Cosc ar bhratacha nach bhfuil i mBéarla ná sa tSualainnis ag comórtas na hEoraifíse

Ní ceadmhach ag an gcomórtas atá ar siúl anocht meirgí a bhfuil teachtaireachtaí scríofa orthu i dteanga nach Béarla ná Sualainnis í – ní fheicfear mar sin bratach le ‘go n-éirí leat, a Nicky Byrne’ uirthi ag lucht tacaíochta na hÉireann

Supporters wave flags ahead of the Eurovision Song Contest 2014 Grand Final in Copenhagen, Denmark, on May 10, 2014. AFP PHOTO/JONATHAN NACKSTRAND (Photo credit should read JONATHAN NACKSTRAND/AFP/Getty Images)

Ni bheidh cead ag lucht freastail Chomórtas na hEoraifíse, a thosóidh sa tSualainn anocht, bratacha agus meirgí a bhfuil teachtaireachtaí tacaíochta orthu i dteanga ar bith seachas an Béarla nó an tSualainnis a chrochadh le linn an chomórtais.

D’eisigh lucht eagraithe an chomórtais ‘Polasaí Bratach’ athbhreithnithe an tseachtain seo i ndiaidh dóibh conspóid mhór a chruthú leis an gcéad pholasaí, ar foilsíodh dréacht de trí thimpiste an tseachtain seo caite.

Chuir an Eoraifís olc ar mhuintir Thír na mBascach nuair a chonacthas bratach na tíre sin, an ikurriña, taobh le bratach an Stáit Ioslamaigh ar liosta na siombailí a mbeadh cosc orothu ag an gcomórtas.

Ba í an ikurriña an t-aon bhratach réigiúnach ón Spáinn a bhí ar an ‘liosta dubh’. Ar an liosta céanna, bhí cosc freisin ar chrosaire Aindrias, bratach na hAlban, agus Y Ddraig Goch, bratach na Breataine Bige, rud a d’fhág nach bhfeicfeadh Joe Woolford, amhránaí an Ríochta Aontaithe, bratach a thíre féin agus é ar an stáitse i Stócólm Dé Sathairn.

Maolaíodh na rialacha, áfach, nuair a chuaigh Feisirí Eorpacha ó Thír na mBascach agus tíortha eile a raibh cosc ar a mbratach i dteagmháil le lucht eagraithe an chomórtais agus polaiteoirí na Sualainne.

De réir an pholasaí nua, ceadófar bratacha réigiúnacha sa chás go bhfuil amhránaí ón réigiúin ag canadh ar son a thíre sa chomórtas. Fágann sé sin go bhfeicfidh Woolford Y Ddraig Goch ar foluain os cionn an tslua.

Ceadófar freisin bratach gach tíre atá ag glacadh páirte sa chomórtas nó a ghlac páirt le deireanas, chomh maith le bratach an Aontais Eorpaigh, bratach gach ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe agus Bratach an Tuair Cheatha, nó an bhratach LGBT “mar shiombail de mheon na héagsúlachta agus na caoinfhulaingthe”.

Ní cheadófar, áfach, meirgí a bhfuil teachtaireachtaí scríofa orthu i dteanga nach Béarla ná Sualainnis í. Ní fheicfear, mar shampla, “go n-éirí leat, a Nicky Byrne” ag lucht tacaíochta na hÉireann.

Mhol Aontas Craolacháin na hEorpa go mbeifí tuisceanach maidir le bratacha eile a fhad is nach gcuirtear isteach ar mheon neamhpholaitiúil an chomórtais agus nach gcuirtear isteach ar an lucht féachana ná an lucht teilifíse.

Le cúpla bliain anuas, bíonn sé de nós ag an lucht féachana bratacha LGBT a chrochadh nuair a bhíonn amhránaithe de chuid na Rúise ar an stáitse mar agóid in aghaidh sheasamh rialtas na tíre sin ar cheist an phósta aeraigh agus an chaoi a gcaitear le daoine homaighnéasacha ann. Iarradh orthu siúd a bheidh ag freastal ar an gcomórtas gan a leithéid a dhéanamh i mbliana.

“Tá sé mar aidhm ag an EBU a chinntiú nach dtaispeántar ráitis pholaitiúla, teachtaireachtaí tráchtála nach bhfuil údaraithe ná maslaí, de réir na rialacha atá aontaithe ag rannpháirtithe an chomórtais. Maidir le Bratacha na Tuair Cheatha, seasann sí sin, go teicniúil, don éagsúlacht, rud atá ina chroíchuid den EBU,” a dúradh i ráiteas.

Fág freagra ar 'Cosc ar bhratacha nach bhfuil i mBéarla ná sa tSualainnis ag comórtas na hEoraifíse'

  • Seán

    thá san scanrúil! cad sa diabhal… scraiste mallaithe gach duine a thacaigh leis an gcinneadh tíoránta postúil úd. cad é cos ar bolg ar phobail bhreátha mhacánta ages piardaí móra impiriúlacha na hEorpa… fuil is gráin orthu.