Cosaint sa chibearspás agus cás tragóideach Ronan Hughes

Is maith gur ciontaíodh duine as dúmhál a d’fhág gur chuir stócach lámh ina bhás féin, ach údar imní é go raibh an pionós ró-éadrom

Cosaint sa chibearspás agus cás tragóideach Ronan Hughes

Dhá bhliain ó shin baineadh croitheadh as an bpobal nuair a chuir déagóir i gContae Thír Eoghain lámh ina bhás féin mar go rabhthas á dhúmháladh ar líne. Coiriúlacht idirnáisiúnta in aghaidh déagóra a bhí i gceist agus cothaíodh an-chuid ceisteanna faoi chumas na n-údarás déileáil leis an mbulaíocht agus sracadh airgid, gan trácht ar an gcontúirt do dhaoine leochaileacha.

Faoiseamh, dá laghad é, is ea gur ciontaíodh fear sa Rómáin faoin tragóid an tseachtain seo caite. I gcúirt i Timisoara phléadáil Iulian Enache, 31 bliain d’aois, ciontach as an dúmhál. Gearradh ceithre bliana i bpríosún air, téarma nár chuir bás Ronan Hughes san áireamh mar go bhfuil an dlí sa Rómáin difriúil. Beidh Enache i dteideal a shaortha i gceann dhá bhliain i ngeall ar mhaithiúnas agus am atá seirbheáilte aige ó gabhadh é.

Seacht mbliana déag a bhí Ronan Hughes, mac léinn i scoil ghraiméir, nuair a chuir sé lámh ina bhás féin i Meitheamh 2015. Bualadh bob air ar an idirlíon agus chuir sé pictiúir dhlúthphearsanta ar shuíomh. Bhain Enache úsáid as na híomhánna chun na mílte punt d’éiric a éileamh. Bhagair sé go bhfoilseofaí na pictiúir go forleathan mura n-íocfadh Ronan £3,300 leis.

D’inis an déagóir an scéal dá mhuintir a chuaigh ag an PSNI in Oileán an Ghuail ach nuair nach raibh dul chun cinn déanta ag póilíní tar éis roinnt laethanta fuarthas Ronan marbh. Cheistigh a mhuintir moill an PSNI ag an am ach thacaigh siad leis na póilíní san fhiosrú a lean an bás.

Fiosrú cuimsitheach idirnáisiúnta ab ea é. Bhí ról ag an PSNI, Áisíneacht Náisiúnta Choiriúlacht na Breataine, Interpol agus póilíní na Rómáine ann. Ba mhór an sásamh é gur éirigh leo an ciontóir a chúiseamh agus gur ciontaíodh é. Údar imní is ea an pionós gearr, áfach. Is bocht an scéal é nárbh fhéidir bás déagóra de thoradh an dúmháil a chur san áireamh sna cúisimh. Léiríonn se go bhfuil gá le comhordú ar dhlíthe go hidirnáisiúnta nuair is féidir le coirpigh leas a bhaint as an idirlíon beag beann ar theorainneacha. Cruthúnas is ea é seo go bhfuil comhoibriú idirnáisiúnta riachtanach chun dlíthe a neartú. Bímis ag súil nach gcuirfidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ná col Theresa May le cúirt na hEorpa isteach ar an gcuspóir sin.

Caithfear a bheith ag súil gur díspreagadh do choirpigh eile sa chibearspás é ciontú Enache. Tá a fhios anois go bhfuil lucht fiosraithe idirnáisiúnta in ann a theacht ar na ciontóirí. B’fhearr go mór dá mbeadh a fhios freisin go ngearrfaí pionós cuí orthu. Tráth a bhfuil an dioscúrsa idirnáisiúnta dírithe ar haiceáil agus radacú, ní mór a bheith aireach nach bhfágfar in áit na leathphingine an chontúirt atá i gcoiriúlacht den sórt seo do dhaoine óga.

Mhol an Príomh-Chigire san PSNI a bhí i bhfeighil an fhiosraithe muintir Ronan Hughes as a ndínit, a bhfoighid agus a gcomhoibriú. Níor chúiteamh do mhuintir Hughes ina mbris é ciontú Enache, a dúirt sé, ach b’ábhar sóláis é go mbeadh daoine óga eile slán ó Enache.

D’achainigh sé ar thuismitheoirí agus caomhnóirí a bheith airdeallach faoi shábháilteacht a bpáistí ar líne.

Tá cabhair, oiliúint agus tacaíocht le fáil ag daoine óga agus tuismitheoirí ó eagraíochta deonacha agus stáit. Tá cumainn chabhrach leanaí, Childline agus Internet Watch Foundation faoi réir i gcónaí chun cuidiú le daoine agus tá eagraíochtaí in ann pictiúir a bhaint den idirlíon go buan. Ach sa gcás go ndéanann duine botún a chuireann i gcontúirt é, ba cheart dó féin nó duine fásta thar a cheann dul ag na póilíní/gardaí ar an toirt. D’ainneoin na tubaiste a bhain do Ronan Hughes tá údar dóchais mar iarmhairt air.

Fág freagra ar 'Cosaint sa chibearspás agus cás tragóideach Ronan Hughes'