faoi Pharáid na Féile Pádraig sa gcathair is Gaelaí i Meiriceá agus tá an Méara is mó i Meiriceá a bhfuil ceangal aige leis an tír seo ag seachaint na hócáide.

Le laethanta beaga anuas, shocraigh lucht eagraithe na paráide nach dtabharfaí cead do chumann daoine aeracha a thug seirbhís mhíleata sna Stáit Aontaithe máirseáil mar ghrúpa i nDeisceart Bhostúin.

“Ní bheidh mise ann, más mar sin é,” a deir Méara na Cathrach, Marty Walsh, arbh imircigh as Conamara a athair agus a mháthair. 

“Níl aon ghlacadh agam le leatrom ná deighilt idir ciníocha ná aicmí ar bith i mBoston,” a deir an Méara. 

Tá polaiteoirí eile ar aon intinn leis.

D’fhógair Gobharnóir Stát Massachusetts, Charlie Baker, nach dtaobhódh sé féin an áit ach an oiread má sheasann lucht eagraithe na paráide leis an gcinneadh atá déanta acu.  Tá an port céanna ag go leor ionadaithe poiblí eile, de shliocht na hÉireann go leor díobh.  Fágann sé lucht eagraithe na paráide ar charraig ach tá cleachtadh acu ar chonspóidí.  An rud is iontaí faoi chinneadh an choiste go bhfuil siad ag dul siar ar shocrú a rinneadh dhá  bhliain ó shin nuair a ceadaíodh an grúpa aerach.  Níor tharraing sin trioblóid ar bith ag an am. 

An South Boston Allied Veterans Council, cumann iarshaighdiúirí, a eagraíonn Paráid na Féile Pádraig i South Boston.  70 bliain ó shin a thug an Méara, James Michael Curley, an ceadúnas sin dóibh agus ba í  Comhairle Cathrach Bhostúin ag bhíodh ar eagrú na hócáide go dtí sin.  Mar a tharlaíonn sé, titeann Lá Fhéile Pádraig agus Lá an Aslonnaithe nó ‘Evacuation Day’ ar an dáta céanna, cothrom an lae ar theith na Sasanaigh as Boston i 1776.  Socraíodh i 1976 – 200 bliain tar éis do na Sasanaigh teitheadh –  go mbeadh baint éigin ag an gceiliúradh sin le Paráid na Féile Pádraig.  Ach, ó thús deireadh, is leis na hÉireannaigh an pharáid agus ceiliúradh Naomh Pádraig i mBoston.

Is minic a chloisinn caint ar na hócáidí a bhíodh ag col ceathracha m’athar ar East Fourth Street i South Boston Lá Féile Pádraig.  Bhíodh tír agus talamh isteach agus amach sa teach tar éis na paráide – a bhformhór as Conamara nó de bhunadh Chonamara.  Bhí an rud céanna amhlaidh i gcuimse tithe eile sa gceantar sin.  Ba i South Boston a bhí an lear ba mhó imirceach as Éirinn i bhfad siar agus ba as Conamara go leor acu sin.

Ar ndóigh, ba mhór i gceist é bricfeasta na bpolaiteoirí Gael-Mheiriceánacha sa gceantar Lá Fhéile Pádraig agus bhíodh leithéidí William Bulger, Ray Flynn agus neart eile acu ag spochadh as a chéile ag an ócáid.  Bhí an oiread sin cáil ar an mbricfeasta sin i South Boston go mbíodh aird na meán cumarsáide náisiúnta ar fud Mheiriceá air.

Ní fhéadfaí a rá go mbíodh chuile shórt síochánta i South Boston Lá Fhéile Pádraig sna blianta a caitheadh. Is ar éigean go mbíodh, mar bhíodh an deoch agus an dollar ag dul anonn agus anall go flúirseach thar an gcuntar.   D’imigh sin agus tháinig seo.  Tá Paráid na Féile Pádraig i South Boston ag tarraingt chainte arís agus compás na meán cumarsáide á dhíriú ar an gceantar sin ar bhealach nach bhfuil ag feiliúint ann.   Ar ndóigh, tá stair ag baint leis seo freisin cé nach dtaitníonn sé le go leor daoine. Cruthaíodh sa gcúirt is airde stádas i Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil sé de cheart ag an lucht eagraithe daoine nó grúpaí a ligean isteach sa pharáid nó iad  a choinneáil amach aisti.

Rinne Grúpa Bhostúin na nGael-Mheiriceánach Aerach, Leispiach, agus Déghnéasach (Irish American Gay, Lesbian and Bisexual Group of Boston) iarratas go ligfí isteach sa bParáid i South Boston iadsan i 1992.  Diúltaíodh don iarratas sin.  Thug lucht stiúrtha na Paráide i South Boston an cás go dtí Cúirt Uachtarach na Stát Aonaithe i 1990 agus rialaíodh go raibh sé de cheart ag an South Boston Allied War Veterans cead a thabhairt do dhreamanna ar bith nó iad a dhiúltú.

Seachtain ón Domhnach seo, an 20 Marta, a bheidh an Pharáid i South Boston.  Tá sé ar cheann de pharáidí móra na Féile Pádraig i Meiriceá i gcónaí agus áirítear go mbíonn idir 600,000 agus milliún duine i láthair agus é á thaispeáint beo ar an teilifís chomh maith.  Tá stair chorraitheach, chlúiteach ag an ócáid.

Mháirseáil John Fitzgerald Kennedy agus Jacqueline Kennedy sa pharáid i 1958 agus is iomaí Cinnéideach cumhachtach eile a d’fhág lorg a gcos ar shráideanna Gaelacha South Boston Lá Fhéile Pádraig, an Seanadóir Ted Kennedy agus an tArd-Aighne, Robert Kennedy ina measc.

An t-aon duine amháin de shliocht na gCinnéideach as Massachusetts atá sa bpolaitíocht náisiúnta i Meiriceá faoi láthair, ní bheidh sé ag siúl sa pharáid i mbliana mar agóid in aghaidh an droim láimhe atá tugtha ag an lucht eagair do dhaoine aeracha.  “Beidh mé ag fanacht as,” a deir Joe Kennedy III.

Ar ndóigh, dá  bhféadfaí an cinneadh a rinne na hiarshaighdiúirí a chur ar ceal, thiocfadh na polaiteoirí ar an bparáid.  Ba bhreá le muintir Chonamara an Méara Walsh a fheiceáil ag máirseáil i South Boston.  Vótáil an coiste 9-4  in aghaidh pháirtíocht an ghrúpa aerach, tromlach soiléir. 

Ach, dóchas linn Naomh Pádraig!