Cosc ar mhacasamhail Shéipéilín Mhic Dara a thógáil i gCarna

Chaithfí iarratas pleanála a dhéanamh, a dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an Bartlett School of Architecture a raibh plean acu macasamhail a dhéanamh den séipéal ársa

Teampall Mhic Dara
Séipéal Mhic Dara

Tá cos buailte ag rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an  bplean a bhí ag ceann de na Coláistí Ailtireachta is cáiliúla ar domhan le macasamhail de Shéipéal oileán Mhic Dara a lonnú i gCarna i gConamara ar an 16ú Iúil i  mbliana.  I litir chuig an gColáiste, dúirt na pleanálaithe go gcaithfí iarratas foirmeálta pleanála a chur chucu féin i nGaillimh sula bhféadfaí a leithéid seo de struchtúr a cheadú nó a dhiúltú.  Bhí na mic léinn atá i mbun an tionscnaimh ag súil nach mbeadh cor mar sin sa scéal; bhí ábhar ar leith le húsáid sa struchtúr agus d’fhéadfaí é a bhaint ó chéile arís.  Ní raibh socrú cinnte ar bith ann faoin achar a bheadh an struchtúr ann.

Tháinig foireann as an Bartlett School of Architecture i Londain go Carna níos túisce i mbliana agus rinneadar na réamhshocruithe le macasamhail den Séipéilín  stairiúil atá ar an oileán a chur i dtoll a chéile gar do Theach an Bháid Tarrthála sa Más i gCarna le linn imeachtaí Fhéile Mhic Dara na bliana seo.  Ó Chéibh an Mhása, atá buailte ar Theach an Bháid Tarrthála, a théann formhór na gcéadta oilithreach amach go hOileán Mhic Dara – Cruach na Cara – an 16ú Iúil.  Áirítear gur sa seachtú haois a tógadh an Séipéilín cloiche ar an oileán agus tá sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.

B’fhacthas do na mic léinn agus a gcuid léachtóirí go raibh seandálaíocht, cultúr, stair agus ailtireacht fite fuaite ina chéile sa tionscnamh.  Bheadh an struchtúr agus an obair uilig a  bhainfeadh leis mar chuid dá gcuid staidéir ag na mic léinn.  Thosaigh siadsan feachtas bailithe airgid agus bhí sin ag dul ar aghaidh go maith.  Bhí sé i gceist go dtabharfaí an t-amhábhar speisialta le haghaidh an struchtúir anall as Sasana ar leoraí.

Bhí an tAthair Pádraig Standún, Sagart Pobail Charna, ina measc siúd a ndeachaigh na mic léinn chun cainte leo nuair a bhíodar i gConamara.  Dúirt seisean go mbeadh fáilte roimh an bplean a bhí acu; bhí a fhios aige nach rabhthas in ann a dhul go hOileán Mhic Dara ar an 16ú Iúil dhá bhliain as chéile de bharr corraí i bhfarraige.  Ba dheas an rud é  go mbeadh an mhacasamhail den Séipéal le hais Ionad an Bháid Tarrthála sa gcás sin, a deir sé. Deirtear an tAifreann i Teach an Bháid Tarrthála nuair nach féidir a dhul ar an oileán. 

Sa litir a chuir Rannóg Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe chuig Scoil Bartlett i Londain, dúradh go raibh ceantar an Mhása i gCarna i rannóg uimhir 4 timpeallachta i gcontae na Gaillimhe agus go raibh ceantair chaomhnaithe in aice láithreach – SAC Chuan Chill Chiaráin  ina measc (tá cuanta áitiúla eile istigh sa réimse sin chomh maith).  Bheadh ceisteanna eile ann faoin suíomh féin, a deir an Chomhairle Contae.

Bhí daoine atá bainteach leis an mBád Tarrthála agus le himeachtaí Lá Mhic Dara ag cur suim mhór i bplean an tSéipéilín ach creideann siad anois nach mbeadh seans ar bith ann go mbeadh iarratas pleanála réitithe in am, fiú dá mbeadh fonn ar Scoil Bartlett a dhul ag plé leis an bpróiseas sin.  D’fhéadfadh sé go mbeadh staidéir chostasacha timpeallachta ag baint leis agus gan cinnteacht ar bith ann go n-éireodh leis an iarratas sa deireadh.

Bhí Scoil Ailtireachta Bartlett sa dara háit is fearr ar domhan sa réimse staidéir sin sa gcuntas domhanda do choláistí tríú leibhéal in 2015 agus in 2016.  Roghnaigh an Institiúid Ríoga Ailtireachta an coláiste ar bharr an chuntais sa mBreatain le haon bhliain déag as a chéile, an bhliain seo san áireamh.  175 bliain atá Scoil Bartlett ar an bhfód.